An difríocht idir athruithe ar: "Príosún Chill Mhaighneann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: pl:Kilmainham Gaol
Líne 38: Líne 38:
[[fr:Prison de Kilmainham]]
[[fr:Prison de Kilmainham]]
[[it:Kilmainham Gaol]]
[[it:Kilmainham Gaol]]
[[ja:キルメイナム刑務所]]
[[no:Kilmainham fengsel]]
[[no:Kilmainham fengsel]]
[[pl:Kilmainham Gaol]]
[[pl:Kilmainham Gaol]]

Leagan ó 17:37, 21 Samhain 2008

Príosún Chill Mhaighneann

Foirgneamh i mBaile Átha Cliath, Éire is ea é Príosún Chill Mhaighneann. Príosún ab ea é ó 1796 go dtí 1924, ach is músaem é anois. Áit thábachtach i stair na hÉireann is ea é. Osclaíodh é ag an am Acht an Aontais, agus dúnadh é tar éis bhunú Saorstát Éireann. Mar sin, suíomh tábhachtach ab ea é sa tréimshe tábhachtach seo i stair na hÉireann.

Stair

Bunaíodh an príosún i gCill Mhaighneann, in aice leis an chathair, i 1796. Ar dtús, tugadh an t-ainm "an príosún nua" air, mar bhí seanphríosún eile in aice leis. Ó 1796 go dtí 1924, ba é seo an príosún inar cuireadh (agus a lámhachadh go minic) réabhlóidithe agus polaiteoirí a bhí ag troid ar son saoirse na hÉireann. Mar shampla, Réabhlóid na nÉireannach Aontaithe i 1798, éirí amach Robert Emmet i 1803, An Gorta Mór ó 1845 go dtí 1851, Éirí Amach na nÉireannach Óga i 1848, Éirí Amach na bhFíníní i 1867, Cogadh na Talún sna 1880í, Éirí Amach na Cásca i 1916, Cogadh na Saoirse ó 1919 go dtí 1921, agus Cogadh Cathartha na hÉireann sna 1920í. Coinníodh agus lámhachadh ceannairí Éirí Amach 1916 ann, agus ba é Eamon de Valera an príosúnach deireanach a bhí faoi choinneáil i gCill Mhaighneann. Dhún rialtas an tSaorstáit é mar phriosún i 1924. I measc na bpríosúnach cáiliúla bhí:

Músaem

Is séadchomhartha náisiúnta é an príosún anois. Mar sin, rinneadh a lán oibre ar an fhoirgnimh, agus osclaíodh é mar mhúsaem náisiúnachais. Insionn an músaem an scéal faoin bhóthar trioblóideach go saoirse na hÉireann. Thug 160,000 daoine cuairt ar an músaem i 1999.

Scannáin

Rinneadh roinnt scannán san fhoirgneamh freisin, mar shampla: