An difríocht idir athruithe ar: "Jules Dumont d'Urville"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
+ íomhá níos fearr as cómhaoin (portráid, frontal)
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:D'urville.jpg|deas|thumb|Jules Dumont d'Urville.]]
[[File:Dumont d'Urville00.jpg|mion|Jules Dumont d'Urville.]]
Ba thaiscéalaí [[An Fhrainc|Francach]] é Seach-Aimiréal '''Jules Sébastien César Dumont d'Urville''' ([[23 Bealtaine]] [[1790]] [[Condé-sur-Noireau]] – [[8 Bealtaine]] [[1842]], [[Meudon]]), a thaiscéal [[an tAigéan Ciúin]] deisceartach, [[an Astráil]], [[an Nua-Shéalainn]] agus [[Antartaice]].
Ba thaiscéalaí [[An Fhrainc|Francach]] é Seach-Aimiréal '''Jules Sébastien César Dumont d'Urville''' ([[23 Bealtaine]] [[1790]] [[Condé-sur-Noireau]] – [[8 Bealtaine]] [[1842]], [[Meudon]]), a thaiscéal [[an tAigéan Ciúin]] deisceartach, [[an Astráil]], [[an Nua-Shéalainn]] agus [[Antartaice]].



Leagan ó 09:34, 18 Deireadh Fómhair 2009

Jules Dumont d'Urville.

Ba thaiscéalaí Francach é Seach-Aimiréal Jules Sébastien César Dumont d'Urville (23 Bealtaine 1790 Condé-sur-Noireau8 Bealtaine 1842, Meudon), a thaiscéal an tAigéan Ciúin deisceartach, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus Antartaice.

Saol

B'é d'Urville a tháinig ar an Venus de Milo le linn a thaiscéaladh go dtí na hOileáin Gréagacha sa bhliain 1820. Tá an dhealbh le feiceáil inniu san Louvre i bPáras. Sheol sé timpeall an domhain i 1822 faoi gceannais Captaen Louis Isidore Duperrey, agus bhailigh sé a lán plandaí agus ainmhite a thóg sé abhaile leis.

L'Astrolabe, long d'Urville ar 6 Feabhra, 1838.

Sa bhliain 1826 chuaigh sé go dtí an tAigéan Ciúin, agus scrúdaigh sé Nua-Ghuine, an Nua-Shéalainn agus roinnt oileáin eile atá le fáil sa réigúin seo, ar a dtugtar an Aigéine sa lá atá inniu ann. B'eisean a chum na téarmaí an Mhicrinéis agus an Mheilinéis i rith an dturas sin. Chuaigh sé ar thuras go dtí Antartaice sa bhliain 1837, agus thug sé an tainm an Cósta Adélie ar réigiún atá anseo, tar éis a bhean chéile. D'fhill d'Urville abhaile sa bhliain 1840, agus rinneadh seach-aimiréal de.

Cailleadh d'Urville agus a bhean chéile i dtimpiste iarnróid i Meudon na Fraince sa bhliain 1842. Tá sé curtha sa Cimetière du Montparnasse, an reilig i bPáras. Is measc na háiteanna a ainmníodh tar éis d'Urville ná an Mhuir d'Urville agus Oileán d'Urville san Antartaice, agus Cape d'Urville, Irian Jaya (an Indinéis), agus Oileán D'Urville san Nua-Shéalainn.

Teimpléad:Nasc AR