An difríocht idir athruithe ar: "Brian Ó Comhain"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: no:Brian Cowen Modifying: uk:Браян Ковен
m Tuiseal ginideach
Líne 37: Líne 37:


==Saol==
==Saol==
Toghadh Brian Ó Comhain don [[Dáil]] don chéad uair i [[1984]] tar éis bás a athair, a bhí ina TD sa dáilcheantar céanna. Ní raibh sé ach 24 bliain d'aois ag an am. Fuair an Teachta Ó Comhain 26,022 vótaí ina chéad toghchán i 1984, rud nach ndearna sé arís ó shin.
Toghadh Brian Ó Comhain don [[Dáil]] don chéad uair i [[1984]] tar éis bháis a athar, a bhí ina TD sa dáilcheantar céanna. Ní raibh sé ach 24 bliain d'aois ag an am. Fuair an Teachta Ó Comhain 26,022 vótaí ina chéad toghchán i 1984, rud nach ndearna sé arís ó shin.


Nuair a toghadh é mar Uachtarán Fhianna Fáil in Aibreán 2008, thug sé cuid mhaith dá óráid i n[[Gaeilge]]:
Nuair a toghadh é mar Uachtarán Fhianna Fáil in Aibreán 2008, thug sé cuid mhaith dá óráid i n[[Gaeilge]]:

Leagan ó 01:11, 12 Nollaig 2008

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála é Brian Ó Comhain (10 Eanáir, 1960 a rugadh é). Is é an 11ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann) ó 7 Bealtaine 2008.

Ó Mheán Fómhair 2004 bhí sé ina Aire Airgeadais, roimhe seo b'é an tAire Gnóthaí Eachtracha. Ar an 9 Aibreán 2008 d'éirigh sé ina cheannaire ar an bpáirtí Fianna Fáil. Tánaiste ab ea é ón 14 Meitheamh 2007 go dtí gur toghadh é mar Thaoiseach.

Rugadh sa Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí é. D'fhás sé aníos i gClóirtheach, Co. Uíbh Fhailí.

Saol

Toghadh Brian Ó Comhain don Dáil don chéad uair i 1984 tar éis bháis a athar, a bhí ina TD sa dáilcheantar céanna. Ní raibh sé ach 24 bliain d'aois ag an am. Fuair an Teachta Ó Comhain 26,022 vótaí ina chéad toghchán i 1984, rud nach ndearna sé arís ó shin.

Nuair a toghadh é mar Uachtarán Fhianna Fáil in Aibreán 2008, thug sé cuid mhaith dá óráid i nGaeilge:

"I dtosach báire, ba mhaith liom labhairt i mo theanga dhúchais. Is mór an onóir dom ceannaireacht an pháirtí a ghlacadh agus táim fíor-bhuíoch do mo chomhpholaiteóirí, mo chairde, a roghnaigh mé don post fíor-thábhachtach seo.
Ó bhíos ar scoil, tá grá agam don teanga agus tá sé ar intinn agam gach tacaíocht a thabhairt do fhorbairt na Gaoluinne amach anseo. Cé nach féidir linn go léir ár dteanga a labhairt go líofa, táim cinnte go bhfuilimid báúil di. De bhárr go bhfuil cónaí orainn ar oileán atá ar imeall na hEorpa, níl brú orainn Gaoluinn a labhairt. Dá mbeimís lonnaithe i lár na hEorpa táim cinnte go mbeadh Gaoluinn már chéad teanga againn mar bheimís ag éisteacht le teangacha éagsúla agus in iomaíocht leo.
Is cuid dár gcultúr dár n-oidhreacht, dár bhféinionannas í, ár dteanga agus caithimidne, baill Fhianna Fáil, tréan-iarracht a dhéanamh chun Gaoluinn a chur chun cinn.
Sar i bhfad beimid ag plé Chonradh Liospóin agus tá sé de dhualgas orainn teanga bhinn ár sinsear a fhorbairt agus féin-aitheantas mhuintir na hÉireann a chothú.
Sé atá á mholadh agam ná stádas na teanga a ardú agus sochaí na tíre a spreagadh agus a ghríosadh chun cuspóirí ár sinsear a bhaint amach."