An difríocht idir athruithe ar: "CLG Fánaithe na Camóige"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{glanadh}}
{{Bosca Eolais club CLG|
{{Bosca Eolais club CLG|
Club CLG = Fánaithe na Camóige |
Club CLG = Fánaithe na Camóige |

Leagan ó 10:55, 21 Nollaig 2009

Fánaithe na Camóige
Béarla: Camogue Rovers
Bunaithe: 1926
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sóisear B
Iomáint: Sóisear B
Dathanna: Glas is buí
Páirc: Meánas, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Fánaithe na Camóige.

Suíomh

Tá sé bunaithe sa chuid thiar thuaidh de pharóiste Brú na Déise/Meánas/An Ghráinsigh i lár Chontae Luimnigh, 20km ó dheas ó Cathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Meánas agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar bhruach Abhann na Camóige ar nós An Crián, Cathair an Ghiolla Mhóir agus Cúil Fhionn agus Cuilleanach ach is féidir le iomanaithe agus peileadóirí ón gcuid eile den pharóiste timpeall baile Brú na Déise imirt leo freisin.

Cluichí

Imrítear peil agus iomáint agus d’ainneoin traidisiún na hiomána a bheith níos láidre sa cheanntair, cuireann an club an béim céanna ar an dá chód faoi láthair.

Níl aon club na nóg dá gcuid féin ag Fánaithe na Camóige agus imríonn peileadóirí agus iománaithe uile an pharóiste le Brú na Déise. Tugtar an t-ainm An Ghráinsigh ar an bhfoireann faoi-21 nuair a bhíonn sí nascaithe le club ó pharóiste eile.

Stair

Bunaíodh an club sa bhliain 1925 nuair a bhí CLG sa chontae ag teacht ar ais chuige féin i ndiaidh na dTrioblóidí. Roimhe sin, ní raibh ach an club amháin sa pharóiste, Brú na Déise, ach is cosúil gur thárla achrann inmheánach iontu i ndiaidh iad cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1925 a chailliúint i gcoinne An Chaisleáin Nua Thiar.

Bhuaigh Fánaithe na Camóige Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt ar an gcéad iarracht sa bhliain 1926 ach, tar éis An tOspidéal buachaint orthu sa bhliain 1929, níor shroicheadar cluiche ceannais an chomórtais sin arís riamh. Le linn blianta na 1950í, thit an club as a chéile ar feadh roinnt blianta agus, i ndiaidh á atheagrú, d’éirigh níos fearr leo sa pheil ar dtús.

Bhuadar Craobh Peile Sóisear an Deiscirt sa bhliain 1970 agus bhuaigh Gallbhaile orthu i gcluiche ceannais na bliana dár gcionn ach thit imirt an dá chód siar le linn blianta na 1980í. Ós rud é go rabhadar i gconaí faoi scáth Brú na Déise, tá Na Fánaithe ag imirt na peile agus na hiomána sa ghrád sóisear B ón am sin i leith. Tar éis dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar {{CLG Garrdha Uí Spiolláin|Gharrdha Uí Spiolláin]] chun Croabh an Deiscirt a ghabháil, bhuaigh An Cheapach orthu i gcluiche cheannais Craobh Peile Sóisear B Chontae Luimnigh sa bhliain 1995. Shroicheadar cluiche leath-cheannais craobh an chontae sa ghrád sin san iomáint sa bhliain 2002 nuair a bhuadar Craobh Sóisear B an Deiscirt.

Páirc Imirthe

Cheannaigh Fánaithe na Camóige a bpáirc imirthe lámh le sráidbhaile Meánas le linn blianta na 1950í.

Imreoirí Cáiliúile

D’imir Pádraig Mac Aodha (Patsy Keyes) ar fhoireann peile Luimnigh le linn blianta na 1990í.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).