An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Cléirigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 11: Líne 11:


[[en:Mícheál Ó Cléirigh]]
[[en:Mícheál Ó Cléirigh]]
[[es:Mícheál Ó Cléirigh]]
[[it:Mícheál Ó Cléirigh]]
[[it:Mícheál Ó Cléirigh]]

Leagan ó 15:46, 11 Meán Fómhair 2008

Staraí agus príomhúdar Annála na gCeithre Máistrí ab ea Mícheál Ó Cléirigh (t.1590 – 1643) Scríobh sé na hAnnála in éineacht le Lughaidh Ó Cléirigh, Fearghas Ó Maolchonaire agus Lughaidh Ó Duibhgeannáin. Duine den teaghlach clúiteach staraithe ó Chill Bhairdne i dTír Chonaill. Tadhg an t-ainm a baistíodh air, agus tugadh Tadhg an tSléibhe go coitianta air, nó gur thóg sé an t-ainm Micheál nuair a chuaigh sé sa Bráithre Proinsiasacha i gColáiste Naomh Antaine i Lobháin.

Faoi stiúr an ghairdiain, Aodh Buí Mac an Bhaird (1580-1635), cuireadh go hÉirinn ag bailiú seanchais ó lámhscríbhinní é, agus le cúnamh óna chomhleacaithe, Cú Choigcríche Ó Cléirigh, Fearfeasa Ó Maolchonaire, Lughaidh Ó Duibhgeannáin, chuir sé i dtoll a chéile An Reim Rioghroidhe i 1630, An Leabhar Gabhála i 1631, agus an t-ollsaothar ar a tugadh Annála na gCeithre Máistrí (1636). D’oibrigh sé freisin ar an naomhsheanchas agus ar fhoclóir a foilsíodh i 1643. Cailleadh i Lobháin é c.1643

Déantar léiriú ficseanúil ar Mhicheál Ó Cléirigh i Lobháin san úrscéalAn Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí.