An difríocht idir athruithe ar: "Corn Shomhairle Mhig Uidhir"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Nmacu (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 9: Líne 9:


[[Catagóir:Peil Ghaelach]]
[[Catagóir:Peil Ghaelach]]
[[Catagóir:Cumann Lúthchleas Gael]]
[[Catagóir:Coirn CLG]]


[[en:Sam Maguire Cup]]
[[en:Sam Maguire Cup]]

Leagan ó 12:15, 25 Feabhra 2009

Duais spóirt Éireannach é Corn Sam Mhic Uidhir, an duais is luachmhaire i bPeil Ghaelach. Bronntar an corn ar bhuaiteoirí an Chraobh Peil Sinseareach na hÉireann, an príomhchomórtas sa spórt in Éirinn. Is é an Cumann Lúthchleas Gael a eagraíonn an comórtas. Imrítear na cluichí i rith an tsamraidh, agus bíonn an cluiche ceannais ar an 3ú nó 4ú Domhnach i mí Meán Fómhair i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Stair

Ainmníodh an corn i ndiaidh Sam Mac Uidhir (nó Somhairle Mag Uidhir, mar ghlaoitear air uaireanta). Iar-pheileadóir ab ea é, a bhí an-ghníomhach leis an CLG i Londain agus in Éirinn. Tar éis a bháis sa bhliain 1928, bunaíodh coiste le Pat McCartan ina chathaoirleach chun airgid a bhailiú, agus cuimhneacheán ceart a cheannach. Shocraigh siad corn a cheannach, agus é a thabhairt don CLG. Bhí an-áthas ar an CLG an corn nua a ghlacadh. £300 ab ea é an praghas ag am an. Bhí an corn nua bunaithe ar Chailís Ardach, agus b'iad Hopkins&Hopkins as Sráid Uí Chonaill na daoine a chruthaigh é.

B'é Cill Dara an chéad chontae a bhuaigh an Corn Sam Mhic Uidhir nua sa bhliain 1928, nuair a bhfuair siad an lámh in uachtar in éadan an Chabháin (2-6 go 2-5). Mhair an corn ar feadh seasca bliain, ach b'éigean don CLG corn nua, "Sam Óg", a chur ina áit sa bhliain 1988. B'é an Mhí an chéad chontae a ghlac Sam Óg.