An difríocht idir athruithe ar: "Idirnáisiúntas Sóisialach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
ceartlitriú
Líne 8: Líne 8:


==Nasc seachtrach==
==Nasc seachtrach==
*[http://www.socialistinternational.org/ An t-Idirnáisiúntán Sóisialach] - súiomh oifigiúil (Béarla, Fraincis agus Spáinnis)
*[http://www.socialistinternational.org/ An tIdirnáisiúntán Sóisialach] - súiomh oifigiúil (Béarla, Fraincis agus Spáinnis)


{{stumpa}}
{{stumpa}}

Leagan ó 10:48, 2 Aibreán 2006

Is é an rud atá san Idirnáisiúntán Sóisialach (nó IS) ná eagraíocht idirnáisiúnta do pháirtithe polaitíochta a sheasann don daonlathas sóisialach agus don tSóisialachas daonlathach. Tá foireann rúnaíochta an Idirnáisiúntáin lonnaithe i Londain. I measc a chuid ballpháirtithe tá Páirtí Lucht Oibre na Breataine Móire, Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (Tuaisceart Éireann), Páirtí Lucht Oibre Phoblacht na hÉireann, Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine, Sóisialaigh Dhaonlathacha na Stát Aontaithe, Páirtí Lucht Oibre na hAstráile, Páirtí Nua Daonlathach Cheanada, agus go leor eile.

Stair

Téann stair an Idirnáisiúntáin Shóisialaigh ar ais go dtí bunú an Dara hIdirnáisiúntán, sa bhliain 1889. Tháinig scoilt ar an Idirnáisiúntán seo nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, agus hathbhunaíodh, mar Idirnáisiúntán na Sóisialach agus an Lucht Oibre, sa bhliain 1923 é. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh cuid mhaith de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntáin seo faoi chois, agus tháinig sé le chéile arís i ndiaidh an chogaidh. B'ansin a fuair sé an t-ainm atá ar an eagraíocht inniu.

Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuidigh an tIdirnáisiúntán Sóisialach le bunú nó athbhunú páirtithe daonlathacha sóisialacha i dtíortha a bhí ag teacht chucu arís i ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh ina ndeachtóireachtaí, ar nós na Portaingéile agus na Spáinne. Sna hochtóidí, bhí cuid mhór de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntáin ag tacú leis na Saindinistithe i Nicearagua, agus an páirtí seo i ndiaidh naimhdeas na Stát Aontaithe a tharraingt air lena chuid polasaithe cléacha. Idir an dá linn, d'fháiltigh an tIdirnáisiúntán an páirtí Saindinistíoch mar bhallpháirtí, maille le páirtithe áirithe iar-Chumannacha, ar nós na nDaonlathach Clé ón Iodáil agus FRELIMO ó Mhósaimbíc.

Nasc seachtrach