An difríocht idir athruithe ar: "Comhar"
Guliolopez (plé | dréachtaí) Wikify |
Guliolopez (plé | dréachtaí) +IV (Is Comhar still publishing? If not, article needs to reflect that) |
||
Líne 14: | Líne 14: | ||
[[Catagóir:Irispháipéair]] |
[[Catagóir:Irispháipéair]] |
||
[[en:Comhar]] |
Leagan ó 16:18, 16 Lúnasa 2008
Iris mhíosúil Ghaeilge í Comhar ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha. Bhunaigh lucht na heagraíochta idir-ollscoile An Comhchaidreamh sa bhliain 1942 í.[1] Bhí agus tá an iris ina fóram do scríbhneoirí nua Gaeilge agus tá sí dírithe ar léitheoirí a bhfuil oideachas orthu. Ba é Breandán Ó hEithir an duine is mó aithne air a bhí ina eagarthóir ar an iris; scríbhneoirí móra le rá a raibh ailt dá gcuid foilsithe ar an iris is ea Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain, Alan Titley agus Seán Mac Mathúna.
Foilsíonn Comhar dornán beag de leabhair freisin.
Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí an iris a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. Mí an Mheithimh 2008 áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.[2]
Is é Aindrias Ó Cathasaigh eagarthóir nua na hirise.
Tagairtí
- ↑ The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
- ↑ The Irish Times, 25 Meitheamh 2008, 'Tá an iris liteartha Comhar le héirí ó mhairbh'