An difríocht idir athruithe ar: "An Albainis"
Content deleted Content added
m robot Adding: ang:Scyttisce sprǣc |
Ag athdhíriú go Béarla Gallda |

Líne 1: | Líne 1: | ||
#REDIRECT [[Béarla Gallda]] |

{{Teanga |

|ainm=Albainis/Lallainnis/''a' Bheurla Ghallda'' |

|ainm_sa_teanga=Scots |

|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[Albain]], [[Tuaisceart Éireann]], [[Poblacht na hÉireann]], [[Sasana]] |

|réigiún=[[Galltacht Alban]], [[Gallaibh]], na h[[Oileáin Thuaidh]], [[Cúige Uladh]] |

|cainteoirí=200,000[http://www.ethnologue.com/show_language.asp?code=sco] |

|rang=- |

|líne_ghinealaigh=[[Líne ghinealaigh Ind-Eorpaise|Ind-Eorpais]]

[[Gearmáinic]]

[[Gearmáinic an Iarthair]]

[[Teangacha an Iarthair|Iarthair]]

[[Sean-Shasainis]]

'''Albainis''' |

|teanga_oifigiúil_ginideach=- |

|rialtóir=- |

|iso1= |

|iso2=sco |

|iso3=sco |

[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] Gearmáinice is ea í an '''Albainis''' nó an '''Lallainnis''' (is é an chéad téarma an ceann is minicí a úsáidtear inniu, ach is é an téarma úd ''Lallainnis'' a bhí i g''Ciste Cúrsaí Reatha''; ''Scots'' an t-ainm sa teanga féin) a labhraítear in [[Albain]] agus i d[[Tuaisceart Éireann]]. Tugtar ''Lallainnis'' uirthi i bhfoinsí áirithe Gaeilge chomh maith. Is é an t-ainm a úsáidtear i nGaeilge na hAlban ná ''a' Bheurla Ghallda'', is é sin, "an Béarla Gallda". Inniu, úsáidtear an téarma ''[[Albainis Uladh]]'' go hoifigiúil le tagairt don chineál Albainise a labhraítear i g[[Cúige Uladh]], go háirithe i dTuaisceart Éireann. |

Is deacair a rá, cé acu teanga inti féin nó canúint de chuid an Bhéarla í an Albainis. Ón taobh amháin de, glactar leis gur ceann de sheanchanúintí an Bhéarla í an Albainis, ach tá canúintí traidisiúnta seanbhunaithe dá cuid féin ag an Albainis chomh maith. Is féidir dearcadh ar an Albainis freisin mar chuid den [[Béarla|Bhéarla]] mar a labhraítear in Albain é, ach tá sí an-difriúil le [[Béarla na hAlban]], is é sin, an leagan den Bhéarla Chaighdeánach a chleachtaítear in Albain. |

Maidir leis na cainteoirí dúchais, is é an t-ainm is minicí a thugann siad ar an teanga ná ''Scots'' nó ''braid Scots'' - is ionann ''braid'' agus ''broad'' an Bhéarla chaighdeánaigh. Is minic nach dtugann siad "Scots" ar a bhfuil á labhairt acu, ach ainmneacha cosúil le ''Doric'' nó ''Buchan Claik'' - is é sin, ainm na canúna cúinge. Ainm seanfhaiseanta é ''Scotch'', ach chluinfeá sa chiall seo é an chorruair in Éirinn. Tá an t-ainm ''Lallans'' bunaithe ar ''Lowlands'' an Bhéarla, agus bhain scríbhneoirí an leabhair úd ''Ciste Cúrsaí Reatha'' úsáid as an leagan Gaeilge ''Lallainnis''. Ainm é a d'fheicfeá ag scríbhneoirí Albanacha cosúil le [[Robert Burns]] agus [[Robert Louis Stevenson]], cuir i gcás. |

:''They took nae pains their speech to balance,'' |

:''Or rules to gie;'' |

:''But spak their thoughts in plain, braid lallans,'' |

:''Like you or me.'' |

Sa sliocht seo, is léir gurb é an chiall atá á cur in iúl leis an bhfocal ''Lallans'' ná "caint na ndaoine", "canúint na ndaoine simplí", seachas aon chineál teanga liteartha nó chaighdeánaithe: "Níor bhuair siad a gcloicne le gramadach ná le rialacha na teanga, ach labhair siad an rud a bhí ar a n-intinn i gcaint shimplí na ndaoine cosúil leat féin nó liomsa." (Robert Burns) |

Nuair a thosaigh athbheochan na hAlbainise i dtús na fichiú haoise, baineadh úsáid as an bhfocal Lallainnis nó ''Lallans'' le tagairt don "Albainis shintéiseach" a bhí ag teacht ar an bhfód san am - is é sin, teanga liteartha a bhí curtha i dtoll le chéile as focail chanúnacha chomh maith le focail a tháinig as seanlitríocht na hAlbainise. |

==Stair== |

Go dtí an [[15ú haois]], b'ionann ''Scottis'' agus Gaeilge na hAlban, agus lucht labhartha na hAlbainise ag tabhairt ''Inglis'' ar an teanga a bhí acu féin. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh sé coitianta ''Erse'', is é sin, teanga na h[[Éireann]], a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban, agus an t-ainm ''Scottis'' nó ''Scots'' ag tagairt don Albainis feasta. |

Ón tseachtú haois ar aghaidh, bhí seanchanúint Nortumbrach an Bhéarla á labhairt in Oir-Dheisceart na hAlban. Bhí an teanga teorannaithe don cheantar seo go dtí an 13ú haois, a fhad agus a bhí Gaeilge na hAlban á labhairt i gcúirt Rí na hAlban. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh an teanga in úsáid i mbuirgeanna na hAlban. Is éard a bhí i gceist leis na buirgeanna ná sórt cathracha a bhí curtha ar bun ag Dáibhí Mac Maol Coilm (Dáibhí a hAon), agus é ina Rí ar Albain sna blianta 1124-1153. An meas a bhí ag na daoine ar an Albainis mar theanga, chuaigh sé i méadaíocht, go háirithe nuair a bhí an [[Fraincis|Fhraincis]] ag imeacht go tiubh. Mar sin, bhí an Albainis á labhairt go forleathan i gcuid mhór d'Oirthear na hAlban ón 14ú haois ar aghaidh. |

Mar sin, tá an Albainis bunaithe ar na canúintí a bhí á labhairt sa Nortumbarlainn sna [[An Mheánaois|Meánaoiseanna]]. Cosúil le canúintí na Nortumbarlainne, bhí sí breac le hiasachtaí Fraincise agus Lochlainnise. Níos deireanaí, fuair an Albainis focail ar iasacht ón Íseal-Ghearmáinis agus ón [[Ollainnis]], ó bhí muintir na hAlban ag trádáil le mairneálaigh ó thuaisceart na Gearmáine agus ón [[An Ísiltír|Ísiltír]]. Fuair an Albainis cuid mhór focal ón nGàidhlig chomh maith, ní nárbh ionadh. Go háirithe na téacsaí dlíthiúla ó na Meánaoiseanna, tá siad breac le hiasachtaí Gàidhlig. |

==Stádas== |

Sa bhliain 1707, chuaigh [[Sasana]] agus Albain le chéile in aon [[Ríocht Aontaithe|ríocht aontaithe]] amháin. Roimhe sin, b'é an meas a bhí ag na daoine ar an Albainis sa dá thír gur teanga ar leith a bhí i gceist leis an Albainis. D'imigh sin, áfach, agus tháinig seo: inniu, is minic a labhraíonn na hAlbanaigh canúintí atá idir eatarthu idir an chanúint Albanach agus an Béarla caighdeánaithe. Bíonn na hAlbanaigh ábalta, ina lán cásanna, [[códmhalartú]] a dhéanamh ó Bhéarla caighdeánaithe go canúint Albanach, de réir mar a theastaíonn uathu. Contanóid atá ann, agus níl sé furasta teorainn shoiléir a shocrú idir "Albainis faoi thionchar an Bhéarla" agus "Béarla faoi thionchar na hAlbainise", ná a rá, cé acu canúintí de chuid Bhéarla na hAlban nó canúintí de chuid na hAlbainise atá i gceist le caint na ndaoine in Albain an lae inniu. |

{{síol}} |

[[Catagóir:Albain]] |

[[Catagóir:Teangacha]] |

[[af:Skots]] |

[[am:ስኮትኛ]] |

[[an:Idioma anglico escozés]] |

[[ang:Scyttisce sprǣc]] |

[[bs:Škotski jezik]] |

[[ca:Scots]] |

[[cs:Skotština]] |

[[cy:Sgoteg]] |

[[de:Scots]] |

[[en:Scots language]] |

[[eo:Skota lingvo]] |

[[es:Escocés (lengua germánica)]] |

[[et:Šoti keel]] |

[[eu:Scotsera]] |

[[fi:Skotin kieli]] |

[[fo:Skotskt (mál)]] |

[[fr:Scots]] |

[[fy:Skotsk]] |

[[gd:A' Bheurla Ghallda]] |

[[gl:Lingua escocesa]] |

[[gv:Baarle Albinagh]] |

[[he:סקוטית]] |

[[hr:Škotski jezik]] |

[[hu:Scots nyelv]] |

[[is:Skoska]] |

[[it:Lingua inglese di Scozia]] |

[[ja:スコットランド語]] |

[[ko:스코트어]] |

[[kw:Skots]] |

[[la:Lingua Scotica (Teutonica)]] |

[[li:Sjots]] |

[[lij:Lengua scosseise]] |

[[lmo:Ingles de la Scossia]] |

[[lt:Škotų kalba]] |

[[mk:Шкотски јазик]] |

[[nds:Scots]] |

[[nl:Schots (taal)]] |

[[nn:Låglandsskotsk språk]] |

[[no:Skotsk]] |

[[nrm:Scots]] |

[[pl:Język scots]] |

[[pms:Lenga scòts]] |

[[pt:Scots]] |

[[ro:Limba scots]] |

[[ru:Шотландский (англо-шотландский) язык]] |

[[sco:Scots leid]] |

[[simple:Lowland Scots]] |

[[sl:Scots]] |

[[sv:Lågskotska]] |

[[tr:Scots]] |

[[uk:Шотландська (германська) мова]] |

[[zh:低地蘇格蘭語]] |
Leagan ó 04:34, 26 Eanáir 2009
Redirect to: