An difríocht idir athruithe ar: "Oilibhéar Cromail"

Jump to navigation Jump to search
Ar [[20 Meitheamh]] 1649, cheap an Pharlaimint Oilibhéar Cromail mar cheannaire an airm a chuirfeadh an t-éirí amach in Éirinn faoi chois. Bhí mórán Ríogaithe cruinnithe in Éirinn faoin am seo agus sa bhliain 1649 rinne siad comhaontas le Comhcheangal Chaitlicigh na hÉireann, rud ar mhór an chontúirt é don Pharlaimint. Bhí an Comhcheangal ag iarraidh stát a bhunú, agus bhí Cill Chainnigh mar phríomhchathair acu.
 
Chreid Cromail agus na ginearáil Shasanacha eile na scéalta uafásacha a foilsíodh faoin drochíde a tugadh do choilínigh in Éirinn i gcaitheamh éirí amach na bliana 1641. <ref>Féach Peter Beresford Ellis (1975). ''Hell or Connaught! The Cromwellian Colonization of Ireland 1652-1660'', Hamish Hamilton, SBN 241890713, lch 21.</ref> (Maraíodh a lán acu ach rinneadh áibhéil amach ar ar tharlam, mar sin féin.) D’fhág seo a rian ar iompar na saighdiuirí, cé gur lean Cromail féin, tríd is tríd, na rialacha cogaidh mar a bhí siad ag an am: dá ngéillfeadh baile mór ar an bpointe ní dhéanfaí díobháil dá raibh istigh ann.
 
Tháinig Cromail i dtír in Éirinn ar 15 Lúnasa 1649 ag [[An Rinn (Contae Bhaile Átha Cliath)|an Rinn]], gar do Bhaile Átha Cliath. Bhí 35 long in éineacht leis agus iad lán de shaighdiúirí agus de threalamh. Tháinig a chliamhain Henry Ireton ina dhiaidh le seachtó long eile. D'éirigh le fórsaí na Parlaiminte i mBaile Átha Cliath an chathair a chosaint faoi cheannas an Choirnéil Michael Jones agus bealach isteach a thabhairt do thabhairt do Chromail dá bharr. Bhí sé mar aidhm ag Cromail na bailte ba thábhachtaí a ghabháil, agus ba ghearr go raibh an chuid ba mhó den oirthear agus den tuaisceart faoi smacht fhórsaí na Parlaiminte.
6,036

edits

Roghchlár nascleanúna