An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9: Líne 9:
Níor thionóil parlaimint an Deiscirt ina hiomláine ach aon uair amháin. Nó nuair a bhí an [[Conradh Angla-Éireannach]] sínithe, bhí faomhadh na parlaiminte seo ag teastáil ar chúiseanna foirmiúla. Mar sin, tháinig Teach Teachtaí Dheisceart Éireann le chéile aon uair amháin le glacadh leis an gConradh, agus ansin, scoireadh ar an toirt é le go bhféadfadh an Tríú [[Dáil]] teacht ina áit.
Níor thionóil parlaimint an Deiscirt ina hiomláine ach aon uair amháin. Nó nuair a bhí an [[Conradh Angla-Éireannach]] sínithe, bhí faomhadh na parlaiminte seo ag teastáil ar chúiseanna foirmiúla. Mar sin, tháinig Teach Teachtaí Dheisceart Éireann le chéile aon uair amháin le glacadh leis an gConradh, agus ansin, scoireadh ar an toirt é le go bhféadfadh an Tríú [[Dáil]] teacht ina áit.


==Cúlra==

Rinneadh a lán iarrachtaí i rith na naoú haoise déag agus i dtús na fichiú haoise le féinrialtas teoranta, nó [[Rialtas Dúchais]], a bhaint amach d'Éirinn. Sa bhliain 1886, dhiúltaigh Teach na dTeachtaí don chéad Bhille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhrú na stocaireachta a bhí idir lámhaibh ag na hAontachtóirí agus na hOráistigh. Chuaigh scoilt ar an bPáirtí Liobrálach de dheasca an bhille seo. Sa bhliain 1893, rith Teach na dTeachtaí an dara Bille um Rialtas Dúchais, ach ansin, chros Teach na dTiarnaí é, agus ní dheachaigh sé ar leabhar na reacht riamh. Sa bhliain 1911, áfach, chaill Teach na dTiarnaí a chumhacht crosta, agus mar sin, nuair a chuir Páirtí Parlaiminteach na hÉireann an tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhráid na Parlaiminte sa bhliain 1912, ní raibh cead ag na Tiarnaí é a chur ar ceal a thuilleadh. Scéal eile é go raibh siad in inmhe é a chur ar fionraí go ceann dhá bhliain.

Bhí an chuma ar Éirinn go bhféadfadh cogadh cathartha briseadh amach ansin pé nóiméad, agus mar sin, d'fháiltigh Rí Seoirse a Cúig ceannairí na nAontachtóirí agus na Náisiúnaithe chuige i Mí Iúil 1914 le haghaidh comhchainteanna. Ní raibh toradh ar bith ar an gcruinniú seo (nó Comhdháil Phálás Buckingham, mar a thugtar air). Bhí na Náisiúnaithe ag éileamh Rialtas Dúchais d'oileán na hÉireann go léir (agus Liobrálaigh Shasana ag tacú leo) agus na hAontachtóirí ag éileamh go bhfágfaí Cúige Uladh taobh amuigh den fhéinrialtas. Nuair a cuireadh leasú leis an mBille a cheadaigh do mhuintir Uladh tarraingt as an Rialtas Dúchais go sealadach, tugadh Aontú an Rí don Bhille, agus chuaigh sé ar leabhar na reacht, díreach nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda tosaithe. Bhí an tAcht le cur i ngníomh i ndiaidh an chogaidh, agus dóchas ag gach duine nach mairfeadh an cogadh féin ach tamall beag.

==Coiste Long==

Le linn an chogaidh féin, rinne an Príomh-Aire Herbert Asquith dhá iarracht leis an Acht a chur i ngníomh. Ar dtús, i mBealtaine 1916, theip air aontú a bhaint as na hAontachtóirí. Ansin, sa bhliain 1917, chuir sé gairm chruinnithe ar Chomhdháil na hÉireann, comhthionól a raibh idir Aontachtóirí agus Náisiúnaithe air, agus John Redmond ina Chathaoirleach air. Ní raibh an Chomhdháil seo féin in ann ach "tuairisc" a eisiúint le "moltaí" faoin "tuiscint" cheart ar na cúrsaí conspóideacha. Bhí an Rialtas, a raibh David Lloyd George i gceannas air anois, dírithe ar an Rialtas Dúchais a chur i ngníomh pé scéal é, le taobhshúil ar thuairisc na Comhdhála. Cheap comh-aireacht na Ríochta Aontaithe coiste ar leith, Coiste na hÉireann, le marana a dhéanamh ar na ceisteanna seo, agus ba é Walter Long, polaiteoir Aontachtach, a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste. Mhol Coiste na hÉireann go mbunófaí ''dhá'' shlánaonad féinrialaitheacha in Oileán na hÉireann, mar atá, Deisceart Éireann agus Tuaisceart Éireann.

==Forbairt na gCúrsaí in Éirinn==

==Dhá Stát faoi Rialtas Dúchais==

==Struchtúr an Rialtais==

==Éire Aontaithe?==

==Torthaí==
{{stumpa}}
{{stumpa}}
[[Catagóir:Stair na hÉireann]]
[[Catagóir:Stair na hÉireann]]

Leagan ó 14:09, 27 Lúnasa 2009

Chuir rialtas na Breataine an tAcht um Rialtas na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1920. Bhí an tAcht seo bunaithe ar an gCeathrú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag David Lloyd George agus Walter Long (ceannaire na nAontachtóirí i gCúige Uladh) ar pholaitíocht na hÉireann roimh an gcogadh, ach idir an dá linn, d'athraigh an suíomh in Éirinn an oiread agus nár leor an tAcht leis na hÉireannaigh a shásamh. Bhí na Náisiúnaithe Éireannacha ag éileamh neamhspleáchais agus Poblachta faoin am seo. B'iad Sinn Féin an páirtí ba láidre in Éirinn, agus ní ghabhfaidís leor le Rialtas Dúchais de réir an tsean-sainmhínithe. Mar sin, ar an 23 Nollaig 1920, nuair a ritheadh an bille, bhí sé glan as dáta cheana féin.

Ba é an tAcht seo a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd Béal Feirste agus Doire. Ba é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn. De réir an Achta, bheadh a rialtas féin ag Deisceart Éireann taobh theas, agus rialtas eile ag Tuaisceart Éireann, nó an sé chontae seo.

Bhí sé ceaptha go mbeadh Fear Ionad an Rí - nó an tArd-Leifteanant - os cionn an dá stát in Éirinn ó thaobh na cumhachta feidhmithí de. Bheadh an t-údarás feidhmitheach dílsithe don Choróin, agus ní bheadh parlaiminteachas ar bith ann. Mar sin, bheadh Fear Ionaid an Rí ag ainmniú na nAirí Rialtais thar cionn an Rí, beag beann ar pharlaimint an dá stát. Bhí Comhairle ar leith - Comhairle na hÉireann - le cur ar bun freisin le caidreamh an dá pharlaimint a chomhordú.

Tháinig parlaimint an Tuaiscirt ar an bhfód de réir an Achta, ach nuair a vótáladh na Feisirí isteach ar pharlaimint an Deiscirt, staon an chuid ba mhó acu ó chruinniú bunaidh na parlaiminte sin. Ní raibh ach beirt Aontachtóirí ó Choláiste na Tríonóide i láthair ansin. Chruinnigh na feisirí eile in áit dá gcuid féin, agus d'fhógair siad gurbh iadsan Dáil Éireann, nó parlaimint Phoblacht neamhspleách na hÉireann.

Níor thionóil parlaimint an Deiscirt ina hiomláine ach aon uair amháin. Nó nuair a bhí an Conradh Angla-Éireannach sínithe, bhí faomhadh na parlaiminte seo ag teastáil ar chúiseanna foirmiúla. Mar sin, tháinig Teach Teachtaí Dheisceart Éireann le chéile aon uair amháin le glacadh leis an gConradh, agus ansin, scoireadh ar an toirt é le go bhféadfadh an Tríú Dáil teacht ina áit.

Cúlra

Rinneadh a lán iarrachtaí i rith na naoú haoise déag agus i dtús na fichiú haoise le féinrialtas teoranta, nó Rialtas Dúchais, a bhaint amach d'Éirinn. Sa bhliain 1886, dhiúltaigh Teach na dTeachtaí don chéad Bhille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhrú na stocaireachta a bhí idir lámhaibh ag na hAontachtóirí agus na hOráistigh. Chuaigh scoilt ar an bPáirtí Liobrálach de dheasca an bhille seo. Sa bhliain 1893, rith Teach na dTeachtaí an dara Bille um Rialtas Dúchais, ach ansin, chros Teach na dTiarnaí é, agus ní dheachaigh sé ar leabhar na reacht riamh. Sa bhliain 1911, áfach, chaill Teach na dTiarnaí a chumhacht crosta, agus mar sin, nuair a chuir Páirtí Parlaiminteach na hÉireann an tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhráid na Parlaiminte sa bhliain 1912, ní raibh cead ag na Tiarnaí é a chur ar ceal a thuilleadh. Scéal eile é go raibh siad in inmhe é a chur ar fionraí go ceann dhá bhliain.

Bhí an chuma ar Éirinn go bhféadfadh cogadh cathartha briseadh amach ansin pé nóiméad, agus mar sin, d'fháiltigh Rí Seoirse a Cúig ceannairí na nAontachtóirí agus na Náisiúnaithe chuige i Mí Iúil 1914 le haghaidh comhchainteanna. Ní raibh toradh ar bith ar an gcruinniú seo (nó Comhdháil Phálás Buckingham, mar a thugtar air). Bhí na Náisiúnaithe ag éileamh Rialtas Dúchais d'oileán na hÉireann go léir (agus Liobrálaigh Shasana ag tacú leo) agus na hAontachtóirí ag éileamh go bhfágfaí Cúige Uladh taobh amuigh den fhéinrialtas. Nuair a cuireadh leasú leis an mBille a cheadaigh do mhuintir Uladh tarraingt as an Rialtas Dúchais go sealadach, tugadh Aontú an Rí don Bhille, agus chuaigh sé ar leabhar na reacht, díreach nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda tosaithe. Bhí an tAcht le cur i ngníomh i ndiaidh an chogaidh, agus dóchas ag gach duine nach mairfeadh an cogadh féin ach tamall beag.

Coiste Long

Le linn an chogaidh féin, rinne an Príomh-Aire Herbert Asquith dhá iarracht leis an Acht a chur i ngníomh. Ar dtús, i mBealtaine 1916, theip air aontú a bhaint as na hAontachtóirí. Ansin, sa bhliain 1917, chuir sé gairm chruinnithe ar Chomhdháil na hÉireann, comhthionól a raibh idir Aontachtóirí agus Náisiúnaithe air, agus John Redmond ina Chathaoirleach air. Ní raibh an Chomhdháil seo féin in ann ach "tuairisc" a eisiúint le "moltaí" faoin "tuiscint" cheart ar na cúrsaí conspóideacha. Bhí an Rialtas, a raibh David Lloyd George i gceannas air anois, dírithe ar an Rialtas Dúchais a chur i ngníomh pé scéal é, le taobhshúil ar thuairisc na Comhdhála. Cheap comh-aireacht na Ríochta Aontaithe coiste ar leith, Coiste na hÉireann, le marana a dhéanamh ar na ceisteanna seo, agus ba é Walter Long, polaiteoir Aontachtach, a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste. Mhol Coiste na hÉireann go mbunófaí dhá shlánaonad féinrialaitheacha in Oileán na hÉireann, mar atá, Deisceart Éireann agus Tuaisceart Éireann.

Forbairt na gCúrsaí in Éirinn

Dhá Stát faoi Rialtas Dúchais

Struchtúr an Rialtais

Éire Aontaithe?

Torthaí