An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid Ó Cuinneagáin"
Jump to navigation
Jump to search
no edit summary
m |
|||
Duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na [[Gaeilge]] a bhí i n'''Gearóid Ó Cuinneagáin''' ([[2 Eanáir]], [[1910]]-
Chuaigh sé ag obair sa Státseirbhís i m[[Baile Átha Luain]] i [[1927]] mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i g[[Caisleán an Bharraigh]] agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh saoire leathbhliana dó chun tréimhse a chaitheamh sa [[Gaeltacht|Ghaeltacht]]. Chaith sé cúpla bliain i [[Rinn na Feirste]] i d[[Tír Chonaill]] sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar [[An tÉireannach (páipéar)|An tÉireannach]]
Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, ghlac Ó Cuinneagáin páirt tábhachtach i ngluaiseachtaí beaga éagsúla a raibh ag obair ar son na Fearsaide: Cumann Náisiúnta (nó 'Irish Friends of Germany'), Clann na Saoirse agus Aicéin (eagraíocht óige an pháirtí [[Córas na Poblachta]]). Is ar éigean a d'éalaigh sé tréimhse i gcampa géibhinn nuair a dhíscaoil an Rialtas Cumann Náisiúnta mar gluaiseacht fealltach i ndeireadh na Bealtaine 1940.
Ar an [[26 Meán Fómhair]] [[1940]] bhunaigh sé [[Craobh na hAiséirí]] de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], craobh a raibh daoine cáiliúla go leor ina mbaill de: [[Donncha Ó Súilleabháin]], Pádraig Ó Drisceoil, [[Séamus Ó Néill]], [[Sorcha Ní Ghuairim]], [[Aogán Brioscú]], [[Annraoi Ó Liatháin]], [[Seán Ó hÉigeartaigh]], [[Ciarán Ó Nualláin]] agus daoine eile. Ba í seo an chraobh ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta áirneáin, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu. Tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach ag mórchruinniú na craoibhe sa bhliain [[1941]] agus ainmníodh é mar iarrthóir d'uachtaránacht an Chonradh. Níor éirigh lena iarracht, ach toghadh ar Choiste Gnó an Chonartha é agus bhí buíon bheag dhíograiseach dá chuid in aontíos le chéile ag obair ar son na cúise. ▼
▲Ar an [[26 Meán Fómhair]] [[1940]] bhunaigh sé [[Craobh na
Bhí eití eile den eagraíocht amhrasach faoi Ghearóid agus a chuid aidhmeanna áfach, agus cuireadh a chraobh amach as an gConradh. Rinneadh [[Glúin na Buaidhe]] as an eagraíocht a d'eascair as "Ailtirí na hAiséirí", iarracht a rinne Ó Cuinneagán chun páirtí polaitiúil a bhunú. Sheas iarrthóirí in olltoghchán na bliana [[1944]] ach níor éirigh le duine ar bith acu. ▼
▲Bhí eití eile den eagraíocht amhrasach faoi Ghearóid agus a chuid aidhmeanna áfach, agus cuireadh a chraobh amach as an gConradh. Rinneadh [[Glúin na Buaidhe]] as an eagraíocht a d'eascair as
Ba ina pháipéar seachtainiúil, Aiséirí, a chuir an Cuinneagánach a dhearcadh polaitiúil in iúl, agus ionsaithe fíochmhara á ndéanamh aige ar fhimínteacht pholaiteoirí na hÉireann. "Éire shaor, Ghaelach, agus fhíor-Chríostúil" a bhí uaidh, agus d'fhógair sé gur cheart an lámh láidir a úsáid chun na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn agus "Impireacht Chríost sa domhan a chosaint, a neartú agus a leathnú", teachtaireacht a bhí róghar don [[Faisisteachas|Fhaisisteachas]] do mhórchuid na n[[Gael]]. ▼
▲Ba ina pháipéar seachtainiúil, ''Aiséirí'', a chuir an Cuinneagánach a dhearcadh polaitiúil in iúl, agus ionsaithe fíochmhara á ndéanamh aige ar fhimínteacht pholaiteoirí na hÉireann. "Éire shaor, Ghaelach, agus fhíor-Chríostúil" a bhí uaidh, agus d'fhógair sé gur cheart an lámh láidir a úsáid chun na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn agus "Impireacht Chríost sa domhan a chosaint, a neartú agus a leathnú", teachtaireacht a bhí róghar don [[Faisisteachas|Fhaisisteachas]] do mhórchuid na n[[Gael]].
Ba i m[[Béarla]] a bhí formhór an ábhair in 'Aiséirí' mar gur beag scríbhneoir Gaeilge a bhí sásta tacú leis. Ach bhí ábhar measartha maith san iris a bhunaigh sé, 'Deirdre, iris na mBan'.▼
▲Ba i m[[Béarla]] a bhí formhór an ábhair in ''Aiséirí'' mar gur beag scríbhneoir Gaeilge a bhí sásta tacú leis. Ach bhí ábhar measartha maith san iris a bhunaigh sé, 'Deirdre, iris na mBan'.
Bhí baint éigin aige le cúrsaí gnó, agus gnó foilsitheoireachta aige darbh ainm [[Cló Grianréime]], ach bhí sé bocht go leor ar feadh a shaoil.
Phós sé [[Síle Ní Chochláin]] i [[1945]] agus bhí seisear clainne orthu.
Fuair sé bás ar an [[13 Meitheamh]] [[1991]].
==Leabhair==
R.M. Douglas, ''Architects of the Resurrection: Ailtirí na hAiséirghe and the Fascist 'New Order' in Ireland'' (Manchester University Press, 2007), ISBN 9780719079986.
P. Mac Aonghusa, ''Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge, 1893-1993'' (Conradh na Gaeilge, 1993).
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1910|Ó Cuinneagáin, Gearóid]]
|