An difríocht idir athruithe ar: "An Éigeandáil"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Rv. That pic is from 1915. Wrong war. Wrong context.
m róbat ag suimiú: nl:Noodtoestand (Ierland)
Líne 23: Líne 23:
[[en:The Emergency (Ireland)]]
[[en:The Emergency (Ireland)]]
[[es:La Emergencia]]
[[es:La Emergencia]]
[[nl:Noodtoestand (Ierland)]]
[[pt:A Emergência]]
[[pt:A Emergência]]

Leagan ó 17:35, 16 Nollaig 2009

Éamon de Valera, Taoiseach na hÉireann le linn Ré na Práinne.

Ré na Práinne (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma Béarla Emergency) a thugtar ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda in Éirinn (1940-1945). Bhí Tuaisceart Éireann ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na Ríochta Aontaithe go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an Saorstát taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.


Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun Tuaisceart Éireann a ghabháil ar ais agus Sasana i gcruachás. Bheadh sé deacair, go polaitiúil, seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe. Ar chúiseanna praiticiúla, thug rialtas Éamon de Valera tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na Gearmáine.

De réir mar a deir Thomas Hennessy ina leabhar The History of Northern Ireland, bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag Hitler, agus iad suite siúráilte go raibh an Naitsíochas ag iarraidh an Chríostaíocht a chur de dhroim an tsaoil. Bhí an Tiarna Craigavon, a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha an tsaoil, an mbeadh sé sásta an Teorainn a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine. Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na hAontachtóirí i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na gCaitliceach, ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.

Bhí ciondáil i bhfeidhm sa tír de dheasca an ghanntanais, agus seiftiúlacht de dhíth ar an stát chomh maith leis an saoránach. Baineadh an-úsáid as na portaigh chun móin a sholáthar do na bailte móra. Go dtí sin, bhí an tír go mór i dtuilleamaí an ghuail a bhí á iomportáil ón Bhreatain Mhór. Sampla is ea é seo den dóigh ar tharraing muintir na hÉireann ar acmhainní a dtíre féin, nuair a bhí an soláthar ó na tíortha eile ag rith gann.

Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an Ghaeilge san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe Glúin na Buaidhe (leagan Ultach é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh Gearóid Ó Cuinneagáin agus Proinsias Mac an Bheatha ina bun. Craobh de chuid an Chonartha a bhí ann ar dtús, Craobh na hAiséirí.

Méadaíodh an tArm go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach san Fhórsa Cosanta Áitiúil chomh maith, agus iad ar an airdeall in aghaidh ionradh ó gach taobh. Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn orthu a raibh "Ré na Práinne" scríofa orthu i nGaeilge.

D'imtheorannaigh na húdaráis lucht leanúna an IRA ar feadh an chogaidh. Bunaíodh campa géibhinn dóibh i gCurach Chill Dara, agus iad á gcoinneáil ansin go deireadh an chogaidh. Bhí Máirtín Ó Cadhain ansin chomh maith le duine, agus chaith sé an t-am ag cumadh an úrscéil cháiliúil úd Cré na Cille. Is féidir an t-úrscéal a léamh mar mheafar ar bhlianta an bhraighdeanais.