An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Conas alt a chur in eagar"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: as, be-x-old, bs, hr, la, mn, pl Removing: ar, be, fa, hi, lb, pt Modifying: af, am, bg, ja, ro, simple, sk, vi, yi
m robot Modifying: la:Vicipaedia:De recensendo
Líne 93: Líne 93:
[[it:Aiuto:Modifica]]
[[it:Aiuto:Modifica]]
[[ja:Help:ページの編集]]
[[ja:Help:ページの編集]]
[[la:Vicipaedia:Taberna]]
[[la:Vicipaedia:De recensendo]]
[[lt:Pagalba:Kaip redaguoti puslapį]]
[[lt:Pagalba:Kaip redaguoti puslapį]]
[[mn:Help:Арай өндөр төвшинд текст засварлах талаар]]
[[mn:Help:Арай өндөр төвшинд текст засварлах талаар]]

Leagan ó 13:39, 11 Nollaig 2008

Is vici (WikiWiki) í an Vicipéid. Is é is brí le sin ná go bhfuil cead ag gach duine leathanach a chur ar fáil nó a fheabhsú, agus aon athrú a dhéanann sé, go gcuirfear ar taispeáint é láithreach. Is é an leathanach seo an tagairt don scríobhchód mearshuímh. B'fhéidir gur mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi:

Tá sé an-éasca leathanach mearrshuímh a chur in eagar. Lean an nasc "Athraigh" ag barr an ailt nó. Osclófar leathanach le bosca téacs, ina bhfuil téacs so-athraithe an leathanach mearshuímh.

Ansin, clóscríobh d'alt, scríobh achoimriú athraithe gearr sa bhosca beag thíos, agus nuair atá tú réidh, gliogáil ar "Sábháil"! Is féidir leat réamhamharc a fháil ar do chuid athruithe, más mian leat.

Dé réir an chórais atá agat, tá seans go mbeidh an toradh Sábhála ann nuair a bhuaileann tú ar Iontráil, agus nach bhfuil an bosca athraithe gníomhach (nuair nach bhfuil aon chúrsóir clóscríofa ann).

Más é do thoil é, scríobh le dearcadh neodrach, agus luaigh do chuid foinsí - ionas gur féidir le daoine eile do chuid oibre a sheiceáil agus cur leis.

Is minic a bhíonn sé níos áisiúla an téacs a chóipeáil chuig an próiseálaí focal is fearr leat, na hathraithe agus seiceáil litrithe a dhéanamh ansiúd, agus ansin é a chóipeáil ar ais chuig do bhrabhsálaí chun réamhamharc a fháil air. Mar sin, d'fhéadfá cóip áitiúil bhreise a dhéanamh chun athruithe a dhéanamh uirthi as líne.

Sa cholún ar chlé, tá na feidhmeanna is féidir a dhéanamh le feiceáil. Sa cholún ar thaobh na láimhe deise léirítear conas na feidhmeanna sin a bhaint amach. Is é sin, chun an cruth sa cholún clé a bhaint amach, clóscríobh mar atá sa cholún dheis. B'fhéidir gur maith leat an leathanach a oscailt sa fuinneog eile mar tagairt. Más maith leat an córas a tástáil gan damáiste a dhéanamh, is féidir leat é sin a dhéanamh san Clar Dubh

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo as dáta agus neamhchríochnaithe fós. Go dtí go mbeidh sé críochnaithe, féach ar an lámhleabhair do MediaWiki i mBéarla chun eagrán reatha a fháil.

Ranna, Paragraif, Liostaí agus Línte

Liostaí

Má theastaíonn uait liosta a chruthú, cuir * roimh gach mír sa liosta.

Mar shampla: Taispeáinfear:
*An Iodáil
*Éire
mar:
  • An Iodáil
  • Éire.

Má theastaíonn uait liosta le huimhreacha a chruthú, cuir # roimh gach mír sa liosta.

Mar shampla: Taispeáinfear:
#An Iodáil
#Éire
mar:
  1. An Iodáil
  2. Éire.

Línte

Má theastaíonn uait líne a chruthú, ionchur: ----.

Naisc, Seoltaí URL, Íomhánna

Naisc

Má theastaíonn uait nasc a chruthú, cuir [[ ]] mórthimpeall ar an bhfocal.

Mar shampla: Taispeáinfear [[Litríocht Iodáileach]] mar Litríocht Iodáileach.

Má tá tú ag iarraidh nasc a chruthú agus níl tú ag iarraidh teideal an ailt a thaispeáint mar atá, cuir an teideal idir an chéad [[agus líne ingearach ( | ) agus cuir an focal atá ag teastáil uait tar éis an líne.

Mar shampla: Taispeáinfear [[Litríocht Iodáileach|madra]] mar madra.

Má tá nasc eile ón Vicipéid á chruthú agat, cuir [[:cód teanga:teideal an ailt]] ar an leathanach

Mar shampla: Taispeáinfear [[:en:Irish]] mar en:Irish.

Seoltaí URL

Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú, ionchuir an seoladh iomlán leis an http:// ag an tús.

Mar shampla: Taispeáinfear http://www.wikipedia.org mar http://www.wikipedia.org

Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú ach níor mhaith leat an URL a léiriú, cuir [ ] mórthimpeall ar an seoladh.

Mar shampla: Taispeáinfear [http://www.wikipedia.org] mar [1]

Cruth a chur ar litreacha

Táblaí

Féach freisin ar