An difríocht idir athruithe ar: "Graostacht"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
Tugtar '''gráisciúlacht''' ar na focail ghnáthchainte a bhfuil baint acu le cúrsaí na [[Collaíocht|collaíochta]], agus iad á seachaint i gcaint mhúinte. Sa Ghaeilge, bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir tuiscint cheart a fháil ar an gcuid seo den teanga, ós rud é nach mbíonn lucht na bhfoclóirí sásta iad a chur i míotar. Dá réir sin, is minic a bhaineann foghlaimeoirí úsáid as leaganacha Gaelaithe de na focail Bhéarla, agus iad amscaí go leor. Sampla samhlachúil de seo is ea é an briathar ''feisigh/feisiú'' nach bhfuil bunús ar bith leis sa teanga thraidisiúnta: is dócha go bhfuil sé bunaithe ar cheann de na seach-chialla (''cohabitation, wedlock'') a luaitear leis an bhfocal ''feis'' i bhfoclóir Uí Dhuinnín. I bhfoclóir Uí Dhónaill, cuirtear an nod ''Lit:'' leis an bhfocal ''feis'' sa chiall ''sexual cohabitation'', rud a chiallaíonn nach mbaineann an bhrí sin leis an bhfocal céanna ach i litríocht na Nua-Ghaeilge Clasaicí, agus nach féidir súil a bheith agat leis an gciall sin i nGaeilge na Gaeltachta ón bhfichiú haois.

Is í an úsáid is minicí a bhaintear as an bhfocal ''feisigh'' inniu ná ''feisigh leat'', is é sin, imigh leat, bailigh leat, gread leat, croch leat; agus is léir gur iarracht é seo leis an teilgean cainte Béarla úd ''fuck off'' a aistriú go Gaeilge. Sa Ghaeilge, is féidir úsáid a bhaint as an bhfocal Béarla féin: ''focáil leat'', ach is amhlaidh go bhfuil sin ciotach freisin. De ghnáth san am atá thart, áfach, ní dheachaigh lucht na Gaeilge i muinín na gráisciúlachta le mallacht a chur ar dhaoine, ach i dteilgeanacha cainte de chineál eile, cosúil le ''spréadh ort'' (leagan Ultach den ''spré'', is é sin, ainm briathartha den bhriathar ''spréigh'' atá ann), nó, go díreach, ''mallacht ort''. D'fhéadfaí 'droch-chríoch ort' a rá freisin.
Is í an úsáid is minicí a bhaintear as an bhfocal ''feisigh'' inniu ná ''feisigh leat'', is é sin, imigh leat, bailigh leat, gread leat, croch leat; agus is léir gur iarracht é seo leis an teilgean cainte Béarla úd ''fuck off'' a aistriú go Gaeilge. Sa Ghaeilge, is féidir úsáid a bhaint as an bhfocal Béarla féin: ''focáil leat'', ach is amhlaidh go bhfuil sin ciotach freisin. De ghnáth san am atá thart, áfach, ní dheachaigh lucht na Gaeilge i muinín na gráisciúlachta le mallacht a chur ar dhaoine, ach i dteilgeanacha cainte de chineál eile, cosúil le ''spréadh ort'' (leagan Ultach den ''spré'', is é sin, ainm briathartha den bhriathar ''spréigh'' atá ann), nó, go díreach, ''mallacht ort''. D'fhéadfaí ''droch-chríoch ort'' a rá freisin.

Maidir leis na focail ghráisciúla sa Ghaeilge, is dócha go bhfuil geis áirithe ar an bhfocal ''striapach'', a chiallaíonn "bean a mbíonn caidreamh collaí aici ag fir éagsúla", "bean choiteann", "meirdreach". Aithníonn an foclóir ''Ó Ghlíomáil go Giniúint'' an teilgean cainte ''an t-ainm mór a thabhairt ar bhean'', is é sin, ainm na striapaí a thabhairt uirthi.

Leagan ó 20:23, 7 Deireadh Fómhair 2009

Tugtar gráisciúlacht ar na focail ghnáthchainte a bhfuil baint acu le cúrsaí na collaíochta, agus iad á seachaint i gcaint mhúinte. Sa Ghaeilge, bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir tuiscint cheart a fháil ar an gcuid seo den teanga, ós rud é nach mbíonn lucht na bhfoclóirí sásta iad a chur i míotar. Dá réir sin, is minic a bhaineann foghlaimeoirí úsáid as leaganacha Gaelaithe de na focail Bhéarla, agus iad amscaí go leor. Sampla samhlachúil de seo is ea é an briathar feisigh/feisiú nach bhfuil bunús ar bith leis sa teanga thraidisiúnta: is dócha go bhfuil sé bunaithe ar cheann de na seach-chialla (cohabitation, wedlock) a luaitear leis an bhfocal feis i bhfoclóir Uí Dhuinnín. I bhfoclóir Uí Dhónaill, cuirtear an nod Lit: leis an bhfocal feis sa chiall sexual cohabitation, rud a chiallaíonn nach mbaineann an bhrí sin leis an bhfocal céanna ach i litríocht na Nua-Ghaeilge Clasaicí, agus nach féidir súil a bheith agat leis an gciall sin i nGaeilge na Gaeltachta ón bhfichiú haois.

Is í an úsáid is minicí a bhaintear as an bhfocal feisigh inniu ná feisigh leat, is é sin, imigh leat, bailigh leat, gread leat, croch leat; agus is léir gur iarracht é seo leis an teilgean cainte Béarla úd fuck off a aistriú go Gaeilge. Sa Ghaeilge, is féidir úsáid a bhaint as an bhfocal Béarla féin: focáil leat, ach is amhlaidh go bhfuil sin ciotach freisin. De ghnáth san am atá thart, áfach, ní dheachaigh lucht na Gaeilge i muinín na gráisciúlachta le mallacht a chur ar dhaoine, ach i dteilgeanacha cainte de chineál eile, cosúil le spréadh ort (leagan Ultach den spré, is é sin, ainm briathartha den bhriathar spréigh atá ann), nó, go díreach, mallacht ort. D'fhéadfaí droch-chríoch ort a rá freisin.

Maidir leis na focail ghráisciúla sa Ghaeilge, is dócha go bhfuil geis áirithe ar an bhfocal striapach, a chiallaíonn "bean a mbíonn caidreamh collaí aici ag fir éagsúla", "bean choiteann", "meirdreach". Aithníonn an foclóir Ó Ghlíomáil go Giniúint an teilgean cainte an t-ainm mór a thabhairt ar bhean, is é sin, ainm na striapaí a thabhairt uirthi.