An difríocht idir athruithe ar: "Ronnie Drew"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Eolas breise
Cúpla rud beag eile
Líne 25: Líne 25:
==Bás==
==Bás==


Fuair Ronnie Drew bás ag a dó a chlog ar 16 Lúnasa 2008 in [[Ospidéal Naomh Uinseann]] i m[[Baile Átha Cliath]].<ref>http://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2008/0817/breaking17.htm</ref> Bhí [[ailse]] air le tamall fada roimhe sin agus bhí a bhean chéile tar éis bás a fháil an bhliain roimhe sin.<ref>http://www.independent.ie/national-news/wife-of-dubliners-star-ronnie-drew-dies-693282.html</ref> Bhí beirt pháistí acu, mar atá, Phelim agus Clíona.
Fuair Ronnie Drew bás ag 2.40in ar 16 Lúnasa 2008 in [[Ospidéal Naomh Uinseann]] i m[[Baile Átha Cliath]].<ref>http://www.tribune.ie/news/home-news/article/2008/aug/17/folk-legend-ronnie-drew-passes-away/</ref> Bhí [[ailse]] scornaí air le tamall fada roimhe sin agus bhí a bhean chéile tar éis bás a fháil an bhliain roimhe sin.<ref>http://www.independent.ie/national-news/wife-of-dubliners-star-ronnie-drew-dies-693282.html</ref> Bhí beirt pháistí acu, mar atá, Phelim agus Clíodhna.


==Tagairt==
==Tagairt==

Leagan ó 13:32, 17 Lúnasa 2008

Teimpléad:Bosca Sonraí banna

B'amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta Éireannach é Ronnie Drew (16 Meán Fómhair 193416 Lúnasa 2008). Bhí sé ina phríomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil thraidisiúnta The Dubliners, rud a thuill an cháil is mó dó le linn a ghairm cheoil. Chuir sé tús le gairm cheoil mar amhránaí aonair sa bhliain 1995.

Óige

Rugadh Ronnie Drew i nDún Laoghaire sa bhliain 1934. Chaith sé tamall sa Spáinn sna 1950idí ag múineadh Béarla agus ag foghlaim cheol na Spáinne agus bhain sé líofacht amach sa Spáinnis ansin.

The Dubliners

Bhunaigh Ronnie Drew The Dubliners in éineacht le Luke Kelly, Ciaran Bourke agus Barney McKenna i 1962. Bhí an t-ainm The Ronnie Drew Group orthu ar dtús, ach ghlac siad an t-ainm The Dubliners chucu féin de réir a chéile. Aithníodh Ronnie as an nguth greanach a bhí aige agus é ag canadh agus chuir muintir Bhaile Átha Cliath aithne orthu agus ar a gcuid ceoil le linn dóibh a bheith ag seinm i dTeach Tábhairne O'Donoghue's. Díríodh aird mhór ar an mbanna nuair a bhí amhrán mór-ráchairte acu i gcairteacha ceoil na Ríochta Aontaithe sa bhliain 1967, mar atá, Seven Drunken Nights agus chuaigh an grúpa ar an gclár ceoil cáiliúil, Top of the Pops, chun é a chasadh. Ach chuir RTÉ cosc ar chasadh an amhráin ar a stáisiúin siúd mar gheall ar liricí an amhráin a bheith gáirsiúil, dar leo.

Ach d'éirigh Ronnie tinn tuirseach den síorthaisteal a bhí á dhéanamh ag an mbanna de réir a chéile agus d'fhág sé an banna ar feadh tréimhse idir 1975 agus 1979. D'fhág sé an grúpa go buan ina dhiaidh sin, i 1995. Tugadh onóir do mar cheoltóir ar 22 Lúnasa 2006 nuair a feistíodh múnla de lorg a lámh ar an gcosán taobh amuigh d'Amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath.[1]

Bás

Fuair Ronnie Drew bás ag 2.40in ar 16 Lúnasa 2008 in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath.[2] Bhí ailse scornaí air le tamall fada roimhe sin agus bhí a bhean chéile tar éis bás a fháil an bhliain roimhe sin.[3] Bhí beirt pháistí acu, mar atá, Phelim agus Clíodhna.

Tagairt

Naisc Sheachtracha