An difríocht idir athruithe ar: "Lyon"
m robot Adding: zh-yue:里昂 |
m robot Adding: zh-min-nan:Lyon |
||
Líne 104: | Líne 104: | ||
[[wuu:里昂]] |
[[wuu:里昂]] |
||
[[zh:里昂]] |
[[zh:里昂]] |
||
[[zh-min-nan:Lyon]] |
|||
[[zh-yue:里昂]] |
[[zh-yue:里昂]] |
Leagan ó 01:59, 17 Feabhra 2009
Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha Is cathair í Lyon i lár-oirthear na Fraince. Is í Lyon an triú cathair is mó san Fhrainc, tar éis Párais agus Marseille. Is cathair mhór gnó í Lyon, agus í suite idir Páras agus Marseille. Tá cáil ar an gcathair mar phríomhchathair ghastrónómachais na Fraince agus bhí páirt mór ag Lyon i stair thionscal na scannán freisin. Tá an fhoireann sacair Olympique Lyonnais lonnaithe sa chathair.
Is í Lyon an dara ceantar ceannchathartha is mó san Fhrainc nuair a cuirtear a bruachbhailte agus na cathracha timpeall uirthi san áireamh. Bhí daonra 1,783,400 sa cheantar ceannchathartha sa bhliain 2007.
Is lárionad mór tionsclaíoch í Lyon don tionscal peitriceimiceach, don tionscal cógaisíochta agus don tionscal biteicneolaíochta. Tá tionscal mór bogearraí sa chathair freisin, agus é dírithe go mór ar fhíschluichí.
Is préfecture (príomhchathair) an Rhône (département) í Lyon agus is priomhchathair réigiún Rhône-Alpes í freisin. Thug UNESCO aitheantas don chathair mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda.
Bhíodh cáil ag Lyon i gcónaí mar phríomhchathair thionscal an síoda agus is lárionad faisin í an chathair fós. Tá ceanncheathrú Interpol agus Euronews lonnaithe sa chathair freisin.