An difríocht idir athruithe ar: "Loch Eyre"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Anois (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Tá an '''Loch Eyre''' in oirthuaisceart na hAstráile Theas, tuairim is 700 ciliméadar ó thuaidh as Adelaide, príomhchathair an stáit, agus ní bhíonn ann ac...'
(No difference)

Leagan ó 08:50, 29 Lúnasa 2009

Tá an Loch Eyre in oirthuaisceart na hAstráile Theas, tuairim is 700 ciliméadar ó thuaidh as Adelaide, príomhchathair an stáit, agus ní bhíonn ann ach réileán salainn de ghnáth. Tá achar timpeall ar 9690 ciliméadar cearnach ar an réileán agus nuair a líontar é bíonn sé ar an loch is mó san Astráil. Bhíodh cáil ar an réileán tráth mar an áit inar sháraigh daoine éagsúla an churiarracht domhanda luais ar thalamh. Sháraigh an Ridire Donald Campbell an churiarracht luais ann sa bhliain 1964.