An difríocht idir athruithe ar: "An Deilf"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: sah:Дельфин (сулустар бөлөхтөрө); cosmetic changes
Líne 11: Líne 11:
acharrangú = 69ú |
acharrangú = 69ú |
líonréaltaí = 0 |
líonréaltaí = 0 |
réaltainm = Rotanev ([[Beta_Delphini|β Del]]) |
réaltainm = Rotanev ([[Beta Delphini|β Del]]) |
réaltmhéid = 3.63 |
réaltmhéid = 3.63 |
dreigecheathanna = Dada |
dreigecheathanna = Dada |
teorantacha =
teorantacha =
*[[an Sionnach]]
* [[an Sionnach]]
*[[an tSaighead]]
* [[an tSaighead]]
*[[an tIolar]]
* [[an tIolar]]
*[[an tUisceadóir]]
* [[an tUisceadóir]]
*[[an Capall Beag]]
* [[an Capall Beag]]
*[[Peigeasas (réaltbhuíon)|Peigeasas]] |
* [[Peigeasas (réaltbhuíon)|Peigeasas]] |
uasleithead = 90 |
uasleithead = 90 |
íosleithead = 70 |
íosleithead = 70 |
mí = Meán Fómhair |
mí = Meán Fómhair |
nótaí=}}
nótaí=}}
Is [[réaltbhuíon]] bheag thuaisceartach í '''an Deilf''' atá i ngar don [[meánchiorcalneamhaí|mheánchiorcal neamhaí]]. Bhí sí ar chlár na 48 réaltbhuíon a leag amach [[Tolamaes]] sa dara aois, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an [[ARI|tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] leo. Is é '''Delphinus''', a chiallaíonn ''[[deilf]]'', an t-ainm [[Laidin|Laidine]] a thugtar uirthi.
Is [[réaltbhuíon]] bheag thuaisceartach í '''an Deilf''' atá i ngar don [[meánchiorcalneamhaí|mheánchiorcal neamhaí]]. Bhí sí ar chlár na 48 réaltbhuíon a leag amach [[Tolamaes]] sa dara aois, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an [[ARI|tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] leo. Is é '''Delphinus''', a chiallaíonn ''[[deilf]]'', an t-ainm [[Laidin]]e a thugtar uirthi.


Tá an-chosúlacht le deilf aici agus í ag léimneach de bharr na dtonnta; mar sin de is an-fhurasta í a aithint ar an spéir. Tá an Deilf teorainn ar theorainn leis na réaltbhuíonta seo a leanas (deiseal, ag tosach ar an taobh thuaidh): [[an Sionnach]], [[an tSaighead]], [[an tIolar]], [[an tUisceadóir]], [[an Capall Beag]] and faoi dheireadh an capall sciathánach [[Peigeasas (réaltbhuíon)|Peigeasas]].
Tá an-chosúlacht le deilf aici agus í ag léimneach de bharr na dtonnta; mar sin de is an-fhurasta í a aithint ar an spéir. Tá an Deilf teorainn ar theorainn leis na réaltbhuíonta seo a leanas (deiseal, ag tosach ar an taobh thuaidh): [[an Sionnach]], [[an tSaighead]], [[an tIolar]], [[an tUisceadóir]], [[an Capall Beag]] and faoi dheireadh an capall sciathánach [[Peigeasas (réaltbhuíon)|Peigeasas]].


==Príomhghnéithe==
== Príomhghnéithe ==
*[[Alpha_Delphini|α Del]]: dá ngairtear '''Sualocin'''; ar [[aicme speictreach]] B9 IV, agus ar [[amharcmhéid|méid]] 3.77; is [[ilréalta]] í seo agus 6 chomhbhall aici
* [[Alpha Delphini|α Del]]: dá ngairtear '''Sualocin'''; ar [[aicme speictreach]] B9 IV, agus ar [[amharcmhéid|méid]] 3.77; is [[ilréalta]] í seo agus 6 chomhbhall aici


*[[Beta_Delphini|β Del]]: dá ngairtear '''Rotanev'''; F5 IV, ar méid 3.63
* [[Beta Delphini|β Del]]: dá ngairtear '''Rotanev'''; F5 IV, ar méid 3.63


*[[Gamma_Delphini|γ Del]]: ar cheann de na [[réalta dhúbailte|réaltaí dhúbailte]] is áille atá ar an spéir
* [[Gamma Delphini|γ Del]]: ar cheann de na [[réalta dhúbailte|réaltaí dhúbailte]] is áille atá ar an spéir
**&gamma;<sup>1</sup> Del: F7&nbsp;V, ar méid 5.14
** γ<sup>1</sup> Del: F7&nbsp;V, ar méid 5.14
**&gamma;<sup>2</sup> Del: K1&nbsp;IV, ar méid 4.27
** γ<sup>2</sup> Del: K1&nbsp;IV, ar méid 4.27


*[[Delta_Delphini|&delta; Del]]: A7&nbsp;IIIp, ar méid 4.43
* [[Delta Delphini|δ Del]]: A7&nbsp;IIIp, ar méid 4.43


*'''Cónra Iób:''' comhdhéanann na ceithre réaltaí thuas-luaite astaireacht darb ainm ''Cónra Iób''
* '''Cónra Iób:''' comhdhéanann na ceithre réaltaí thuas-luaite astaireacht darb ainm ''Cónra Iób''


*[[Epsilon_Delphini|&epsilon; Del]]: dá ngairtear Deneb Dulfim (''ruball na Deilfe''); B6&nbsp;III, ar méid 4.0
* [[Epsilon Delphini|ε Del]]: dá ngairtear Deneb Dulfim (''ruball na Deilfe''); B6&nbsp;III, ar méid 4.0


*[[R_Delphini|R Del]]: is [[réalta athraitheach fhadtréimhseach]] í seo cosúil le [[Mira Ceti]]; ar tréimhse 285.5 lá; comhathraíonn an [[amharcmhéid]] ó 7.6 go 13.8
* [[R Delphini|R Del]]: is [[réalta athraitheach fhadtréimhseach]] í seo cosúil le [[Mira Ceti]]; ar tréimhse 285.5 lá; comhathraíonn an [[amharcmhéid]] ó 7.6 go 13.8




==Réada suntasacha domhainspéire==
== Réada suntasacha domhainspéire ==


*[[NGC 6891]]: [[réaltnéal pláinéadach]]; ar méid 10.5
* [[NGC 6891]]: [[réaltnéal pláinéadach]]; ar méid 10.5


*[[NGC 6934]]: [[réaltbhraisle chruinneogach]]; ar méid 9.75
* [[NGC 6934]]: [[réaltbhraisle chruinneogach]]; ar méid 9.75


*[[NGC 7006]]: 185,000 [[solasbhliain]] i bhfad i gcéin; is an-imigéiniúil an réaltbhraisle chruinneogach seo atá ar méid 11.5
* [[NGC 7006]]: 185,000 [[solasbhliain]] i bhfad i gcéin; is an-imigéiniúil an réaltbhraisle chruinneogach seo atá ar méid 11.5




==Stair==
== Stair ==
Ní théann siar go dtí an seansaol, mar a cheapfaí, ainmneacha an dá réalt is gile atá ar an réaltbhuíon seo, Sualocin (Alfa Delphini) agus Rotanev (Beta Delphini). A mhalairt ar fad: tá an dá chuid le chéile nua go maith. Chonacthas i gcló don chéad uair iad ar réaltchatalóg a d'fhoilsigh [[Réadlann Palermo]] san Iodáil sa bhliain [[1814]]. Má léitear droim ar ais iad, litríonn siad an t-ainm Nicolaus Venator, leagan Laidine ar ainm stiúrthóra chúnta na réadlainne sin ag an am sin: Niccolò Cacciatore. Is éard is brí le Cacciatore agus Venator araon ná "sealgaire".
Ní théann siar go dtí an seansaol, mar a cheapfaí, ainmneacha an dá réalt is gile atá ar an réaltbhuíon seo, Sualocin (Alfa Delphini) agus Rotanev (Beta Delphini). A mhalairt ar fad: tá an dá chuid le chéile nua go maith. Chonacthas i gcló don chéad uair iad ar réaltchatalóg a d'fhoilsigh [[Réadlann Palermo]] san Iodáil sa bhliain [[1814]]. Má léitear droim ar ais iad, litríonn siad an t-ainm Nicolaus Venator, leagan Laidine ar ainm stiúrthóra chúnta na réadlainne sin ag an am sin: Niccolò Cacciatore. Is éard is brí le Cacciatore agus Venator araon ná "sealgaire".




==Miotaseolaíocht==
== Miotaseolaíocht ==
Baineann an réaltbhuíon seo le dhá scéal thábhachtacha as [[miotaseolaíocht na Gréige]].
Baineann an réaltbhuíon seo le dhá scéal thábhachtacha as [[miotaseolaíocht na Gréige]].


Líne 68: Líne 68:




==Féach fosta==
== Féach fosta ==
* [[Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Deilf]]
* [[Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Deilf]]
* [[Poisíodón]]
* [[Poisíodón]]




==Naisc sheachtracha==
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.alcyone.de/SIT/bsc/ Yale Bright Star Catalog]
* [http://www.alcyone.de/SIT/bsc/ Yale Bright Star Catalog]
* [http://homepage.ntlworld.com/robin.gatter/data/Del.htm an Deilf ar shuíomh Robin Gatter]
* [http://homepage.ntlworld.com/robin.gatter/data/Del.htm an Deilf ar shuíomh Robin Gatter]
Líne 87: Líne 87:




==Tagairtí==
== Tagairtí ==
*{{Tagairt leabhair|Údar=Burnham, Robert Jr.|Teideal=Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2|Foilsitheoir=General Publishing Company, Ltd., Toronto|Bliain=1966, 1978|ID=ISBN 048623567X}}
* {{Tagairt leabhair|Údar=Burnham, Robert Jr.|Teideal=Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2|Foilsitheoir=General Publishing Company, Ltd., Toronto|Bliain=1966, 1978|ID=ISBN 0-486-23567-X}}


{{RéaltbhuíontaLiostaitheAgTolamaes}}
{{RéaltbhuíontaLiostaitheAgTolamaes}}
{{LiostaRéaltbhuíonta}}
{{LiostaRéaltbhuíonta}}


[[Rang:Réaltbhuíonta|Deilf]]
[[Catagóir:Réaltbhuíonta|Deilf]]


[[ar:الدلفين (كوكبة)]]
[[ar:الدلفين (كوكبة)]]
Líne 133: Líne 133:
[[ro:Delfinul (constelaţie)]]
[[ro:Delfinul (constelaţie)]]
[[ru:Дельфин (созвездие)]]
[[ru:Дельфин (созвездие)]]
[[sah:Дельфин (сулустар бөлөхтөрө)]]
[[sh:Dupin (zviježđe)]]
[[sh:Dupin (zviježđe)]]
[[sk:Súhvezdie Delfín]]
[[sk:Súhvezdie Delfín]]

Leagan ó 03:14, 1 Nollaig 2009

An Deilf
an Deilf
an Deilf
Ainm Laidine (IAU)Delphinus
NodDel
Ginideach LaidineDelphini
SiombalaíochtDeilf
Dronairde20.7 h
Diallas+13.8°
Achar189 céim cearnach
Céim 69ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileRotanev (β Del)
(méid 3.63)
DreigecheathannaDada
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −70°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon bheag thuaisceartach í an Deilf atá i ngar don mheánchiorcal neamhaí. Bhí sí ar chlár na 48 réaltbhuíon a leag amach Tolamaes sa dara aois, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Is é Delphinus, a chiallaíonn deilf, an t-ainm Laidine a thugtar uirthi.

Tá an-chosúlacht le deilf aici agus í ag léimneach de bharr na dtonnta; mar sin de is an-fhurasta í a aithint ar an spéir. Tá an Deilf teorainn ar theorainn leis na réaltbhuíonta seo a leanas (deiseal, ag tosach ar an taobh thuaidh): an Sionnach, an tSaighead, an tIolar, an tUisceadóir, an Capall Beag and faoi dheireadh an capall sciathánach Peigeasas.

Príomhghnéithe

  • β Del: dá ngairtear Rotanev; F5 IV, ar méid 3.63
  • γ Del: ar cheann de na réaltaí dhúbailte is áille atá ar an spéir
    • γ1 Del: F7 V, ar méid 5.14
    • γ2 Del: K1 IV, ar méid 4.27
  • δ Del: A7 IIIp, ar méid 4.43
  • Cónra Iób: comhdhéanann na ceithre réaltaí thuas-luaite astaireacht darb ainm Cónra Iób
  • ε Del: dá ngairtear Deneb Dulfim (ruball na Deilfe); B6 III, ar méid 4.0


Réada suntasacha domhainspéire

  • NGC 7006: 185,000 solasbhliain i bhfad i gcéin; is an-imigéiniúil an réaltbhraisle chruinneogach seo atá ar méid 11.5


Stair

Ní théann siar go dtí an seansaol, mar a cheapfaí, ainmneacha an dá réalt is gile atá ar an réaltbhuíon seo, Sualocin (Alfa Delphini) agus Rotanev (Beta Delphini). A mhalairt ar fad: tá an dá chuid le chéile nua go maith. Chonacthas i gcló don chéad uair iad ar réaltchatalóg a d'fhoilsigh Réadlann Palermo san Iodáil sa bhliain 1814. Má léitear droim ar ais iad, litríonn siad an t-ainm Nicolaus Venator, leagan Laidine ar ainm stiúrthóra chúnta na réadlainne sin ag an am sin: Niccolò Cacciatore. Is éard is brí le Cacciatore agus Venator araon ná "sealgaire".


Miotaseolaíocht

Baineann an réaltbhuíon seo le dhá scéal thábhachtacha as miotaseolaíocht na Gréige.

De réir an chéad chinn acu, ba mhaith leis an dia Gréagach Poisíodón an néiriad Aimfitrití a phósadh. Ar mbeith di, áfach, ag iarraidh a maighdeanas a choimeád, theith sí go Sliabh Atlas. Chuir a suiríoch amach an iomad cuardaitheoirí, duine áirithe darbh ainm Delphinus ina measc. Tháinig Delphinus uirthi de thaisme, agus d'éirigh leis a chur ina luí gur cheart di Poisíodón a phósadh. As buíochas, chuir an dia íomhá deilfe i measc na réaltaí.

Cuireann an dara scéal síos ar fhile Gréagach darbh ainm Arion as Lesbos, a mhair sa 7ú aois RC. Ceoltóir cúirte a bhí ann i bpálás Periander, rí Corinth. Bhí Arion tar éis an-stór a chruinniú i rith a chamcuairteanna sa tSicil agus san Iodáil. Ach ar a bhealach abhaile dó ó Tarentum, chuir foireann a loinge comhcheilg ar bun ina aghaidh mar gheall ar a shaibhris. I nguais bháis, Rinne Arion iarratas deireannach: ba mhaith leis tuireamh a chanadh. Ghéill an fhoireann dá iarratas, ach nuair a bhí sé ag canadh an tuirimh seo, thum sé isteach san fharraige; ach tharrtháil deilf é ar chuir a cheol faoi dhraíocht í. D'iompaigh an deilf go dtí an Ghréigh é agus tháinig sé i dtír slán sabháilte.


Féach fosta


Naisc sheachtracha


Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir