An difríocht idir athruithe ar: "CLG Dún Bleisce"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 45: Líne 45:
* [http://doon.limerick.gaa.ie/ Doon GAA Club (Béarla)]
* [http://doon.limerick.gaa.ie/ Doon GAA Club (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]

==Tagairtí==
{{reflist}}
*''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
* “''Doon GAA: A History 1887-1990''”, O’Brien, Tom, 1991 (Béarla).
* “''Heroic Doon: A History of Doon GAA Club''”, O’Brien, Tom, (gan data), (Béarla).


[[Catagóir:Clubanna Iomána|Dun Bleisce]]
[[Catagóir:Clubanna Iomána|Dun Bleisce]]

Leagan ó 14:13, 9 Aibreán 2009

Dún Bléisce
Béarla: Doon
Bunaithe: 1888
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: -
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Dearg is bán
Páirc: Dún Bleisce, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é Dún Bleisce.

Suíomh

Tá sé bunaithe sa chuid de pharóiste Dún Bleisce atá i gContae Luimnigh. Tá an trian eile de i gCLG Chontae Thiobraid Árann, áit a bhfuil club eile dárbh ainm dó An Gleann Gearr suite. Tagan formhór imreoirí Dún Bleisce as baile Dún Bleisce féin, as na ceanntracha tuaithe an pharóiste maguaird ar nós Faill Uí Chléirigh, An Cúige agus Rinn an Mheana agus baile agus leath-pharóiste Úlla.

Cluichí

Imrítear ach an iomáint amháin sa chlub agus tá sé nascaithe le Úlla i gcomhair na peile.

Stair

Fiú amháin roimh bhunú Chumann Lúthchleas Gael, imríodh an-chuid iomána in oirthuaisceart Chontae Luimnigh agus nuair a eagraíodh comórtaisí go hoifigiúil, b’iad clubanna na háite ar nós Máigh Rua, Saor Theas, Cathair Laighin, An Bóthar agus An Cheapach Mhór a tháinig ar dtús chun tosaigh. Bunaíodh Dún Bleisce sa bhliain 1888 ach ba chlub beag iomána i measc na bhfathach le linn an tréimhse sin agus ba sa pheil ar éirigh leo ar dtús nuair a bhuadar Craobh Sóisear an Chontae sa bhliain 1928.

Níor tháinig an iomáint chun chin go dti blianta na 1930í nuair a bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae sna blianta 1937 agus 1941. D’ímríodar gan toradh sa ghrád sinsear ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin sular fhileadar ar ais sa ghrád sóisear ach, cé gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear Oirthear Luimnigh sna blianta 1961, 1962 agus 1967, níor éirigh leo arís i gcraobh an chontae.

Cuireadh an-iarracht isteach ar na gráid óga le linn blianta na 1960í agus, nuair a shroich ne himeroirí na gráid fsta, bhuaigh Dún Bleisce Craobh Iomána Sinsear Iarthar Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1974. Ach cé gur chlub sinear é o shin i leith, níor éirigh leo i gcomórtaisí an chontae. B’iad 1989, nuair bhuaigh Baile Brún orthu, agus 2000, nuair a chailleadar le cúilín amháin i gcoinne Tobar Phádraig, na blianta ba thorthúile Dún Bleisce nuair a shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh.

Ta mór-cháil bainte amach ag Dún Bleisce as a bhfóirne óga. Ghabhadar naoi gCraobh Iomána Mionúir Chontae Luimnigh idir na blianta 1946 agus 2003 agus tá Craobh Iomána Faoi-21 an Chontae gafa acu ar cheithre ócáid idir na blianta 1966 agus 2005. Le linn blianta na 1960í, bhuaigh an-chuid imreoirí mionúir agus faoi-21 ón bparóiste boinn iomána an chontae le Dún Bleisce agus boinn peile an chontae le Úlla,

Páirc Imirthe

Tá páirc imirthe Dún Bleisce suite i gceartlár an bhaile, gan ach 300m ón bPríomhshráid ar Bhóthar Úlla. Osclaíodh sa bhliain 1994 í agus chríochnaíodh na seomraí feistithe sa bhliain 2002.

Imreoirí Cáiliúile

I measc iománaithe cáiliúile Dún Bleisce, tá Liam Ó Mórdha ''Willie Moore'', a bhuaigh bonn Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann le foireann Luimnigh sa bhliain, agus imreoiri contae na 2000í Donncha Ó Maoldomhnaigh (Dinny Moloney) agus Mícheál Mac Gearailt (Mike Fitzgerald).

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
  • Doon GAA: A History 1887-1990”, O’Brien, Tom, 1991 (Béarla).
  • Heroic Doon: A History of Doon GAA Club”, O’Brien, Tom, (gan data), (Béarla).