An difríocht idir athruithe ar: "CLG Baile an Londraigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 34: Líne 34:
Tar éis dóibh Craobh Sóisear an Chontae na bliana 1920 a bhuachaint sa bhliain 1924 agus i ndiaidh [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|cluiche cheannais sinsear]] na bliana 1925 a cháilliúint i gcoinne [[CLG Úlla|Úlla]], níor éirigh le Baile an Londraigh sa phríomhghrád ar feadh seachtó bliain. Cé gur ghabhadar an Craobh Sóisear don tríú uair sa bhlian 1933 (i ndiaidh buachaint ar [[CLG Átháin|Átháin]]) agus don cheathrú uair sa bhliain 1952 (tar éis Úlla a chloí sa chluiche ceannais), níor fhanadar ach bliain nó dhó ag imirt peile sinsear i ndiaidh na mbua sin.

Ba ghruama an tréimhse é i bpeil an Deiscirt idir na blianta 1925 agus 1969 nuair nár shroich aon chlub ón roinn cluiche ceannais sinsear an chontae. Agus nuair a tháinig feabhas ar an scéal, bhí an lámh in uachtar ag CLG Cromadh|Cromadh]] le linn blianta na 1970í agus ag [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Gallbhaile]] le linn blianta na 1980í.
Ba ghruama an tréimhse é i bpeil an Deiscirt idir na blianta 1925 agus 1969 nuair nár shroich aon chlub ón roinn cluiche ceannais sinsear an chontae. Agus nuair a tháinig feabhas ar an scéal, bhí an lámh in uachtar ag [[CLG Cromadh|Cromadh]] le linn blianta na 1970í agus ag [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Gallbhaile]] le linn blianta na 1980í.

Ach i ndiaidh mór-oibre a dhéanamh sna comórtaisí óga, tháinig glún nua le chéile i mBaile an Londraigh le linn blianta na 1990í. Thángadar le chéile le [[CLG Gaeil Gailtí|Gaeil Gailtí]] agus [[CLG Garrdha Uí Spiolláin |Garrdha Uí Spiolláin]] le chéile faoin ainm ''Fánaithe Gleann an Chorráin'' chun [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] na bliana 1991 a bhuachaint. Tháinig corn sóisear an chontae ar ais chuig an gclub don chúigiú uair nuair a bhuadar ar [[CLG Gearóid Ó Gríofa|Ghearóid Ó Gríofa]] agus ba chlub sinsear arís é Baile an Londraigh sa bhliain 1998 i ndiaidh éirí leo i gcoinne [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil. Bhí an [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear]] ina seilbh acu an bhliain dár gcionn nuair a bhuadar ar [[CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse|An tOspidéal/Cathair Fuinse]] agus arís sa bhliain 2007 tar éis [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha|Drom Chollachair/Béal an Átha]] a shárú.

Leagan ó 16:54, 11 Aibreán 2009

Baile an Londraigh
Béarla: Ballylanders
Bunaithe: 1888
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sinsear
Iomáint: -
Dathanna: Buí is glas
Páirc: Bóthar an Phortaigh, Baile an Londraigh, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é Baile an Londraigh.

Suíomh

Tá an club bunaithe i bparóiste Baile an Londraigh ar imeall Sléibhta na nGailtí i nDeisceart Contae Luimnigh, 45km ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór na nimreoirí as baile Baile an Londraigh, as na ceanntracha tuaithe an pahróiste maguaird ar nós Cnoc Uí Dheá, An Spidéal, Baile Pháiscín agus Collán agus as ceanntracha tuaithe pharóiste An Ghleanna Rua/Baile Uí Argáin ar nós Baile Uí Argáin, An Gleann Rua agus Baile an Phiaródaigh.

Cluichí

Imrítear ach an pheil amháin sa chlub agus tá sé nascaithe le An Gleann Rua i gcomhair na an hiomána.

Stair

Fiú amháin roimh bhunú oifigiúil CLG, imríodh an pheil go forleathan in oirdheisceart Chontae Luimnigh. Tá grianghraf ann ón mbliain 1888 in a bhfuil an fhoireann Seamróga Bhaile an Londraigh ach is beag tagairtí eile a bhfuil ar chlub den ainm sin suas go dti an 20ú céad. Nuair a ath-thosanáiodh Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1911, bhuaigh Baile an Londraigh ar Caisleán Uí Mhathúna sa chluiche cheannais agus d’fhan an chorn sa pharóiste ar feadh sé bhliana déag mar níor fhéidir le Coiste an Chontae an craobh a eagrú le linn An Chéad Cogadh Domhanda agus na dTrioblóidí.

Idir an dá linn, d’fhás an pheil go tapaidh sa pharóiste. Ghabhadar Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1917 agus b’iad na himreoirí chéile a bhí ar fhoireann Luimnigh a chaill cluiche cheannais Craobh Peile Sóisear na hÉireann na bliana chéanna i gcoinne Bhaile Átha Cliath.

Tar éis dóibh Craobh Sóisear an Chontae na bliana 1920 a bhuachaint sa bhliain 1924 agus i ndiaidh cluiche cheannais sinsear na bliana 1925 a cháilliúint i gcoinne Úlla, níor éirigh le Baile an Londraigh sa phríomhghrád ar feadh seachtó bliain. Cé gur ghabhadar an Craobh Sóisear don tríú uair sa bhlian 1933 (i ndiaidh buachaint ar Átháin) agus don cheathrú uair sa bhliain 1952 (tar éis Úlla a chloí sa chluiche ceannais), níor fhanadar ach bliain nó dhó ag imirt peile sinsear i ndiaidh na mbua sin.

Ba ghruama an tréimhse é i bpeil an Deiscirt idir na blianta 1925 agus 1969 nuair nár shroich aon chlub ón roinn cluiche ceannais sinsear an chontae. Agus nuair a tháinig feabhas ar an scéal, bhí an lámh in uachtar ag Cromadh le linn blianta na 1970í agus ag Gallbhaile le linn blianta na 1980í.

Ach i ndiaidh mór-oibre a dhéanamh sna comórtaisí óga, tháinig glún nua le chéile i mBaile an Londraigh le linn blianta na 1990í. Thángadar le chéile le Gaeil Gailtí agus Garrdha Uí Spiolláin le chéile faoin ainm Fánaithe Gleann an Chorráin chun Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1991 a bhuachaint. Tháinig corn sóisear an chontae ar ais chuig an gclub don chúigiú uair nuair a bhuadar ar Ghearóid Ó Gríofa agus ba chlub sinsear arís é Baile an Londraigh sa bhliain 1998 i ndiaidh éirí leo i gcoinne Pailís na Gréine chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil. Bhí an Craobh Sinsear ina seilbh acu an bhliain dár gcionn nuair a bhuadar ar An tOspidéal/Cathair Fuinse agus arís sa bhliain 2007 tar éis Drom Chollachair/Béal an Átha a shárú.

Páirc Imirthe

D’imir Baile an Londraigh ar pháirceanna le blianta a bhí ar chíos acu timpeall an bhaile. Ina measc siúd, bhí Páirc Osborne (ar a bhfuil Ionad Cúram an Lae suite anois), Páirc Stiofán Uí Loinsigh (ar a bhfuil monarchan Galtee Wood suite anois), Páirc Bhreathnach (anois Páirc Uí Bhuachalla) agus Páirc Mhic Craith ar Bhóthar Ghallbhaile. Ceannaíodar a bpáirc imirthe féin lámh leis an mbaile ar Bhóthar Chill Fhionáin sa bhliain 1981.

Imreoirí Cáiliúile

I measc peileadórií cáiliúile Bhaile an Londraigh a d’imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Carobh Peile Sinsear na Mumhan, tá Seán Ó Mídheach (John Meade) sa bhliain 1965, Gearóid Breathnach (Ger Walsh) sa bhliain 1991 agus Seán Ó Murchú sna blianta 2003 agus 2004.

B’as paróiste Baile An Londriagh freisin é Proinsias Ó Duinnín (Frank Dineen), Uachtarán agus Ardrunaí CLG le linn blianta deiridh an 19ú aois. B’é An Duiníneach an té a cheannaigh Páirc an Chrócaigh agus tá Lochtán Uí Dhuinnín ann ainmnithe ina onóir.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).