An difríocht idir athruithe ar: "Dervla Murphy"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 5: Líne 5:
Ba as [[Baile Átha Cliath]] tuismitheoirí Dervla Murphy ón tús. Chuir siad fúthu i Lios Mór i gContae Phort Láirge i ndiaidh a hathair a beith ceaptha mar leabharlannaí chontae ansin. Nuair a bhí sí bliain d’aois, bhuail an t-airtríteas scoiltigh a máthair. Moladh dóibh gan a thuilleadh páistí a bheith acu agus mar sin d’fhás Dervla aníos ina haonar.
Ba as [[Baile Átha Cliath]] tuismitheoirí Dervla Murphy ón tús. Chuir siad fúthu i Lios Mór i gContae Phort Láirge i ndiaidh a hathair a beith ceaptha mar leabharlannaí chontae ansin. Nuair a bhí sí bliain d’aois, bhuail an t-airtríteas scoiltigh a máthair. Moladh dóibh gan a thuilleadh páistí a bheith acu agus mar sin d’fhás Dervla aníos ina haonar.


Ó luathaois, rinne sí cinneadh ar thaisteal a dhéanamh. Thug a tuismitheoirí rothar áthláimhe di mar bhronntanas ar ócáid a deichiú breithlá agus fuair sí sean[[atlas]] óna “Pappa” (.i. a seanathair). Is cuimhin le Dervla go fóill cá háit a raibh sí nuair a chinn sí ar a dhul go dtí an India lá eigin ar a rothar. Leathbhealach suas mála crochta in aici le Lios Mór, bhuail an smaoineamh í gurbh fhéidir léi [[an India]] a bhaint amach dá leanfadh sí ar aghaidh mar sin.<ref> Murphy, D. (1979) ''Wheels Within Wheels.''</ref>
Ó luathaois, rinne sí cinneadh ar thaisteal a dhéanamh. Thug a tuismitheoirí rothar áthláimhe di mar bhronntanas ar ócáid a deichiú breithlá agus fuair sí sean[[atlas]] óna “Pappa” (.i. a seanathair). Is cuimhin le Dervla go fóill cá háit a raibh sí nuair a chinn sí ar a dhul go dtí an India lá eigin ar a rothar. Leathbhealach suas mála crochta in aici le Lios Mór, bhuail an smaoineamh í gurbh fhéidir léi [[an India]] a bhaint amach dá leanfadh sí ar aghaidh mar sin.


D’fhreastail Murphy ar an meánscoil ag an gClochar [[Ord na nUrsalach|Ursalach]] i bPort Láirge, ach d’imigh sí in aois 14 bliana di le haire a thabhairt dona máthair mhíchumasach. Sé bliana ní ba dhéanaí, thosaigh sí ar roinnt turas gearr: go dtí [[an Bhreatain Bheag]] agus go deisceart [[Sasana|Shasana]] sa bhliain 1951, go dtí [[an Bheilg]], [[an Ghearmáin]], agus [[an Fhrainc]] an bhliain ina dhiaidh sin, agus dhá thuras go dtí [[an Spáinn]], in 1954 agus 1956. Bhí roinnt alt faoin taisteal foilsithe aici san iris úd [[Hibernia]] agus ar an [[Irish Independent]], ach thug na foilsitheoirí cúl láimhe lena leabhar taistil faoin Spáinn.
D’fhreastail Murphy ar an meánscoil ag an gClochar [[Ord na nUrsalach|Ursalach]] i bPort Láirge, ach d’imigh sí in aois 14 bliana di le haire a thabhairt dona máthair mhíchumasach. Sé bliana ní ba dhéanaí, thosaigh sí ar roinnt turas gearr: go dtí [[an Bhreatain Bheag]] agus go deisceart [[Sasana|Shasana]] sa bhliain 1951, go dtí [[an Bheilg]], [[an Ghearmáin]], agus [[an Fhrainc]] an bhliain ina dhiaidh sin, agus dhá thuras go dtí [[an Spáinn]], in 1954 agus 1956. Bhí roinnt alt faoin taisteal foilsithe aici san iris úd [[Hibernia]] agus ar an [[Irish Independent]], ach thug na foilsitheoirí cúl láimhe lena leabhar taistil faoin Spáinn.

Leagan ó 00:01, 4 Eanáir 2010

Is scríbhneoir Éireannach í Dervla Murphy (ar an 28 Mí na Samhna 1931 a rugadh í) atá tugtha don taisteal, go mór mhór ar rothar nó, corruair, ar mhiúil no ar chapall. Tá sí ag scríobh leabhar faoina cuid eachtraí taistil le corradh agus dhá scór bliain anuas. Rinne sí an chuid ba mhó den taisteal seo ina haonar nó lena hiníon, gan ach na rudaí is bunúsaí á dtabhairt léi ach ag brath ar fhlaithiúlacht na ndaoine áitiúla. In ainneoin cuid mhór den domhan a bheith siúlta aici, cónaíonn sí go fóill san áit ar rugadh í, is é sin, Lios Mór i gContae Phort Láirge.

A Luathshaol

Ba as Baile Átha Cliath tuismitheoirí Dervla Murphy ón tús. Chuir siad fúthu i Lios Mór i gContae Phort Láirge i ndiaidh a hathair a beith ceaptha mar leabharlannaí chontae ansin. Nuair a bhí sí bliain d’aois, bhuail an t-airtríteas scoiltigh a máthair. Moladh dóibh gan a thuilleadh páistí a bheith acu agus mar sin d’fhás Dervla aníos ina haonar.

Ó luathaois, rinne sí cinneadh ar thaisteal a dhéanamh. Thug a tuismitheoirí rothar áthláimhe di mar bhronntanas ar ócáid a deichiú breithlá agus fuair sí seanatlas óna “Pappa” (.i. a seanathair). Is cuimhin le Dervla go fóill cá háit a raibh sí nuair a chinn sí ar a dhul go dtí an India lá eigin ar a rothar. Leathbhealach suas mála crochta in aici le Lios Mór, bhuail an smaoineamh í gurbh fhéidir léi an India a bhaint amach dá leanfadh sí ar aghaidh mar sin.

D’fhreastail Murphy ar an meánscoil ag an gClochar Ursalach i bPort Láirge, ach d’imigh sí in aois 14 bliana di le haire a thabhairt dona máthair mhíchumasach. Sé bliana ní ba dhéanaí, thosaigh sí ar roinnt turas gearr: go dtí an Bhreatain Bheag agus go deisceart Shasana sa bhliain 1951, go dtí an Bheilg, an Ghearmáin, agus an Fhrainc an bhliain ina dhiaidh sin, agus dhá thuras go dtí an Spáinn, in 1954 agus 1956. Bhí roinnt alt faoin taisteal foilsithe aici san iris úd Hibernia agus ar an Irish Independent, ach thug na foilsitheoirí cúl láimhe lena leabhar taistil faoin Spáinn.

Fuair a céad leannán, Godfrey, bás thar lear sa bhliain 1958 agus d’éirigh a hathair tinn leis an neifríteas, seachghalar de chuid an fliú. Fuair seisean bás i mí Feabhra na bliana 1961 agus lean máthair Dervla é i mí Lúnasa an bhliain ina dhiaidh sin. Bhí Murphy saor ansin óna cuid dualgaisí teaghlaigh agus faoi dheireadh bhí an bealach fada soir go dtí an India ag fanacht léi. Cheap Murphy gur dea-ullmhúchán cruatan agus bochtanas a hóige don sórt taistil a bhí ceaptha aici.

Foilseacháin

  • Full Tilt: Ireland to India with a Bicycle, 1965.
  • Tibetan Foothold, 1966.
  • The Waiting Land: A Spell in Nepal, 1967.
  • In Ethiopia with a Mule, 1968.
  • On a Shoestring to Coorg: An Experience of South India, 1976.
  • Where the Indus Is Young: A Winter in Baltistan, 1977.
  • A Place Apart, 1978.
  • Wheels Within Wheels (dírbheathaisnéis), 1979.
  • Race to the Finish? The Nuclear Stakes, 1982.
  • Muddling Through in Madagascar, 1985.
  • Changing the Problem: Post-forum Reflections, 1985.
  • Ireland, Orbis, 1985.
  • Eight Feet in the Andes: Travels with a Mule in Unknown Peru, 1986.
  • Tales from Two Cities: Travels of Another Sort, 1987.
  • Cameroon with Egbert, 1990.
  • Transylvania and Beyond, 1993.
  • The Ukimwi Road: From Kenya to Zimbabwe, 1995.
  • Visiting Rwanda, 1998.
  • South From the Limpopo: Travels Through South Africa, 1999.
  • One Foot in Laos, 2001
  • Through the Embers of Chaos: Balkan Journeys, 2003.
  • Through Siberia by Accident, 2005.
  • Silverland: A Winter Journey Beyond the Urals, 2006
  • The Island That Dared, 2008 (taisteal i gCúba)