An difríocht idir athruithe ar: "An tAerchaidéal"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: ur:تلمبہ
m robot Modifying: lb:Antlia
Líne 112: Líne 112:
[[ko:공기펌프자리]]
[[ko:공기펌프자리]]
[[la:Antlia (sidus)]]
[[la:Antlia (sidus)]]
[[lb:Antlia (Stärebild)]]
[[lb:Antlia]]
[[lt:Siurblys (astronomija)]]
[[lt:Siurblys (astronomija)]]
[[lv:Sūknis (zvaigznājs)]]
[[lv:Sūknis (zvaigznājs)]]

Leagan ó 11:55, 4 Eanáir 2009

An tAerchaidéal
an tAerchaidéal
an tAerchaidéal
Ainm Laidine (IAU)Antlia
NodAnt
Ginideach LaidineAntliae
Siombalaíochtan tAerchaidéal
Dronairde10 h
Diallas−90°
Achar239 céim cearnach
Céim 62ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileα Ant
(méid 4.25)
DreigecheathannaDada
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +45° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon réasúnta nua í an tAerchaidéal óir ní ceapadh go dtí an 18ú aois í, ós rud é go raibh sí ródhoiléir lena admháil ag na seanghréagaigh. Ghlac an IAU léi mar cheann den 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Ag tosú i dtuaisceart na réaltbhuíne, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá timpeall an Aerchaidéil: an Phéist Uisce, Compás an Mhairnéalaigh, na Seolta, agus faoi dheireadh an Ceinteár.

Tugtar Antlia mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "aerchaidéal".


Príomhghnéithe

  • α Ant: is réaltbhuíon dhoiléir í an tAerchaidéal gan aon réaltaí geala inti. Is í an réalta is lú doiléir ná α Ant; agus cé gurb í príomhréalta de chuid an Aerchaidéil í, níl a gile dhealraitheach ach ar méid 4.25. Is K4 III a haicme speictreach is a cineál lonrachais


Réada suntasacha domhainspéire

  • NGC 3132: tugtar Réaltnéal na n-Ocht Phléascadh (Eight Burst Nebula as Béarla) nó Réaltnéal Fáinneach Theas (Southern Ring Nebula) mar ainmneacha eile ar an réaltnéal pláinéadach seo. Tá córas déréalta i lár an réada seo.


Stair

Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Aerchaidéil. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).

Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an tAerchaidéal ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá ata inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.

La Machine Pneumatique agus Antlia pneumatica (.i. an t-ainm Fraincise agus an t-ainm Laidine ar an aerchaidéal a chum an t-eolaí Éireannach Robert Boyle) na h-ainmneacha a thug Lacaille uirthi ar dtús, ach giorraíodh idir sin is tráthas an ceann Laidine; dá bhrí sin tugtar an tAerchaidéal ar an réaltbhuíon seo as Gaeilge.

Is suimiúil a thabhairt faoi deara nach ndearna Lacaille aon iarracht de réir cosúlachta na litreacha Bayer a dháileadh ar na réaltaí de réir a ngile dealraithí.

Miotaseolaíocht

Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Aerchaidéil go dtí an 18ú aois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an Aerchaidéal ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.


Réaltaí

Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
α Ant 4.28; δ Ant 5.57; ε Ant 4.51; ζ1 Ant 5.75; ζ2 Ant 5.91; η Ant 5.23; θ Ant 4.78; ι Ant 4.60
Réaltaí suntasacha eile:


Féach fosta


Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.


Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752

an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir