An difríocht idir athruithe ar: "Ronnie Drew"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: fr:Ronnie Drew; cosmetic changes
m róbat ag suimiú: it:Ronnie Drew
Líne 60: Líne 60:
[[fi:Ronnie Drew]]
[[fi:Ronnie Drew]]
[[fr:Ronnie Drew]]
[[fr:Ronnie Drew]]
[[it:Ronnie Drew]]
[[nl:Ronnie Drew]]
[[nl:Ronnie Drew]]
[[no:Ronnie Drew]]
[[no:Ronnie Drew]]

Leagan ó 00:39, 11 Eanáir 2010

Teimpléad:Bosca Sonraí banna

B'amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta Éireannach é Ronnie Drew (16 Meán Fómhair 193416 Lúnasa 2008). Bhí sé ina phríomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil thraidisiúnta The Dubliners, rud a thuill an cháil is mó dó le linn a ghairm cheoil. Chuir sé tús le gairm cheoil mar amhránaí aonair sa bhliain 1995.

Óige

Rugadh Ronnie Drew i nDún Laoghaire sa bhliain 1934. Chaith sé tamall i Sevilla na Spáinne sna 1950idí ag múineadh Béarla agus ag foghlaim cheol na Spáinne agus bhain sé líofacht amach sa Spáinnis ansin.[1]

The Dubliners

Bhunaigh Ronnie Drew The Dubliners in éineacht le Luke Kelly, Ciaran Bourke agus Barney McKenna i 1962. Bhí an t-ainm The Ronnie Drew Group orthu ar dtús, ach ghlac siad an t-ainm The Dubliners chucu féin de réir a chéile. Aithníodh Ronnie as an nguth greanach a bhí aige agus é ag canadh agus chuir muintir Bhaile Átha Cliath aithne orthu agus ar a gcuid ceoil le linn dóibh a bheith ag seinm go rialta i dTeach Tábhairne O'Donoghue's ar Rae Mhuirfean. Díríodh aird mhór ar an mbanna nuair a bhí amhrán mór-ráchairte acu i gcairteacha ceoil na Ríochta Aontaithe sa bhliain 1967, mar atá, Seven Drunken Nights agus chuaigh an grúpa ar an gclár ceoil cáiliúil, Top of the Pops, chun é a chasadh. Ach chuir RTÉ cosc ar chasadh an amhráin ar a stáisiúin siúd mar gheall ar liricí an amhráin a bheith gáirsiúil, dar leo.

Ach d'éirigh Ronnie tinn tuirseach den síorthaisteal a bhí á dhéanamh ag an mbanna de réir a chéile agus d'fhág sé an banna ar feadh tréimhse idir 1975 agus 1979. D'fhág sé an grúpa go buan ina dhiaidh sin, i 1995. Tugadh onóir dó mar cheoltóir ar 22 Lúnasa 2006 nuair a feistíodh múnla de lorg a lámh ar an gcosán taobh amuigh d'Amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath.[2]

Bás

Fuair Ronnie Drew bás ag 2.40in ar 16 Lúnasa 2008 in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath.[3] Bhí ailse scornaí air le tamall fada roimhe sin agus bhí a bhean chéile tar éis bás a fháil an bhliain roimhe sin.[4] Cuireadh é sna Clocha Liatha, i gContae Chill Mhantáin, áit a raibh sé ag cur faoi le fada go dtí gur bhásaigh sé.[5] Bhí beirt pháistí acu, mar atá, Phelim agus Clíodhna.

Dioscliosta

  • Ronnie Drew (1975)
  • Guaranteed (1978)
  • Dirty Rotten Shame (1995)
  • The Humour Is On Me Now (1999)
  • A Couple More Years (le Eleanor Shanley) (2000)
  • An Evening With Ronnie Drew (2004)
  • El Amor De Mi Vida (le Eleanor Shanley) (2006)
  • A New World (EP) (2006)
  • There's Life In The Old Dog Yet (2006)
  • Pearls (album) (le Grand Canal) (2007)

Tagairt

Naisc Sheachtracha