An difríocht idir athruithe ar: "Benazir Bhutto"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 40: Líne 40:
[[Image:Benazir Bhutto house arrest VOA News.jpg|250px|thumb|right|Benazir Bhutto á cur féin in iúl os comhair a lucht leanúna.]]
[[Image:Benazir Bhutto house arrest VOA News.jpg|250px|thumb|right|Benazir Bhutto á cur féin in iúl os comhair a lucht leanúna.]]

== Dúnmharú ==
== Feallmharú ==

Ar 27 Nollaig 2007 bhí Benazir Bhutto ar an mbealach chun cruinnithe de chuid a páirtí i Rawalpindi. Chuir fear a bhí in aice léi buama á phléascadh; gortaíodh í féin agus mórán eile, agus cailleadh í san ospidéal. Tharla círéibeacha dá bharr; d'fhógair urlabhra de chuid al-Qaida gurbh iadsan ba chúis leis an bpléascadh ach shéan urlabhra eile é.

==Tagairtí==
==Tagairtí==

Leagan ó 04:32, 22 Aibreán 2009

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Ba pholaiteoir Pacastánach í Benazir Bhutto (Urdais: بینظیر بھٹ), a rugadh ar an 21 Meitheamh 1953 i gKarachi. Bhí ar an gcéad bhean a toghadh mar cheannaire ar stát Muslamach. Bhí sí ina príomhaire ar an bPacastáin idir 1988 agus 1990, agus arís ó 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an 27 Nollaig, 2007 tar éis slógadh polaitiúil.[1] Bhí a hathair Zulfikar Ali Bhutto ina phríomhaire ar an bPacastáin freisin sna seachtóidí, sular crochadh é sa bhliain 1979.

A Óige

Rugadh í ar 21 Meitheamh 1953. Bhí an-bhaint ag a muintir leis an bpolaitíocht agus seilbh acu ar thailte móra sa tSind. Ba é Zulfikar Alî Bhutto a hathair agus ba í an Béagam Nusrat Ispahani Bhutto, Ioránach, a máthair. Chuaigh sí ar scoileanna Caitliceacha agus bhain amach Meiriceá, áit ar ghnóthaigh sí BA le honóracha in Harvard. In Oxford thug sí faoin bhfealsúnacht, faoin bpolaitíocht agus faoin ngeilleagar, in éineacht le reachtaíocht idirnáisiúnta agus le taidhleoireacht.

A Teaghlach

D'fhill sí abhaile sa bhliain 1977 chun dul i mbun na taidhleoirachta, ach bhris an t-arm a hathair, arbh é an Príomh-Aire é ag an am, agus crochadh é tar éis é a chiontú i ndúnmharú (cé gur cuireadh amhras sa bhreith). Ruaigeadh Benazir Bhutto agus a máthair chun na Breataine, agus fuair deartháir léi bás sa Fhrainc, bás nach raibh saor ó amhras.

Phós sí Asif Ali Zardari sa bhliain 1987, agus bhí triúr duine clainne acu.

Polaitíocht

Chuaigh sí i gceannas ar Pháirtí Phobal na Pacastáine, agus é faoin lánsmacht aici go lá a báis. D'fhill sí abhaile sa bhliain 1986, bhain amach bua sna toghcháin agus chuaigh i réim. (Cailleadh Zia ul-Haq, an ginearál a chroch a hathair, idir an dá linn.) D'éirigh leis an Uachtarán Ghulam Ishaq Khan í a bhriseadh ar shéala na caimiléireachta sa bhliain 1990; i gceann tamaill fógraíodh neamhchiontach í agus tháinig sí i réim arís. Chuaigh sí i bpáirt le polaiteoirí eile agus leis na ginearáil, agus go fiú le Jamiat Ulema-e-lslami, dream coimeádach Ioslamach. D'oir sin don chaidreamh a bhí a rialtas ag iarraidh a dhéanamh leis na Talaban ar maithe le teorainn neamhchorrach agus le comhchaidreamh le tíortha iarShóivéideacha i lár na hÁise.

Chuir sí i leith an Uachtaráin Farooq Leghari go raibh baint aige le marú a dearthár Murtaza; chuir cairde Mhurtaza an choir chéanna ina leithse. Briseadh arís í agus chaill a páirtí na toghcháin. Chuaigh sí thar lear ar eagla a naimhde, ach d'fhill nuair a thug an tUachatarán nua Pervez Musharraf pardún di féin agus dá fear céile. (Tháinig Musharraf i réim mar cheannaire rialtais mhíleata.)

Tháinig Benazir Bhutto ar ais sa bhliain 2007. Chuir a lucht leanúna an-fháilte roimpi, ach rinneadh ionsuithe uirthi; tháinig sí slán ó ionsaí féinmharaithe a d'fhág 136 duine marbh. D'fhógair an tUachtarán Musharraf toghcháin nua, agus bhí caibidlí deacra acu lena chéile idir an dá linn: coinníodh sa bhaile ar feadh tamaill í.

Benazir Bhutto á cur féin in iúl os comhair a lucht leanúna.

Feallmharú

Tagairtí