An difríocht idir athruithe ar: "Nicolas Appert"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Almabot (plé | dréachtaí)
m robot Adding: nah:Nicolas Appert
m robot Adding: jv:Nicolas Appert; cosmetic changes
Líne 8: Líne 8:

Faoin mbliain 1795 bhí a shainmhodh caomhnaithe beartaithe aige agus chuir sé bailchríoch air ina dhiaidh sin; thosaigh sé ag soláthar bia don Chabhlach, agus tar éis gur chuir [[Napoléon Bonaparte]] in iúl gur bhreá leis bia caomhnaithe a bheith ar fáil ag an Arm, d'fhoilsigh sé leabhar sa bhliain 1810 dar theideal: ''Le livre de tous les ménages ou L’art de conserver pendant plusieurs années toutes les substances animales ou végétales''.

[[Image:Trafalgar1.jpg|thumb|Trafalgar]]
[[Íomhá:Trafalgar1.jpg|thumb|Trafalgar]]

Bhí fáilte roimh an leabhar seo sa [[An Bhreatain|Bhreatain]], ach ní bhfuair Appert aon airgead dá bharr, cé go raibh na [[Sasana]]igh sásta ardmholadh a thabhairt dó. Bhain Bryan Donkin agus John Hall feidhm as boscaí stáin seachas as buidéil agus iad ag brath ar obair an aireagóra Pierre Durand. (Bhí breis slí sna boscaí ach ba dheacair iad a oscailt.) Sa Fhrainc tháinig laghdú mór ar an éileamh a bhí ar bhia chaomhnaithe le haghaidh turais fhada mhara agus na cogaíochta de bharr mheath an Chabhlaigh tar éis dhíomua [[Trafalgar]] agus imdhruidim na Mór-Roinne. Scriosadh Appert de bharr choimhlint na mBriotanach, dream a raibh teacht réidh ar stán acu, agus bhí sé ar an anás nuair a cailleadh é.

== An tAimridiú ==
== An tAimridiú ==
Is éard atá san aimridiú bia a théamh i dtreo go scriostar nó go lagaítear na mionorgánaigh nó na heinsímí a d'fhéadfadh an bia a athrú. Is féidir é sin a dhéanamh le téamh atá isteach is amach le 100 °C de réir nádúr agus mhéid an ruda atá á ullmhú. Ní cóir na mionorgánaigh go léir a scrios, mar bhainfeadh sin den chothú.

Dhéanadh Appert na buidéil a líonadh beagach go béal, iad a shéalú le bís agus iad a théamh le h[[uisce]]. Bhí gloine na mbuidéal níos tibhe ná ba ghnách chun go seasfaidís an brú a tháinig den téamh istigh. Uair amháin, ar son gaisce, chaomhnaigh sé caora iomlán.

Líne 59: Líne 59:
[[it:Nicolas Appert]]
[[it:Nicolas Appert]]
[[ja:ニコラ・アペール]]
[[ja:ニコラ・アペール]]
[[jv:Nicolas Appert]]
[[lb:Nicolas Appert (Erfinder)]]
[[lb:Nicolas Appert (Erfinder)]]
[[lmo:Nicolas Appert]]
[[lmo:Nicolas Appert]]

Leagan ó 12:47, 2 Iúil 2009

Nicolas Appert

Sólaisteoir agus aireagóir Francach ba ea Nicolas Appert (Châlons en Champagne 17 Samhain, 1749- Massy 1841).[1]

A Shaol agus a Shaothar

Eisean an chéad duine a chaomhnaigh bia trína aimridiú le teas i soithí leáshéalaithe (i mbuidéil ar dtús agus ansin i mboscaí stáin), agus thóg sé an chéad mhonarcha thorthaí leasaithe. Bhí óstán ag a mhuintir, agus bhí Nicholas ar an naoú duine den chlann. Bhí taithí aige as a óige ar obair an chócaire agus an tsólaisteora, agus eolas aige ar mhodhanna caomhnaithe bia.

Idir na blianta 1772 agus 1784 bhí sé ar aimsir ag baill den uaisle mar officier de bouche; ansin bhain sé amach Páras, áit ar oscail sé siopa milseogra. Tháinig rath ar an ngnó, agus tar éis na Réabhlóide (eachtra a raibh sé páirteach inti) thosaigh sé ag déanamh taighde ar chaomhnú an bhia de réir critéir áirithe - athrú an bhlais, costas, an cothú a bheadh le baint as bia salannaithe, triomaithe agus deataithe, agus criostalú na dtorthaí.

Faoin mbliain 1795 bhí a shainmhodh caomhnaithe beartaithe aige agus chuir sé bailchríoch air ina dhiaidh sin; thosaigh sé ag soláthar bia don Chabhlach, agus tar éis gur chuir Napoléon Bonaparte in iúl gur bhreá leis bia caomhnaithe a bheith ar fáil ag an Arm, d'fhoilsigh sé leabhar sa bhliain 1810 dar theideal: Le livre de tous les ménages ou L’art de conserver pendant plusieurs années toutes les substances animales ou végétales.

Trafalgar

Bhí fáilte roimh an leabhar seo sa Bhreatain, ach ní bhfuair Appert aon airgead dá bharr, cé go raibh na Sasanaigh sásta ardmholadh a thabhairt dó. Bhain Bryan Donkin agus John Hall feidhm as boscaí stáin seachas as buidéil agus iad ag brath ar obair an aireagóra Pierre Durand. (Bhí breis slí sna boscaí ach ba dheacair iad a oscailt.) Sa Fhrainc tháinig laghdú mór ar an éileamh a bhí ar bhia chaomhnaithe le haghaidh turais fhada mhara agus na cogaíochta de bharr mheath an Chabhlaigh tar éis dhíomua Trafalgar agus imdhruidim na Mór-Roinne. Scriosadh Appert de bharr choimhlint na mBriotanach, dream a raibh teacht réidh ar stán acu, agus bhí sé ar an anás nuair a cailleadh é.

An tAimridiú

Is éard atá san aimridiú bia a théamh i dtreo go scriostar nó go lagaítear na mionorgánaigh nó na heinsímí a d'fhéadfadh an bia a athrú. Is féidir é sin a dhéanamh le téamh atá isteach is amach le 100 °C de réir nádúr agus mhéid an ruda atá á ullmhú. Ní cóir na mionorgánaigh go léir a scrios, mar bhainfeadh sin den chothú.

Dhéanadh Appert na buidéil a líonadh beagach go béal, iad a shéalú le bís agus iad a théamh le huisce. Bhí gloine na mbuidéal níos tibhe ná ba ghnách chun go seasfaidís an brú a tháinig den téamh istigh. Uair amháin, ar son gaisce, chaomhnaigh sé caora iomlán.

Tagairtí

  1. http://www.wired.com/science/discoveries/news/2008/11/dayintech_1117, Jean-Paul Barbier Nicolas Appert inventeur et humaniste, Paris, Royer, 1994

Naisc sheachtracha