An difríocht idir athruithe ar: "An Oiséitis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Modifying: fo:Ossetiskt (mál)
m robot Modifying: nl:Osseets
Líne 59: Líne 59:
[[lij:Lengua osseta]]
[[lij:Lengua osseta]]
[[lt:Osetinų kalba]]
[[lt:Osetinų kalba]]
[[nl:Ossetisch]]
[[nl:Osseets]]
[[no:Ossetisk]]
[[no:Ossetisk]]
[[os:Ирон æвзаг]]
[[os:Ирон æвзаг]]

Leagan ó 19:51, 9 Lúnasa 2009

Teimpléad:Teanga Teanga Iaránach is ea an Oiséitis, agus í á labhairt ag seacht gcéad míle duine san Oiséit, limistéar ar shléibhte Chugais idir an Rúis agus an tSeoirsia. Tá cónaí ar an gcuid is mó acu i gcúige na hOiséite Thuaidh agus na hAláine, atá suite sa Rúis, in aice leis an tSeoirsia, ach thairis sin, tá aon chúigiú cuid de na hÓiséitigh lonnaithe ar an taobh Seoirsiach den teorainn, san Oiséit Theas, agus an tír sin ina cnámh spairne idir an Rúis agus an tSeoirsia faoi láthair.

Tugann na hÓiséitigh féin Ирон ӕвзаг/Iron ævzagИронау/Ironau ar a dteanga. Is í an t-aon teanga amháin a úsáideann an litir úd ӕ san aibítir Choireallach. Creidtear gurb í an Oiséitis an t-iarsma deireanach de theangacha na Scitiach is na nAlánach a shealbhaigh deisceart na Rúise timpeall na mblianta 700-600 roimh bhreith Chríost. Tá abairtí Oiséitise le fáil i bhfoinsí stairiúla Gréigise ó thús na dara mílaoise i ndiaidh bhreith Chríost.

Tá dhá chanúint Óiséitise ann, mar atá, Iron agus Digor. Is í an chanúint Iron is tábhachtaí, agus is í is bun leis an teanga liteartha. B'é Kosta Khetagurov (1859-1906) file náisiúnta na nÓiséiteach a chuir tús le caighdeánú na teanga.

San Ungáir, bhí teanga ghaolmhar á labhairt ag treibh a dtugtaí Jász uirthi as Ungáiris. Chuaigh an teanga seo i léig le fada an lá, ach i bhfad ina dhiaidh sin féin, ba nós leis na hUngáraigh aitheantas áirithe a thabhairt don treibh seo mar dhream eitneach ar leith. D'fhág na Jász téacsanna ina ndiaidh ina seanteanga, agus bhí na saineolaithe in ann an Óiséitis a úsáid mar ghléas le ciall a bhaint astu.