An difríocht idir athruithe ar: "CLG Naomh Ciarán (Luimneach)"
mNo edit summary |
|||
Líne 40: | Líne 40: | ||
* [http://www.limerickdioceseheritage.org/CoolcappaKilcolman.htm Coolcappa-Kilcolman Parish (Béarla)] |
* [http://www.limerickdioceseheritage.org/CoolcappaKilcolman.htm Coolcappa-Kilcolman Parish (Béarla)] |
||
* [http://www.limerickdioceseheritage.org/ArdaghCarrickerry.htm Ardagh-Carrickerry Parish (Béarla)] |
* [http://www.limerickdioceseheritage.org/ArdaghCarrickerry.htm Ardagh-Carrickerry Parish (Béarla)] |
||
* [http://www.askaboutireland.ie/show_image_gallery.do?institution_id=44&topic_id=8 Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)] |
|||
==Tagairtí== |
==Tagairtí== |
Leagan ó 15:05, 15 Aibreán 2009
Béarla: | Saint Kierans | ||||||||||
Bunaithe: | 1970 | ||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||
Roinn: | Thiar | ||||||||||
Peil: | Sinsear | ||||||||||
Iomáint: | Sóisear A | ||||||||||
Dathanna: | Glas is ór | ||||||||||
Páirc: | Cúil Cheapach, Contae Luimnigh | ||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Naomh Ciarán.
Suíomh
Tá an club bunaithe i bparóiste Cúil Cheapach/Cill Cholmán in Iarthar Chontae Luimnigh idir Ráth Caola agus Faing, 40km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as ceanntracha tuaithe an pharóiste ar nós Cill Cholmáin, Cúil Cheapach, An Chraobh agus An Coinicéar agus as sráidbhailte Ardach agus Carraig Chiarraí agus na ceanntracha tuaith máguaird i bparóiste Ardach/Carraig Chiarraí ar nós Dún gConmhaoile, Cnoc na Boithe agus Ráth Rónáin. Is féidir le iománaithe as na paróistí An Gleann, Faing/Seanghualainn, Leamhchoill/Baile Dhá Thuile agus Áth an tSléibhe imirt le Naomh Ciarán chomh maith.
Cluichí
Tá traidisiún láidir peile agus iomána sa dá pharóiste agus bhí an béim céanna sa chlub ar an dá chód suas go dti blianta na 1970í nuair a shroich Naomh Ciarán cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh don chéad uair. Cé gur imrítear an iomáint fós, tá an pheil níos láidre sa chlub ón am sin i leith.
Stair
Páirc Imirthe
Tá páirc imirthe Naomh Ciarán suite I gCúil Cheapach, lámh leis an séipéal agus an scoil náisiúnta. Baintear úsáid ar ócáid as seanpháirc Ardaigh atá suite i mbaile Ardach.
Imreoirí Cáiliúile
I measc peileadóirí cáiliúla an chluib ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh, tá Pádraig Ó Laochdha (Pa Leahy) as blianta na 1970í, Liam Baróid (Liam Barrett) as blianta na 1980í agus Seán Mac Cárthaigh (Johnny McCarthy) as blianta na 2000í.
Naisc sheachtracha
- Limerick GAA (Béarla)
- Coolcappa-Kilcolman Parish (Béarla)
- Ardagh-Carrickerry Parish (Béarla)
- Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)
Tagairtí
- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).