An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Mac Murchadha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
m robot Adding: de, he Modifying: en
Líne 3: Líne 3:
[[Rang:Stair na hÉireann]]
[[Rang:Stair na hÉireann]]


[[en:Diarmait Mac Murchada]]
[[de:Dermot MacMurrough]]
[[en:Dermot MacMurrough]]
[[he:דרמוט מק'מורו]]

Leagan ó 08:20, 17 Márta 2006

Tháinig na Normanaigh go hÉireann sa bhliain 1169, tar éis do Dhiarmuid Mhic Mhurchadha Caomhánach cuireadh a thabhairt do rí Shasana agus na Normáine Annraí II teacht i gcúnamh air, mar go raibh aighneas idir é féin agus Tiarnán Ó Ruairc. Rugadh Diarmuid Mac Murchadha in 1110 AD agus toghadh é ina rí ar Chúige Laighin nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d'aois, ach ní raibh an tArdrí sásta leis agus chuir sé an Ruarcach go Cúige Laighin leis an ríocht a bhaint de. Bhí Mac Murchadha ag troid ar feadh na mblianta as sin amach agus d'éirigh leis a ríocht a athghabháil faoi dheireadh in 1133, agus bhí síocháin ina ríocht ar feadh na mblianta. Ach thosaigh an seanaighneas le Tiarnán Ó Ruairc arís agus chreach Diarmuid tailte Thiarnáin Uí Ruairc i 1152. Chuaigh Bean Uí Ruairc abhaile le rí caithréimeach Laighin agus mar gheall air sin lean an t-aighneas ar aghaidh. Díbríodh Diarmaid in 1166, agus theith sé chun na Breataine. Gheall sé go mbeadh an té a ghabhfadh a ríocht ar ais dó ina oidhre air agus thug sé saighdiúirí Normanacha leis abhaile chun a thailte a ghabháil ar ais. D'éirigh go seoigh leis na saighdiúirí Normanacha faoi cheannas Strongbow. Ghabhadar Baile Átha Cliath agus pósadh Strongbow agus iníon Dhiarmada, Aoife. Ón am sin ar aghaidh, d'fhan an chumhacht Gallda in Éirinn, óir lean na Sasanaigh na Normanaigh i dtiarnas ar an bPáil, agus ar deireadh ar an tír ar fad.