An difríocht idir athruithe ar: "Ballaonaid Chónaidhm na Rúise"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 39: Líne 39:
[[hr:Ruski federalni subjekti]]
[[hr:Ruski federalni subjekti]]
[[hu:Oroszország közigazgatási felosztása]]
[[hu:Oroszország közigazgatási felosztása]]
[[it:Soggetti federali della Russia]]
[[ja:ロシア連邦の地方区分]]
[[ja:ロシア連邦の地方区分]]
[[ka:რუსეთის ტერიტორიული მოწყობა]]
[[ko:러시아의 행정 구역]]
[[ko:러시아의 행정 구역]]
[[la:Divisio administrativa Russiae]]
[[la:Divisio administrativa Russiae]]

Leagan ó 21:49, 16 Samhain 2009

Cónaidhm na Rúise comhdhéanta as cúig bhallaonad is ceithre scór, agus beirt ionadaithe ag gach aonad riaracháin den chineál sin i gComhairle na Cónaidhme, arb é teach uachtarach na Parlaiminte sa Rúis. Is féidir na haonaid seo a aicmiú ina sé chatagóir, mar atá, poblachtaí, cúigí - область/oblast´ an téarma Rúisise, críocha (край/krai an téarma Rúisise), cúigí féinrialaitheacha (автономная область/avtonomnaya oblast' an téarma Rúisise), ceantair fhéinrialaitheacha (Rúisis: автономный округ/avtonomnyi okrug) agus Cathracha Cónaidhme.

  • Na poblachtaí féinrialaitheacha: tá aon cheann fichead acu ann. Tá gach poblacht den chineál seo ainmnithe as mionlach eitneach áitiúil, agus i dtús báire, bunaíodh iad le féinrialtas de chineál éigin a chur ar fáil don mhionlach. Go praiticiúil, is minic a bhíonn an Rúisis agus an cultúr Rúiseach chun tosaigh sna poblachtaí seo. Tá a bunreacht agus a parlaimint féin ag gach poblacht den chineál seo.
  • Na cúigí: is é an cúige an ballaonad is tipiciúla sa Chónaidhm. Tá seacht gceann is dhá scór acu ann. Gobharnóir atá i gceannas ar gach cúige, agus is é an rialtas lárnach i Moscó a cheapann é. Thairis sin, tá oireachtas de chineál éigin ann, agus na teachtaí á vótáil isteach sna toghcháin. Go ginearálta, is ionann ainm an chúige agus ainm na cathrach is mó sa chúige.
  • Na críocha: ocht gcinn acu atá ann. Níl mórán difríochta idir iad seo agus na cúigí. Ainm stairiúil is ea é "críoch", agus é ag tabhairt le tuiscint gur réigiún in aice leis an teorainn a bhí ann ar dtús.
  • Na cúigí féinrialaitheacha. Níl ach aon cheann amháin ann: Cúige Féinrialaitheach na nGiúdach. Bunaíodh é sa bhliain 1934 mar "mhalairt Iosrael" do na Giúdaigh, nó bhí Stailín buartha faoin Siónachas agus faoin tionchar a bhí aige ar Ghiúdaigh an Aontais Shóivéadaigh. Le fírinne, tá an cúige suite sa Chian-Oirthear, cois na Síne, agus is beag Giúdach a bhí sásta socrú síos ansin.
  • Na ceantair fhéinrialaitheacha. Tá sé cinn ann. Tá siad idir eatarthu ó thaobh an stádais de - níl siad chomh féinrialaitheach leis na poblachtaí, ach tá siad níos féinrialaithí ná na gnáthchúigí. Le haghaidh na mionlach eitneach a bunaíodh na ceantair seo, cosúil leis na poblachtaí féinrialaitheacha.