An difríocht idir athruithe ar: "Ceoldráma"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 8: Líne 8:


== Comhlachtaí Opera ==
== Comhlachtaí Opera ==
Imeasc mórchomhlachtaí ceoldrámaíochta an domhain, tá [[an Opera Meitreapólach]] agus [[Opera Cathartha Nua-Eabhraic]] i [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]], an [[Liceu]] i m[[Barcelona]], [[Ceoldráma Tíorthúla Shasana]] i [[Londain]], an [[Mariinsky]] i [[Moscú]], an [[Opéra Nationale]] i b[[Páras]], an [[Suomen Kansaalisooppera]] i [[Heilsincí]], an [[Deutsche Oper]] agus an [[Staatsoper]] i m[[Berlin]], agus [[Ceoldráma Tíorthúl na Breataine Bige]] i g[[Caerdíd]].
I measc mórchomhlachtaí ceoldrámaíochta an domhain, tá [[an Opera Meitreapólach]] agus [[Opera Cathartha Nua-Eabhraic]] i [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]], an [[Liceu]] i m[[Barcelona]], [[Ceoldráma Násiúnta Shasana]] i [[Londain]], an [[Mariinsky]] i [[Moscú]], an [[Opéra Nationale]] i b[[Páras]], an [[Suomen Kansaalisooppera]] i [[Heilsincí]], an [[Deutsche Oper]] agus an [[Staatsoper]] i m[[Berlin]], agus [[Ceoldráma Násiúnta na Breataine Bige]] i g[[Caerdíd]].


In Éirinn, tá Ceoláras i g[[Corcaigh]], ach ní h-eol cathain a bhí ceoldráma ann. Tá feis ceoldráma clúitiúil gach uile bhliain i [[Loch Garman]], ar é a aidhm saothair atá beagnach ligthe i ndearmad a thabhairt chun cinn arís.
In Éirinn, tá Ceoláras i g[[Corcaigh]], ach ní h-eol cathain a bhí ceoldrámaí riamh ann. Tá feis cheoldráma chlúitiúil gach uile bhliain i [[Loch Garman]], ar é a aidhm saothair atá beagnach ligthe i ndearmad a thabhairt chun cinn arís.


[[Liosta de phríomh thithe opera an domhain]]
[[Liosta de phríomhthithe opera an domhain]]


== Cumadóirí ceoldrámaí ==
== Cumadóirí ceoldrámaí ==

Leagan ó 20:55, 1 Samhain 2009

Dráma a chuirtear i láthair ina bhfuil an-chuid ceoil, de ghnáth i bhfoirm amhránaíochta, is ea ceoldráma. Cuirtear i láthair in amharclann nó faoin aer é. Cineál speisialta ceoldráma is ea opera.

Cineál ceoldráma atá in ceoldráma a chuirtear i láthair an phobail. Is gnáthach féitheanna agus sonraí áirithe a bheith i gceoldráma M.sh., bíonn réamhcheoil agus ceol idir chanadh ann, bíonn canadh amhrán aonair, beirte agus drongach ann, agus bíonn cur i láthair i bhfoirm dráma, go minic le feistis an-ghalánta agus cúlra an-mhaisithe.

Póstaer don opera Carmen le Georges Bizet (1875)

Sa lá atá inniu ann, bíonn ceolfhoireann suite faoi bhun an árdán de gnáth, agus bíonn innealra agus iliomad cuiditheoirí agus ceárdaithe fostaithe chun cúlraí agus feistis eile a ullmhú, agus ina dhiaidh sin iad a chur in áit le linn an taispeántais. Chomh maith leis sin bíonn gá le ceárdaithe solais, maisitheoirí aghaidh agus gruaige, innealltóirí fuaim, agus lucht stiúrtha na néisteoirí, lucht díolta leabhrán, lucht díolta clócheadanna, agus lucht ullmhúcháin agus dáileadh bídh agus dí. Níl ceoldráma i mórán cathair mór, agus go minic is gá cuidiú ó rialtais chun ceoldráma a chur ar bun agus a dhaingeanú i mbaile.

Comhlachtaí Opera

I measc mórchomhlachtaí ceoldrámaíochta an domhain, tá an Opera Meitreapólach agus Opera Cathartha Nua-Eabhraic i Nua-Eabhrac, an Liceu i mBarcelona, Ceoldráma Násiúnta Shasana i Londain, an Mariinsky i Moscú, an Opéra Nationale i bPáras, an Suomen Kansaalisooppera i Heilsincí, an Deutsche Oper agus an Staatsoper i mBerlin, agus Ceoldráma Násiúnta na Breataine Bige i gCaerdíd.

In Éirinn, tá Ceoláras i gCorcaigh, ach ní h-eol cathain a bhí ceoldrámaí riamh ann. Tá feis cheoldráma chlúitiúil gach uile bhliain i Loch Garman, ar é a aidhm saothair atá beagnach ligthe i ndearmad a thabhairt chun cinn arís.

Liosta de phríomhthithe opera an domhain

Cumadóirí ceoldrámaí

Imeasc na gcumadóirí móra ceoldráma tá:

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR