An difríocht idir athruithe ar: "Roscelin de Compiègne"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach nua: '''Roscelin''', 1050-c.1121: scoláire scolaíoch Francach agus bunaitheoir an Ainmneachais – an chéad scoláire den scoil sin a bhfuil beagán eolais againn ar a…
(No difference)

Leagan ó 12:15, 11 Aibreán 2009

Roscelin, 1050-c.1121: scoláire scolaíoch Francach agus bunaitheoir an Ainmneachais – an chéad scoláire den scoil sin a bhfuil beagán eolais againn ar a theagasc, cé gurb iad a naimhde amháin a thugann cuntas air. Ba é a thuairim nach raibh saghsanna rudaí ann i ndáiríre. Níl réaltacht le fáil ach sna rudaí indibhidiúla: tá an duine aonair ann, agus tá bun fírinne leis an bhfocal a ainmníonn é, ach níl a leithéid de rud ann is an cine daonna. Ach tuairim chontúirteach í sin i gcúrsaí diagachta, sa mhéid nach bhfuil sa Tríonóid, mar sin, ach triúr neach ar leith seachas trí ghné de Dhia Uilechumhachtach. Ní cinnte, áfach, gur bhain Roscelin feidhm as a theagasc sna cúrsaí sin.