An difríocht idir athruithe ar: "Dick Cheney"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
+ síniú
Líne 12: Líne 12:
|céile =Lynne Vincent
|céile =Lynne Vincent
|gairm =Fear gnó (POF Halliburton go 2000)
|gairm =Fear gnó (POF Halliburton go 2000)
|síniú = Dick_Cheney_signature.svg
|}}
|}}



Leagan ó 07:37, 22 Nollaig 2009

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir

Fear gnó agus polaiteoir Meiriceánach is ea é Richard Bruce Cheney. Bhí sé ina 46ú leasuachtarán ar Stát Aontaithe Mheiriceá, nuair a bhí George W. Bush ina Uachtarán.

Saol

Rugadh i Lincoln, Nebraska ar an 30 Eanáir, 1941 é. Ba iad Richard Herbert Cheney agus Marjorie Dickey Cheney a thuismitheoirí. D'oibrigh a athair i Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe. Tá deirfiúr amháin agus dearthair amháin aige. D'fhás sé aníos i gCasper, Wyoming agus bhuail sé lena bhean chéile Lynne Vincent san ardscoil, nuair nach raibh ach ceithre bliana déag slánaithe aige. Tar éis an ardscoil, bhuaigh Cheney scoláireacht chun freastail ar Ollscoil Yale sa bhliain 1959, ach d'fhág sé í de dheasca drochmhairceanna sna scrúdaithe. Sa bhliain 1963, chuaigh sé go dtí Coláiste Pobail Casper agus tar éis sin d'fhreastal sé ar Ollscoil Wyoming. Bhain sé céim amach sa bhliain 1965 agus máistireacht in eolaíocht na polaitíochta sa bhliain 1966. Bhí Cheney ina POF ar an gcomhlacht Halliburton go dtí an bliain 2000. Ní creideann sé i dtéamh domhanda.

Cheney agus Sultan bin Abdul Aziz Al Saud roimh an ionradh Chuáit, Nollaig 1990