An difríocht idir athruithe ar: "CLG Baile Brún"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m →‎Naisc Seachtracha: * [http://www.ballybrown.com/GAA.htm/]
Líne 42: Líne 42:
* [http://www.ballybrown.com/GAA.htm/ Ballybrown GAA (Béarla)]
* [http://www.ballybrown.com/GAA.htm/ Ballybrown GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://www.limerickdioceseheritage.org/PatrickswellBallybrown.htm Patrickswell-Ballybrown Parish]

==Tagairtí==
{{reflist}}
*''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).


[[Catagóir:Clubanna Iomána|Baile Brun]]
[[Catagóir:Clubanna Iomána|Baile Brun]]

Leagan ó 11:41, 9 Aibreán 2009

Baile Brún
Béarla: Ballybrown
Bunaithe: 1890
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Sóisear A
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Bán is uaine
Páirc: Clár Aidhne, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é Baile Brún .

Suíomh

Tá sé bunaithe sa chuid thuaidh de pharóiste Tobar Phádraig/Baile Brún, 8km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Clár Aidhne agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Broisceach, Tír Bhú agus Baile Brún.

Cluichí

Imrítear peil agus iomáint ach bhí béim an chlub i gcónaí go láidir ar an iomáint óna bhunú.

Stair

Bunaíodh an club sa bhliain 1890 agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear Contae Luimnigh sa bhliain 1913 ach chuir An Chéad Cogadh Domhanda agus Na Trioblóidí go mór astu agus níor éirigh leo i gcomórtas eile go dtí gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear na Cathrach sa bhliain 1946. Bunaíodh club eile sa pharóiste, Tobar Phádraig, an bhliain dár gcionn agus bhí ar Bhaile Brún fanacht go dtí an bhliain 1959 sular bhuadar an chorn céanna arís.

Thosnaigh Baile Brún ag imirt sa ghrád sinsear i ndiaidh Craobh Iomána Sóisear A an chontae a ghabháil don dara uair sa bhliain 1967 agus chailleadar cluiche cheannais iománna sinsear an chontae i gcoinne Tobar Phádraig sa bhliain 1983. D’éirigh leo an chorn a bhuachaint sna blianta 1989 agus 1991 agus bhuadar Craobh Iomána Sinsear Club na Mumhan sa bhliain 1989 ach thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2005.

Thosnaigh ré na peile i ndáiríre i mBaile Brún sa bhliain 1981 nuair a bhuadh Craobh Sóisear A Contae Luimnigh agus ghabhadar seilbh ar chorn idirmheánach an chontae seacht mbliain ina dhiaidh sin ach thit suim sa pheil le linn bliainta na 1990í

Páirc Imirthe

Tá príomh-pháirc imeartha an chlub suite gar do chros-bhóthar Clár Aidhne agus osclaíodh clubtheach mór ann le linn blianta na 1980í. Osclaíodh páirc imeartha eile idir cros-bhóthar Clár Aidhne agus séipéal Bhaile Brún sa bhliain 2007.

Imreoirí Cáiliúile

I measc iománaithe cáiliúile an chlub, tá iar-bhainisteoir foireann Luimnigh Tomás Ó Riain (Tom Ryan) a bhuaigh bonn Craobh na hÉireann sa bhliain 1973 agus Traolach Ó Cionnaith (Terence Kenny), Uinseann Ó Conchúir (Ollie O’Connor) agus Seosamh Ó Conchúir (Joe O’Connor). D’imir Traolach Ó Cionnaith ar fhoireann peile Luimnigh chomh maith. Is ball Baile Brún é Séamus Ó hArtagáin, Rúnaí Coiste Chontae Luimnigh idir na blianta 1986 agus 2007.

Naisc Seachtracha

Tagairtí

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).