An difríocht idir athruithe ar: "Litríocht na Gaeilge"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 8: Líne 8:


{{síol}}
{{síol}}

==Naisc==
* [[Gearrscéalaíocht Ghaeilge na Ré seo]]





Leagan ó 12:21, 26 Márta 2009

Áirítear litríocht na Gaeilge ar ceann de na traidisiúin liteartha is sine san Eoraip in aon teanga nach í an Laidin í. Bhí an Laidin á saothrú in Éirnn ó theacht na Críostaíochta freisin, ar ndóigh, ach bhí na Gaeil i bhfad ní ba luaithe ag saothrú a dteanga féin sa litríocht ná an chuid ba mhó de mhuintir Iarthar na hEorpa.

Is follasach gurb í an litríocht chráifeach an litríocht ba sine i Sean-Ghaeilge, agus gur theastaigh ó na manaigh Éireannacha ábhar reiligiúnda a scríobh do na daoine ina dteanga dhúchais féin. Is dócha gur cumadh na chéad iomainn eaglasta agus na chéad urnaithe fileata sa Ghaeilge chomh moch leis an séú haois. Is é Amra Choluim Chille an píosa is sine den chineál seo litríochta atá fágtha againn. Gaeilge thar a bheith seanársa atá ann, níos ársa fiú ná an chuid is mó den tSean-Ghaeilge, agus cuma sheanfhaiseanta ar an meadaracht a chleachtaítear ansin fosta. Is dóigh leis na saineolaithe gurbh é Dallán Forgaill a cheap an saothar seo i ndeireadh na séú haoise, nuair a fuair Colm Cille bás.

Sa tréimhse chéanna a scríobhadh Félire Oengusso. Mar is léir ón teideal, féilire atá ann agus é scríofa i bhfoirm fhileata: tá dán ansin do gach lá i rith na bliana, agus ábhar reiligiúnda ann, nó tugann gach dán acu seo cur síos ar naomh an lae agus ar na héachtaí a rinne sé ar mhaith leis an gcreideamh.

Saothar tábhachtach eile den chineál chéanna is ea Saltair na Rann ó dheireadh na deichiú haoise.

Naisc


Naisc sheachtracha