An difríocht idir athruithe ar: "Ballaonaid Chónaidhm na Rúise"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ace:Subjèk-subjèk Fèderal di Rusia |
m róbat ag suimiú: hy:Ռուսաստանի վարչական բաժանում |
||
Líne 40: | Líne 40: | ||
[[hr:Ruski federalni subjekti]] |
[[hr:Ruski federalni subjekti]] |
||
[[hu:Oroszország közigazgatási felosztása]] |
[[hu:Oroszország közigazgatási felosztása]] |
||
[[hy:Ռուսաստանի վարչական բաժանում]] |
|||
[[it:Soggetti federali della Russia]] |
[[it:Soggetti federali della Russia]] |
||
[[ja:ロシア連邦の地方区分]] |
[[ja:ロシア連邦の地方区分]] |
Leagan ó 01:37, 7 Nollaig 2009
Tá Cónaidhm na Rúise comhdhéanta as cúig bhallaonad is ceithre scór, agus beirt ionadaithe ag gach aonad riaracháin den chineál sin i gComhairle na Cónaidhme, arb é teach uachtarach na Parlaiminte sa Rúis. Is féidir na haonaid seo a aicmiú ina sé chatagóir, mar atá, poblachtaí, cúigí - область/oblast´ an téarma Rúisise, críocha (край/krai an téarma Rúisise), cúigí féinrialaitheacha (автономная область/avtonomnaya oblast' an téarma Rúisise), ceantair fhéinrialaitheacha (Rúisis: автономный округ/avtonomnyi okrug) agus Cathracha Cónaidhme.
- Na poblachtaí féinrialaitheacha: tá aon cheann fichead acu ann. Tá gach poblacht den chineál seo ainmnithe as mionlach eitneach áitiúil, agus i dtús báire, bunaíodh iad le féinrialtas de chineál éigin a chur ar fáil don mhionlach. Go praiticiúil, is minic a bhíonn an Rúisis agus an cultúr Rúiseach chun tosaigh sna poblachtaí seo. Tá a bunreacht agus a parlaimint féin ag gach poblacht den chineál seo.
- Na cúigí: is é an cúige an ballaonad is tipiciúla sa Chónaidhm. Tá seacht gceann is dhá scór acu ann. Gobharnóir atá i gceannas ar gach cúige, agus is é an rialtas lárnach i Moscó a cheapann é. Thairis sin, tá oireachtas de chineál éigin ann, agus na teachtaí á vótáil isteach sna toghcháin. Go ginearálta, is ionann ainm an chúige agus ainm na cathrach is mó sa chúige.
- Na críocha: ocht gcinn acu atá ann. Níl mórán difríochta idir iad seo agus na cúigí. Ainm stairiúil is ea é "críoch", agus é ag tabhairt le tuiscint gur réigiún in aice leis an teorainn a bhí ann ar dtús.
- Na cúigí féinrialaitheacha. Níl ach aon cheann amháin ann: Cúige Féinrialaitheach na nGiúdach. Bunaíodh é sa bhliain 1934 mar "mhalairt Iosrael" do na Giúdaigh, nó bhí Stailín buartha faoin Siónachas agus faoin tionchar a bhí aige ar Ghiúdaigh an Aontais Shóivéadaigh. Le fírinne, tá an cúige suite sa Chian-Oirthear, cois na Síne, agus is beag Giúdach a bhí sásta socrú síos ansin.
- Na ceantair fhéinrialaitheacha. Tá sé cinn ann. Tá siad idir eatarthu ó thaobh an stádais de - níl siad chomh féinrialaitheach leis na poblachtaí, ach tá siad níos féinrialaithí ná na gnáthchúigí. Le haghaidh na mionlach eitneach a bunaíodh na ceantair seo, cosúil leis na poblachtaí féinrialaitheacha.
- Cathracha na Cónaidhme. Dhá Chathair Chónaidhme atá ann - Moscó agus Cathair Pheadair, ar ndóigh.