An difríocht idir athruithe ar: "Joanne Hogg"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
m robot Modifying: en:Joanna Hogg
Líne 18: Líne 18:
*[http://www.iona.uk.com/newindex/2004_pages/history_homepage.htm Beathaisnéis an ghrúpa Iona]
*[http://www.iona.uk.com/newindex/2004_pages/history_homepage.htm Beathaisnéis an ghrúpa Iona]
[[Rang:Ceoltóirí Éireannacha|Hogg, Joanne]]
[[Rang:Ceoltóirí Éireannacha|Hogg, Joanne]]

[[en:Joanne Hogg]]
[[en:Joanna Hogg]]

Leagan ó 20:59, 17 Eanáir 2009

Is amhránaí agus ceoltóir Éireannach í Joanne Hogg leis an mbanna Iona.

Rugadh Hogg i dTuaisceart Éireann. Tá cáil uirthi mar an phríomhamhránaí agus scríbhneoir amhrán sa ghrúpa Ceilteach/poip/raic, Iona (atá ainmnithe i ndiaidh Oileán Í/Iona). Is as clann ina bhfuil an-suim sa leigheas í agus mar sin, thosaigh sí féin ag traenáil chun a bheith ina dochtúir.

Chuaigh Hogg go dtí Béal Feirste chun staidéar a dhéanamh ar leigheas. Nuair a bhí sí sa tríú bliain, chan sí in Ocáid Talann na nEalaíontóirí Críostaí agus tarraingíodh aird uirthi ansin. Thosaigh sí ag obair don eagraíocht, Youth for Christ, sa Danmhairg. D’fhill sí ar an Ollscoil bliain ina dhiaidh sin chun an dá bliain a bhí fágtha aice sa leigheas a chríochnú.

Thosaigh sí ag obair san ospidéal i mBéal Feirste ach i 1988, tugadh cuireadh di grúpa ceoil a bhunú le Dave Fitzgerald agus Dave Bainbridge. I 1989, d’éirigh sí as a bheith ag cleachtadh mar dhochtúir agus rugadh Iona. Ó shin, tá Joanne ag canadh ar fud na Eorpa agus Mheiriceá Thuaidh. D'éirigh go maith leis an gceol agus is é an banna Críostaí is mó éilimh san Eoraip anois iad Iona.

Diosclista

Tá a cuid dioscaní féin déanta ag Hogg chomh maith:

Usáideadh a glór sna cluichí ríomhaire Xenogears (don Sony Playstation) agus Xenosaga (don Sony Playstation 2).

Naisc sheachtracha