An difríocht idir athruithe ar: "Murchadh Ó Briain, Iarla Inse Chuinn"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 12: Líne 12:
== Fear an Rí ==
== Fear an Rí ==


Tháinig imní air de barr an [[Vote of No Addresses (Vóta Gan Aithisc)| “Vóta Gan Aithisc”]] agus thaobhaigh sé go poiblí leis an Rí i Márta 1648. Dúirt sé gur chóir sos cogaidh a shocrú le lucht an Chomhcheangail, ach tharla easaontas idir an tArd-Chomhairle agus ionadaí an Phápa, an tArd-Easpag Rinuccini, dá bharr. D’fháiltigh an Brianach roimh [[Séamas de Buitléir|Shéamas de Buitléir, Marcas Urmhumhan]], nuair a d’fhill sé siúd ar Éirinn sa bhliain 1648, agus thacaigh sé leis an Dara Síocháin, sos cogaidh a thug na Ríogaithe agus lucht an Chomhcheangail le chéile i gcoinne Pharlaimint Shasana. Chaith an Brianach cuid mhaith de na blianta 1648 agus 1649 ag iarraidh deireadh a chur le comhrac an Niallaigh in aghaidh chomhar an Chomhcheangail agus na Ríogaithe. Chríochnaigh an comhrac faoi shamhradh na bliana 1649, ach bhain sé de neart na Ríogaithe agus iad ag cur i gcoinne Chromail. Bhí an Brianach i láthair ag Cath Ráth Maonais, nuair a buadh go dona ar na Ríogaithe, cé gur tháinig a chuid saighdiúirí ina gcúlgharda idir an fuíoll agus an namhaid. Trí mhí ina dhaidh sin d’ionsaigh sé na Parlaimintigh ach buadh air ag Cath an Inbhir Mhóir sa bhliain 1649, agus bhain an díomua seo go mór dá chlú. I gceann bliana bhí droch-chuma ar chás na Ríogaithe. I Mí Mhárta bhris Broghill an cath ar roinnt complachtaí a bhí dílis don Bhrianach go fóill, agus faoi Mhí na Bealtaine 1650 bhí mórán dá chuid saighdiúirí Protastúnacha eile dulta leis na Parlaimintigh. Ba ghearr go ndeachaigh an Brianach chun na Fraince ina dheoraí in éineacht leis an mBuitléarach.
Tháinig imní air de barr an [[Vote of No Addresses (Vóta Gan Aithisc)| “Vóta Gan Aithisc”]], vóta i bParlaimint Shasana a thug dúshlán an Rí, agus thaobhaigh sé go poiblí le Séarlas i Mí Mhárta 1648. Dúirt sé gur chóir sos cogaidh a shocrú le lucht an Chomhcheangail, ach tharla easaontas idir an tArd-Chomhairle agus ionadaí an Phápa, an tArd-Easpag Rinuccini, dá bharr. D’fháiltigh an Brianach roimh [[Séamas de Buitléir|Shéamas de Buitléir, Marcas Urmhumhan]], nuair a d’fhill sé siúd ar Éirinn sa bhliain 1648, agus thacaigh sé leis an Dara Síocháin, sos cogaidh a thug na Ríogaithe agus lucht an Chomhcheangail le chéile i gcoinne Pharlaimint Shasana. Chaith an Brianach cuid mhaith de na blianta 1648 agus 1649 ag iarraidh deireadh a chur le comhrac an Niallaigh in aghaidh chomhar an Chomhcheangail agus na Ríogaithe. Chríochnaigh an comhrac faoi shamhradh na bliana 1649, ach bhain sé de neart na Ríogaithe agus iad ag cur i gcoinne Chromail. Bhí an Brianach i láthair ag Cath Ráth Maonais, nuair a buadh go dona ar na Ríogaithe, cé gur tháinig a chuid saighdiúirí ina gcúlgharda idir an fuíoll agus an namhaid. Trí mhí ina dhaidh sin d’ionsaigh sé na Parlaimintigh ach buadh air ag Cath an Inbhir Mhóir sa bhliain 1649, agus bhain an díomua seo go mór dá chlú. I gceann bliana bhí droch-chuma ar chás na Ríogaithe. I Mí Mhárta bhris Broghill an cath ar roinnt complachtaí a bhí dílis don Bhrianach go fóill, agus faoi Mhí na Bealtaine 1650 bhí mórán dá chuid saighdiúirí Protastúnacha eile dulta leis na Parlaimintigh. Ba ghearr go ndeachaigh an Brianach chun na Fraince ina dheoraí in éineacht leis an mBuitléarach.


== Athbhunú ==
== Athbhunú ==

Leagan ó 11:36, 11 Iúil 2009

Taoiseach de Mhuintir Uí Bhriain ba ea Murchadh Ó Briain (c.1618 – 19 Meán Fómhair 1674), an chéad Iarla Inse Choinn. Idir na blianta 1624 agus 1654 bhí teideal an 6ú Barún Inse Choinn air. Murchadh an Dóiteáin a bhí air i mbéal an ghnáthphobail de bharr a ndearna sé de scrios i gCúige Mumhan. Bhí sé ar na huaisle Protastúnacha ba mhó in Éirinn.

Rinne sé saighdiúireacht in Arm Spáinneach na hIodáile idir na blianta 1636 agus 1639. D’fhill sé abhaile, phós iníon an Ridire William St Leger, Uachtarán Chúige Mumhan, agus rialaigh an cúige sin tar éis bhás St Leger. Nuair a d’éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641 chuaigh sé i leith na lonnaitheoirí agus na bProtastúnach, agus choinnigh sé smacht ar Chorcaigh agus ar iardheisceart na hÉireann in ainm an Rí go dtí gur shocraigh Séamas de Buitléir, an chéad Diúc Urmhumhan, an Sos i Mí Mheán Fómhair, 1643. Sa bhliain 1642 ruaig sé arm de chuid an Chomhcheangail faoi cheannas Ghearóid de Barra ag Cath Lios Cearúill, arm a bhí ag déanamh ar Chorcaigh.

Dealraíonn sé go raibh gráin ar leith aige ar mhórcheannasaí eile, Eoghan Rua Ó Néill. Ba mhór idir an bheirt. Bhí an Niallach ag taobhú leis na náisiúnaithe Caitliceacha, agus bhí cúis shinseartha leis an bhfaltanas freisin, sa mhéid gur maraíodh seanathair an Bhrianaigh (Murchadh eile) sa bhliain 1597 agus é ag troid le saighdiúirí a chuaigh i bpáirt le hAodh Rua Uí Néill, uncail Eoghain.

Fear na Parlaiminte

Nuair a theip ar an mBrianach post Uachtarán Chúige Mumhan a fháil ón Rí Séarlas I, post a tugadh d’Iarla Portland, tháinig colg air. D’fhill sé ar Éirinn agus chuaigh i bpáirt le lucht na Parlaiminte; ruaig sé na Caitlicigh as Corcaigh, as Eochaill agus as Ceann Sáile, agus bhuaigh ar an gComhcheangal san iardheisceart. Chreach sé Caiseal sa bhliain 1647 agus rinne sé léirscrios ar Chúige Mumhan, rud a tharraing Murchadh an Dóiteáin air mar leasainm. Rug sé bua mór ar arm Thiobóid Taaffe, an chéad Iarla Chairlinn, ag Cath Chnoc na nEas i Mí na Samhna 1647, bua a mhill Arm an Chomhcheangail i gCúige Mumhan.

Caisleán Chill Chainnigh. Ba í Cill Chainnigh príomhchathair an Chomhcheangail.

Fear an Rí

Tháinig imní air de barr an “Vóta Gan Aithisc”, vóta i bParlaimint Shasana a thug dúshlán an Rí, agus thaobhaigh sé go poiblí le Séarlas i Mí Mhárta 1648. Dúirt sé gur chóir sos cogaidh a shocrú le lucht an Chomhcheangail, ach tharla easaontas idir an tArd-Chomhairle agus ionadaí an Phápa, an tArd-Easpag Rinuccini, dá bharr. D’fháiltigh an Brianach roimh Shéamas de Buitléir, Marcas Urmhumhan, nuair a d’fhill sé siúd ar Éirinn sa bhliain 1648, agus thacaigh sé leis an Dara Síocháin, sos cogaidh a thug na Ríogaithe agus lucht an Chomhcheangail le chéile i gcoinne Pharlaimint Shasana. Chaith an Brianach cuid mhaith de na blianta 1648 agus 1649 ag iarraidh deireadh a chur le comhrac an Niallaigh in aghaidh chomhar an Chomhcheangail agus na Ríogaithe. Chríochnaigh an comhrac faoi shamhradh na bliana 1649, ach bhain sé de neart na Ríogaithe agus iad ag cur i gcoinne Chromail. Bhí an Brianach i láthair ag Cath Ráth Maonais, nuair a buadh go dona ar na Ríogaithe, cé gur tháinig a chuid saighdiúirí ina gcúlgharda idir an fuíoll agus an namhaid. Trí mhí ina dhaidh sin d’ionsaigh sé na Parlaimintigh ach buadh air ag Cath an Inbhir Mhóir sa bhliain 1649, agus bhain an díomua seo go mór dá chlú. I gceann bliana bhí droch-chuma ar chás na Ríogaithe. I Mí Mhárta bhris Broghill an cath ar roinnt complachtaí a bhí dílis don Bhrianach go fóill, agus faoi Mhí na Bealtaine 1650 bhí mórán dá chuid saighdiúirí Protastúnacha eile dulta leis na Parlaimintigh. Ba ghearr go ndeachaigh an Brianach chun na Fraince ina dheoraí in éineacht leis an mBuitléarach.

Athbhunú

Thug an Brianach Séarlas II ar a thaobh agus rinneadh Iarla de sa bhliain 1654. Bhí sé ag troid san Iodáil in arm na Fraince agus arís sa Chatalóin i rith Chogadh na mBuanaithe sna blianta 1654 agus 1655, nuair a d’iompaigh sé ina Chaitlicigh. Nuair a tháinig Séarlas i réim fuair an Brianach a chuid tailte ar ais i gCúige Mumhan, ach ceileadh an Uachtaránacht air toisc gur Chaitliceach é. Eisean a bhí i gceannas fórsa sluaíochta gan rath a chuir Séarlas II chun cuidiú leis na Portaingéalaigh sa bhliain 1662, agus ina dhiaidh sin d’fhan sé go suaimhneach in Éirinn go dtí lá a bháis sa bhliain 1674.

Tagairtí

  • Ó Siochrú, Mícheál, Confederate Ireland 1642-49, Four Courts Press, Dublin 1999.
  • Lenihan, Padraig, Confederate Catholics at War 1641-49, Cork University Press, Cork 2001.
  • Ohlmeyer, Jane agus Kenyon, John (eag), The Civil Wars, Oxford University Press, Oxford 1998.
  • Canny, Nicholas, Making Ireland British 1580-1650, Oxford University Press, Oxford 2001.

Féach Freisin

Naisc Sheachtracha