An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó hEochaidh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Modifying: gd:Charles Haughey
Líne 65: Líne 65:
[[it:Charles Haughey]]
[[it:Charles Haughey]]
[[ja:チャールズ・ホーヒー]]
[[ja:チャールズ・ホーヒー]]
[[mr:चार्ल्स हॉई]]
[[nl:Charles Haughey]]
[[nl:Charles Haughey]]
[[no:Charles J. Haughey]]
[[no:Charles J. Haughey]]

Leagan ó 09:28, 22 Meán Fómhair 2008

Teimpléad:Taoiseach na hÉireann bosca eolais Ba é Cathal Séamas Ó hEochaidh (16 Meán Fómhair, 1925 - 13 Meitheamh 2006), Charles James Haughey as Béarla, nó Charlie Haughey de ghnáth; a rugadh i gCaisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, an 6ú Taoiseach (ceann Rialtais Phoblacht na hÉireann) agus an cheathrú cheannaire ar Fhianna Fáil.

Luathshaol

Bhog a chlann go dtí Baile Átha Cliath, agus d'fhreastal sé ar Scoil Naomh Iosaef (na Bráithre Críostaí) in éineacht lena choimhlinteoir i bhFianna Fáil, Seoirse Ó Colla. Bhain sé céim amach sa chuntasaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Cháiligh sé mar abhcóide ina dhiaidh sin.

Luathshaol Polaitíochta

Phós sé Maureen Lemass i 1951. B'iníon í seo le Seán F. Lemass, a bhí ina Thaoiseach ag an am. Toghadh go Dháil é don chéad uair sa bhliain 1957.

Triail na n-Arm

Ag deireadh na seascaidí, bhris foréigean amach i dTuaisceart na hÉireann. Bhí Ó hEochaidh ina Aire Dlí i gcaibinéad Sheáin Uí Loingsigh ag an am. Ní fhacathas Ó hEochaidh mar taobhaitheoir leis an bhfeachtas foréigin ó thuaidh agus mar sin, bhí ionadh ann nuair a sacáladh Ó hEochaidh agus Niall Blaney ón gcaibinéad mar gheall ar líomhaintí gur úsáideadh airgead Stáit le airm a iompórtáil don IRA. Tógadh an bheirt chun triail in éineacht leis an gCaptaein James Kelly, agus fear gnó ón mBeilg darbh ainm Albert Luykx. Éigiontaíodh an ceathrar agus ceapadh go raibh saol polaitíochta Uí Eochaidh thart. Chaith sé roinnt blianta ar na cúlbhinsí ag iarraidh tacaíocht a ghineadh dó féin ón mbonn aníos.

Tréimhsí mar Thaoiseach

D'éirí Jack Lynch as mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil sa bhliain 1979. Toghadh Ó hEochaidh i gcomharbacht air nuair a bhuaigh sé comórtas don cheannaireacht i gcoinne Seoirse Ó Colla a bhí ina Thánaiste ag an am. Chaith sé ceithre théarma mar Thaoiseach - (1979-1981; 1982 (Feabhra-Samhain); 1987-1989; 1989-1992).

Conspóid

D'éirigh sé as an bpolaitíocht i 1992 mar gheall ar ábhair chonspóideacha a tháinig chun solais. Bhí an chonspóid mar chuid lárnach dá shaol, go háirithe tar éis dó éirí as. D'ardaíodh roinnt ceisteanna thar na blianta maidir le foinse maoinithe a shaol rachmasach. Tháinig sé chun solais i mBínse Fiosruithe McCracken agus i mBinse Fiosruithe Uí Mhuircheartaigh go raibh ard-chaimiléireacht ar bun ag Ó Eochaidh trí íocaíochtaí neamh-fhógartha a bhfuair sé ó lucht ghnó na tíre a phróiseáil i gcuntais thar sáile chomh maith le mí-úsáid a bhain sé as cuntas costaisí an Taoisigh.

Bás

D'éag sé ar an 13 Meitheamh 2006 agus cuireadh é i Reilig Naomh Fionntán i gCill Fhionntáin i dtuaisceart chathair Átha Cliath. Bhí ceathrar clainne aige; Emer Mulhern, Seán (Teachta Dála anois), Conor agus Ciarán.