An difríocht idir athruithe ar: "Imeacht na nIarlaí"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Meabhar (plé | dréachtaí)
gram, naisc,
m robot Adding: no
Líne 2: Líne 2:


[[en:Flight of the Earls]]
[[en:Flight of the Earls]]
[[no:Jarlenes flukt]]

Leagan ó 14:08, 17 Márta 2006

Tar éis Chath Chionn tSáile i 1601, chúlaigh taoisigh na nGael go Cúige Uladh, agus ghéilleadar do na Sasanaigh i 1603. Ba iad Aodh Ó Néill, iarla Thír Eoghain, agus Aodh Rua Ó Domhnaill na cinnirí a bhí ar na Gaeil le linn Chogadh na Naoi mBliana. D'imigh Ó Domhnaill chun na Spáinne áit a bhfuair sé bás. Lean na coilínithe orthu á gciapadh áfach mar gur shíl siad go raibh an Leasrí róbhog ar na daoine a chuir cogadh orthu, agus sa deireadh bheartaigh Ó Néill agus Ruairí Ó Domhnaill, a bhí ina chomharba ar Aodh Rua, ar imeacht as a dtailte. Ba é Cúchonnacht Mag Uidhir, Tiarna Fhear Manach a d'eagraigh an turas. Tháinig long Bhriotánach go Loch Suilí i bhfíorthuaisceart na tíre, agus tugadh nócha duine ar bord chun na Spáinne. Tugtar Teitheadh na nIarlaí ar an eachtra sin. Chuaigh siad as sin chun na Róimhe, áit a bhfuair Ó Néill bás i 1616. Chuir na huaisle Gaelacha fúthu ar an Mór Roinn, go h-áirithe i dtíortha Chaitlicigh na hEorpa, ar nós na Fraince agus na Spáinne.