An difríocht idir athruithe ar: "Beirlín"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: ext:Berlín
Spórt i mBeirlín
Líne 21: Líne 21:


Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd [[Spree]] agus [[Havel]], agus an stát cónasctha úd [[Brandenburg]] á timpeallú ó gach taobh.
Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd [[Spree]] agus [[Havel]], agus an stát cónasctha úd [[Brandenburg]] á timpeallú ó gach taobh.

Mar gheall ar an spórt i mBeirlín, is iad [[Hertha BSC]] a imríonn sa [[Bundesliga]] (1ú sraith) agus [[1. FC Union Berlin]] a imríonn sa 3ú sraith na clubanna sacair a bhfuil an aithne is mó orthu. Tá clú agus cáil ar [[Alba Berlin]] mar fhoireann cispheile.


== Íomhánna ==
== Íomhánna ==

Leagan ó 13:18, 4 Bealtaine 2009

Teimpléad:Bailte sa Ghearmáin Is í Beirlín príomhchathair na Gearmáine, agus í ar an gcathair is mó sa tír sin, nó tá 3,398,205 duine ina gcónaí ansin (ó thús mí Aibreán 2006); is ísliú é sin ón 4.5 mhilliún duine a bhíodh sa chathair roimh an Dara Cogadh Domhanda. Is í an dara chathair is mó san Aontas Eorpach chomh maith, díreach sna sálaí ag Londain. Sna blianta 1949-1990, bhí an chathair dealaithe ina dhá cuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar. B'í Beirlín Thoir príomhchathair Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne. B'é dearcadh mhuintir na cathrach féin gur ceann de stáit de Phoblacht Chónasctha na Gearmáine a bhí ann, ach ní raibh na cumhachtaí forghabhála, an tAontas Sóivéadach ach go háirithe, sásta glacadh leis seo. B'é polasaí Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach go háirithe, Selbständige Politische Einheit West-Berlin ("Slánaonad Polaitiúil Neamhspleách Bheirlín Thiar") a thabhairt ar an leath thiar den chathair.

Sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath den chathair. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea é an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.

Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd Spree agus Havel, agus an stát cónasctha úd Brandenburg á timpeallú ó gach taobh.

Mar gheall ar an spórt i mBeirlín, is iad Hertha BSC a imríonn sa Bundesliga (1ú sraith) agus 1. FC Union Berlin a imríonn sa 3ú sraith na clubanna sacair a bhfuil an aithne is mó orthu. Tá clú agus cáil ar Alba Berlin mar fhoireann cispheile.

Íomhánna

Naisc sheachtracha

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR