An difríocht idir athruithe ar: "Oilibhéar Cromail"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
+ íomha níos fearr as cómhaoin (clearer)
m róbat ag mionathrú: es:Oliverio Cromwell; cosmetic changes
Líne 1: Líne 1:
[[File:Oliver_Cromwell_by_Samuel_Cooper.jpg|thumb|right|200px|Oilibhéar Cromail]]
[[Íomhá:Oliver_Cromwell_by_Samuel_Cooper.jpg|thumb|right|200px|Oilibhéar Cromail]]
Polaiteoir agus saighdiúir [[Sasana|Sasanach]] ab ea '''Oilibhéar Cromail''', nó ''Cromail'' mar a thugtar air de ghnáth (as [[Béarla]], ''Oliver Cromwell''; [[25 Aibreán]] [[1599]] - [[3 Meán Fómhair]] [[1658]]). Rugadh é i Huntingdon i 1599 agus ba le linn dó a bheith ina mhac léinn i Sidney Sussex College a d'iompaigh sé ina Phiúratánach. Toghadh mar bhall Parlaiminte é i mí Aibreáin 1640, agus bhí sí seo ar na Parlaimintí siúd a rinne a ndícheall cumhacht an Rí a shrianadh. Baineadh a chumhacht den rí [[Séarlas I Shasana|Séarlas I]] agus ghlac an Pharlaimint seilbh ar chúrsaí airgid na ríochta. Bhris cogadh cathartha amach agus ba lena linn a thuill Cromail cáil mar cheannaire míleata. D'éirigh go hiontach leis i gCath Marston Moor lena mharcshlua, ar ar tugadh 'Roundheads' <ref>http://dictionary.reference.com/search?r=2&q=Roundheads</ref> nó 'Ironsides' <ref>http://dictionary.reference.com/browse/ironsides</ref> mar leasainm ar Chromail féin nó ar a shaighdiúirí. Bhí arm an rí cloíte faoi dheireadh ag Cath Naseby i 1645, agus bhí an-tionchar ag Cromail ar na hidirbheartaíochtaí a lean é. Ní raibh muinín ag cuid mhór daoine as áfach agus bhris cogadh amach arís. Ruaig Cromail 110 ball ón bParlaimint agus bhunaigh sé deachtóireacht mhíleata. Rinne sé ionradh ar Albain agus chuir na nuachtáin faoina smacht. Rialaigh sé [[Sasana]], [[Albain]] agus [[Éire]] mar [[an Tiarna Cosantóra|Thiarna Cosantóra]] ó [[16 Mí na Nollag]] go lá a bháis. Creidtear gur cailleadh le [[maláire]] nó [[nimhiú]] é.
Polaiteoir agus saighdiúir [[Sasana]]ch ab ea '''Oilibhéar Cromail''', nó ''Cromail'' mar a thugtar air de ghnáth (as [[Béarla]], ''Oliver Cromwell''; [[25 Aibreán]] [[1599]] - [[3 Meán Fómhair]] [[1658]]). Rugadh é i Huntingdon i 1599 agus ba le linn dó a bheith ina mhac léinn i Sidney Sussex College a d'iompaigh sé ina Phiúratánach. Toghadh mar bhall Parlaiminte é i mí Aibreáin 1640, agus bhí sí seo ar na Parlaimintí siúd a rinne a ndícheall cumhacht an Rí a shrianadh. Baineadh a chumhacht den rí [[Séarlas I Shasana|Séarlas I]] agus ghlac an Pharlaimint seilbh ar chúrsaí airgid na ríochta. Bhris cogadh cathartha amach agus ba lena linn a thuill Cromail cáil mar cheannaire míleata. D'éirigh go hiontach leis i gCath Marston Moor lena mharcshlua, ar ar tugadh 'Roundheads' <ref>http://dictionary.reference.com/search?r=2&q=Roundheads</ref> nó 'Ironsides' <ref>http://dictionary.reference.com/browse/ironsides</ref> mar leasainm ar Chromail féin nó ar a shaighdiúirí. Bhí arm an rí cloíte faoi dheireadh ag Cath Naseby i 1645, agus bhí an-tionchar ag Cromail ar na hidirbheartaíochtaí a lean é. Ní raibh muinín ag cuid mhór daoine as áfach agus bhris cogadh amach arís. Ruaig Cromail 110 ball ón bParlaimint agus bhunaigh sé deachtóireacht mhíleata. Rinne sé ionradh ar Albain agus chuir na nuachtáin faoina smacht. Rialaigh sé [[Sasana]], [[Albain]] agus [[Éire]] mar [[an Tiarna Cosantóra|Thiarna Cosantóra]] ó [[16 Mí na Nollag]] go lá a bháis. Creidtear gur cailleadh le [[maláire]] nó [[nimhiú]] é.

Bhí tionchar mór ag [[Cogadh Cathartha Shasana]] ar Éirinn i rith na [[1640í]]. Ghlac na plandóirí taobh na Parlaiminte ach bhí na Gaeil agus na Gall-Ghaeil ag tacú leis an rí. Buaileadh taobh an rí ar deireadh, agus cuireadh an [[Séarlas I Shasana|Rí Séarlas I Shasana]], chun báis ar [[30 Eanáir]] [[1649]]. Tháinig Cromail go hÉirinn ar [[15 Lúnasa]] [[1649]] mar rialóir míleata agus sibhialta na Parlaiminte le smacht a chur ar an tír. Cuimhnítear air go háirithe mar gheall ar an slad a rinne sé i n[[Droichead Átha]] ar [[11 Meán Fómhair]] [[1649]] agus i mbaile [[Loch Garman]] ar [[11 Deireadh Fómhair]] [[1649]]. Tar éis do [[Cill Chainnigh|Chill Chainnigh]] géilleadh dó ar [[27 Márta]] [[1650]], d'fhág Cromail an tír ar [[25 Bealtaine]] [[1650]]. Ina dhiaidh sin, lean sé ar aghaidh mar dheachtóir míleata na [[an Bhreatain|Breataine]] go bhfuair sé bás, agus cé gur ainmníodh a mhac Risteard Cromail, mar oidhre i gceannas an Chomhfhlaithis, ní raibh cion ar bith ag muintir na Breataine air agus cuireadh [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]] ar ais i gcoróin nuair a d'fhill sé ón bhFrainc sa bhliain 1660. Ar 30 Eanáir [[1661]], tógadh corp Chromail as a uaigh agus 'cuireadh chun báis' arís é ar ordú an rí nua, mar dhíoltas ar bhás an Rí Séarlas I.

==An Feachtas in Éirinn==
== An Feachtas in Éirinn ==
{{Príomhalt|Cromail in Éirinn 1649-1650}}
{{Príomhalt|Cromail in Éirinn 1649-1650}}
Ar [[20 Meitheamh]] 1649, cheap an Pharlaimint Oilibhéar Cromail mar cheannaire an airm a chuirfeadh an t-éirí amach in Éirinn faoi chois. Bhí mórán Ríogaithe cruinnithe in Éirinn faoin am seo agus sa bhliain 1649 rinne siad comhaontas le Comhcheangal Chaitlicigh na hÉireann, rud ar mhór an chontúirt é don Pharlaimint. Bhí an Comhcheangal ag iarraidh stát a bhunú, agus bhí [[Cill Chainnigh]] mar phríomhchathair acu.

Líne 16: Líne 16:
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis do Chromail imeacht ar 16 Bealtaine 1650. Ghéill [[Gaillimh]] i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus má rugadh ar shagart cuireadh chun báis ar an bpointe é; meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar Caitlicigh nár d’aicme na gceárdaithe agus na sclábhaithe iad a chur siar chun [[Connacht]] nó chun Contae an Chláir, agus ar éigean a fágadh breis is 8% de thalamh na tire i seilbh na gCaitliceach. Baineadh feidhm as an ngorta chun na hÉireannaigh a chloí; scriosadh barra agus maraíodh eallach. Henry Ireton agus Edmund Ludlow a smachtaigh an tír tar éis Chromail, ach bhí na Sasanaigh á gcrá gan stad ag treallchogaithe (na “Tóraithe”), dream a fuair dídean ar na portaigh agus in iarsmaí na gcoillte tar éis gur briseadh airm an Chomhcheangail. <ref>Beresford Ellis, lgh 34-35, 61</ref>

==Tagairtí==
== Tagairtí ==
{{reflist}}
{{reflist}}

Líne 37: Líne 37:
[[en:Oliver Cromwell]]
[[en:Oliver Cromwell]]
[[eo:Oliver Cromwell]]
[[eo:Oliver Cromwell]]
[[es:Oliver Cromwell]]
[[es:Oliverio Cromwell]]
[[et:Oliver Cromwell]]
[[et:Oliver Cromwell]]
[[eu:Oliver Cromwell]]
[[eu:Oliver Cromwell]]

Leagan ó 02:56, 10 Samhain 2009

Oilibhéar Cromail

Polaiteoir agus saighdiúir Sasanach ab ea Oilibhéar Cromail, nó Cromail mar a thugtar air de ghnáth (as Béarla, Oliver Cromwell; 25 Aibreán 1599 - 3 Meán Fómhair 1658). Rugadh é i Huntingdon i 1599 agus ba le linn dó a bheith ina mhac léinn i Sidney Sussex College a d'iompaigh sé ina Phiúratánach. Toghadh mar bhall Parlaiminte é i mí Aibreáin 1640, agus bhí sí seo ar na Parlaimintí siúd a rinne a ndícheall cumhacht an Rí a shrianadh. Baineadh a chumhacht den rí Séarlas I agus ghlac an Pharlaimint seilbh ar chúrsaí airgid na ríochta. Bhris cogadh cathartha amach agus ba lena linn a thuill Cromail cáil mar cheannaire míleata. D'éirigh go hiontach leis i gCath Marston Moor lena mharcshlua, ar ar tugadh 'Roundheads' [1] nó 'Ironsides' [2] mar leasainm ar Chromail féin nó ar a shaighdiúirí. Bhí arm an rí cloíte faoi dheireadh ag Cath Naseby i 1645, agus bhí an-tionchar ag Cromail ar na hidirbheartaíochtaí a lean é. Ní raibh muinín ag cuid mhór daoine as áfach agus bhris cogadh amach arís. Ruaig Cromail 110 ball ón bParlaimint agus bhunaigh sé deachtóireacht mhíleata. Rinne sé ionradh ar Albain agus chuir na nuachtáin faoina smacht. Rialaigh sé Sasana, Albain agus Éire mar Thiarna Cosantóra ó 16 Mí na Nollag go lá a bháis. Creidtear gur cailleadh le maláirenimhiú é.

Bhí tionchar mór ag Cogadh Cathartha Shasana ar Éirinn i rith na 1640í. Ghlac na plandóirí taobh na Parlaiminte ach bhí na Gaeil agus na Gall-Ghaeil ag tacú leis an rí. Buaileadh taobh an rí ar deireadh, agus cuireadh an Rí Séarlas I Shasana, chun báis ar 30 Eanáir 1649. Tháinig Cromail go hÉirinn ar 15 Lúnasa 1649 mar rialóir míleata agus sibhialta na Parlaiminte le smacht a chur ar an tír. Cuimhnítear air go háirithe mar gheall ar an slad a rinne sé i nDroichead Átha ar 11 Meán Fómhair 1649 agus i mbaile Loch Garman ar 11 Deireadh Fómhair 1649. Tar éis do Chill Chainnigh géilleadh dó ar 27 Márta 1650, d'fhág Cromail an tír ar 25 Bealtaine 1650. Ina dhiaidh sin, lean sé ar aghaidh mar dheachtóir míleata na Breataine go bhfuair sé bás, agus cé gur ainmníodh a mhac Risteard Cromail, mar oidhre i gceannas an Chomhfhlaithis, ní raibh cion ar bith ag muintir na Breataine air agus cuireadh Séarlas II ar ais i gcoróin nuair a d'fhill sé ón bhFrainc sa bhliain 1660. Ar 30 Eanáir 1661, tógadh corp Chromail as a uaigh agus 'cuireadh chun báis' arís é ar ordú an rí nua, mar dhíoltas ar bhás an Rí Séarlas I.

An Feachtas in Éirinn

Ar 20 Meitheamh 1649, cheap an Pharlaimint Oilibhéar Cromail mar cheannaire an airm a chuirfeadh an t-éirí amach in Éirinn faoi chois. Bhí mórán Ríogaithe cruinnithe in Éirinn faoin am seo agus sa bhliain 1649 rinne siad comhaontas le Comhcheangal Chaitlicigh na hÉireann, rud ar mhór an chontúirt é don Pharlaimint. Bhí an Comhcheangal ag iarraidh stát a bhunú, agus bhí Cill Chainnigh mar phríomhchathair acu.

Chreid Cromail agus na ginearáil Shasanacha eile na scéalta uafásacha a foilsíodh faoin drochíde a tugadh do choilínigh in Éirinn i gcaitheamh éirí amach na bliana 1641.[3] D’fhág seo a rian ar iompar na saighdiuirí, cé gur lean Cromail féin, tríd is tríd, na rialacha cogaidh mar a bhí siad ag an am: dá ngéillfeadh baile mór ar an bpointe ní dhéanfaí díobháil dá raibh istigh ann.

Tháinig Cromail i dtír in Éirinn ar 15 Lúnasa 1649 ag an Rinn, gar do Bhaile Átha Cliath. Bhí 35 long in éineacht leis agus iad lán de shaighdiúirí agus de threalamh. Tháinig a chliamhain Henry Ireton ina dhiaidh le seachtó long eile. D'éirigh le fórsaí na Parlaiminte i mBaile Átha Cliath an chathair a chosaint faoi cheannas an Choirnéil Michael Jones agus bealach isteach a thabhairt do thabhairt do Chromail dá bharr. Bhí sé mar aidhm ag Cromail na bailte ba thábhachtaí a ghabháil, agus ba ghearr go raibh an chuid ba mhó den oirthear agus den tuaisceart faoi smacht fhórsaí na Parlaiminte.

Ghéill mórán bailte móra, ach theip ar Chromail Port Láirge a ghabháil, agus chaill sé suas le 2,000 fear sa troid ag Cluain Meala i Mí Bealtaine, 1650, sular ghéill an baile mór.[4] Ní raibh garastún Dhroichead Átha (a bhí faoi cheannas an tSasanaigh Chaitlicigh Arthur Aston) sásta géilleadh, agus nuair a gabhadh an áit faoi dheireadh tar éis ionsaí trom le gunnaí móra maraíodh beagnach 3,500 duine ar na sráideanna. I nDeireadh Fómhair 1649 tharla sléacht eile i Loch Garman, cé go raibh Cromail ag iarraidh socrú a dhéanamh ag an am. [5]

Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis do Chromail imeacht ar 16 Bealtaine 1650. Ghéill Gaillimh i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus má rugadh ar shagart cuireadh chun báis ar an bpointe é; meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar Caitlicigh nár d’aicme na gceárdaithe agus na sclábhaithe iad a chur siar chun Connacht nó chun Contae an Chláir, agus ar éigean a fágadh breis is 8% de thalamh na tire i seilbh na gCaitliceach. Baineadh feidhm as an ngorta chun na hÉireannaigh a chloí; scriosadh barra agus maraíodh eallach. Henry Ireton agus Edmund Ludlow a smachtaigh an tír tar éis Chromail, ach bhí na Sasanaigh á gcrá gan stad ag treallchogaithe (na “Tóraithe”), dream a fuair dídean ar na portaigh agus in iarsmaí na gcoillte tar éis gur briseadh airm an Chomhcheangail. [6]

Tagairtí

  1. http://dictionary.reference.com/search?r=2&q=Roundheads
  2. http://dictionary.reference.com/browse/ironsides
  3. Féach Peter Beresford Ellis (1975). Hell or Connaught! The Cromwellian Colonization of Ireland 1652-1660, Hamish Hamilton, SBN 241890713, lch 21.
  4. Kenyon & Ohlmeyer, lch.100.
  5. Fraser, Antonia (1973). Cromwell, Our Chief of Men, agus Cromwell: the Lord Protector (Phoenix Press), ISBN 0-7538-1331-9 lgh344-46.
  6. Beresford Ellis, lgh 34-35, 61