An difríocht idir athruithe ar: "Páirc an Chrócaigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Filleadh eagarthóireachtaí le 89.124.235.2 (Plé); d'athúsáideadh an athrú seo caite le 83.71.175.193
Líne 34: Líne 34:
==Liathróid Láimhe==
==Liathróid Láimhe==
Tá pinniúr breá [[liathróid láimhe]] i bPáirc an Chrócaigh agus imrítear go leor cluichí ann.
Tá pinniúr breá [[liathróid láimhe]] i bPáirc an Chrócaigh agus imrítear go leor cluichí ann.
this iste is good


== Naisc sheachtracha ==
== Naisc sheachtracha ==

Leagan ó 11:18, 18 Nollaig 2008

Teimpléad:Bosca Sonraí staid

Is í Páirc an Chrócaigh ceanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael. Tá sí suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirinn i mbruachbhaile Chluain Life. Sa lá atá inniu ann, is í an staid is mó in Éirinn, agus í ar ceann de na staidiaim is mó san Eoraip féin. Inniu, is féidir 82,500 duine a thoilleadh ansin, tar éis na hatógála a rinneadh ar Chnoc 16, an t-aon chuid den staidiam inar féidir seasamh anois. Tá an pháirc lonnaithe idir líne traenach ar thaobh amháin agus an Chanáil Ríoga ar an taobh eile.

Stair

Páirc lúthchleasaíochta a bhí san áit fiú sular tógadh an staidiam, agus is é an t-ainm a bhí air ná Jones Road Sportsground. I ndiaidh bhunú Chumann Lúthchleas na nGael sa bhliain 1884, thosaigh lucht an chumainn ag baint úsáide as an bpáirc seo go tráthrialta le cluichí Gaelacha a imirt agus le liathróid a bhualadh. B'anseo a himríodh an dá chluich ceannais uile-Éireannach sa bhliain 1896 mar chlabhsúr ar chraobh na bliana 1895. Sna blianta sin, bhí an CLG ag síorfhás, agus tábhacht na páirce ag dul i méid dá réir. Tuigeadh do Phroinsias Ó Duinnín, ball den ChLG a bhí ina iriseoir, cé chomh tábhachtach agus a bhí an pháirc ag na lúthchleasaithe Gaelacha, agus cheannaigh sé í luach £3,250 sa bhliain 1908. Dhíol seisean an pháirc leis an gCumann sa bhliain 1913, agus b'ansin a fuair an áit an t-ainm atá uirthi inniu, is é sin, Páirc an Chrócaigh, in onóir phátrún an Chumainn, an t-Ard-Easpag Thomas Croke.

Páirc an Chrócaigh tar éis a cuid athchóirithe, le linn Chluiche Ceannais Peile na hÉireann i 2004.

Sa bhliain 1913, ní raibh ach dhá ardán ar an taobh den pháirc a bhfuil Ardán Uí Ógáin inniu. Sa bhliain 1917, baineadh úsáid as brablach ón Éirí Amach an bhliain roimhe sin chun Cnoc 16 a thógáil.

Ar an 20 Samhain 1920, tharla sléacht ann faoi lámh na bpóilíní cúnta inar maraíodh triúr duine déag, beirt imreoir ina measc ón gcluiche peile a bhí ar siúl idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árann ar an lá, Séamus Ó hAogáin agus Mícheál Ó hÓgáin. Tugtar Domhnach na Fola ar an eachtra seo. Bhí an Cogadh Angla-Éireannach faoi lán seol san am agus ní ba luaithe ar an lá céanna, mharaigh scuad Mhícheál Uí Choileáin ceathrar oifigeach faisnéise déag de chuid Shasana, agus cineál díoltas ab ea é an t-ionsaí a rinneadh ar Pháirc an Chrócaigh.

Sna fichidí, thosaigh an CLG ar staidiam mhór a thógáil. Tógadh Ardán Uí Chíosóig sa bhliain 1927, agus é ainmnithe as Mícheál Ó Cíosóig ón gClár, duine de bhunaitheoirí an Chumainn. Sa bhliain 1952 tógadh Ardán Nally, agus é ainmnithe i ndilchuimhne ar dhuine eile de na bunaitheoirí, P.W.Nally.

Inniu

Foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann ag imirt rugbaí i bPáirc an Chrócaigh.

Ó thaobh an spóirt de, úsáidtear an staid le haghaidh cluichí Gaelacha amháin ach baineadh úsáid aisti freisin le haghaidh cheolchoirmeacha móra agus ócáidí ar nós na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, a osclaíodh agus a dúnadh ann i 2003. Is foinse chonspóide í úsáid na páirce do chluichí Gaelacha amháin mar thug an Rialtas airgead don CLG chun an staid a athdhéanamh agus cheal staid náisiúnta. Um Cháisc 2005, i gComhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael, socraíodh go mbeadh an CLG sásta go n-imreofaí sacar agus rugbaí sa Pháirc fad is a bheadh an staid ag Bóthar Lansdúin dúnta agus obair tógála ar siúl ann. B'shin Riail a 42 de chuid an Chumainn a bhí ina chnámh spairne le fada.

Liathróid Láimhe

Tá pinniúr breá liathróid láimhe i bPáirc an Chrócaigh agus imrítear go leor cluichí ann.

Naisc sheachtracha