An difríocht idir athruithe ar: "Bean"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Undo revision 158895 by Niggers on a bike (Talk)
m robot Adding: hak:Ńg-ngìn Modifying: ar:امرأة
Líne 44: Líne 44:
[[an:Muller]]
[[an:Muller]]
[[ang:Wīf]]
[[ang:Wīf]]
[[ar:مرأة]]
[[ar:امرأة]]
[[az:Qadın]]
[[az:Qadın]]
[[bar:Wei]]
[[bar:Wei]]
Líne 67: Líne 67:
[[gd:Bean]]
[[gd:Bean]]
[[gl:Muller]]
[[gl:Muller]]
[[hak:Ńg-ngìn]]
[[he:אישה]]
[[he:אישה]]
[[hi:नारी]]
[[hi:नारी]]
Líne 83: Líne 84:
[[lij:Donna]]
[[lij:Donna]]
[[lt:Moteris]]
[[lt:Moteris]]
[[mh:Kora]]
[[ms:Perempuan]]
[[ms:Perempuan]]
[[mt:Mara]]
[[mt:Mara]]

Leagan ó 07:07, 6 Lúnasa 2008

Is é is bean ann ná duine baineann fásta. "Cailín" nó "girseach" a thugtar ar dhaoine baineanna nár tháinig i mbun a méide fós.

Comharthaí sóirt

I gcomparáid leis an bhfear, is iad na comharthaí sóirt ar a n-aithnítear an bhean ná:

  • Tá cíocha forbartha ar an mbean. Is é atá i gceist leis na cíocha ná faireoga atá in ann bainne a thál i ndiaidh don bhean leanbh a bhreith, agus fíochán sailleach ina dtimpeall.
  • Bíonn corróga na mná níos leithne ná a guailleacha.
  • Ní bhíonn an oiread céanna clúimh ar an mbean agus a bhíonn ar an bhfear. Ní bhíonn fionnadh ar bhrollach na mná, ná féasóg ar a haghaidh.
  • Bíonn guth na mná níos géire ná guth an fhir.
  • Bíonn an bhean níos ísle ná an fear.

Baill ghiniúna na mná

Tá baill ghiniúna na mná oiriúnach don bhod a ligean isteach, ionas gur féidir don fhear a sheamhan a thál agus leanbh a choimpeart. Is iad baill ghiniúna eachtracha na mná ná an brillín, na labia majora nó liopaí móra na pite, agus na labia minora nó liopaí beaga na pite. Idir na liopaí a osclaítear an bealach isteach san fhaighin. Le linn na comhriachtana, sáitear an bod isteach san fhaighin agus an fear á bhogadh isteach is amach, ar dhóigh is go bhfuil an bod ag cuimilt leis an tseicin mhúcasach. Má shroicheann an fear a órgasam, ligfidh sé amach tonn seamhain (scaoileadh síl) a rachaidh isteach sa bhroinn (san útaras) taobh thiar den fhaighin.

Ar an dá thaobh den útaras, tá na hubhagáin, ina dtáirgtear na hubháin, is é sin, cealla atáirgthe na mná. An píobán a cheanglaíonn an t-ubhagán den útaras, tugtar ubhaducht ("píobán Fallópach") air. Scaoiltear ubhán amháin in aghaidh na míosa saor as ceann de na hubhagáin. Má bhuaileann sé faoi speirmchill ar a bhealach go dtí an t-útaras, iompóidh sé ina shiogót. Nuair a ghreamóidh an siogót san útaras, iompóidh sé ina shuth. Ansin, deirtear go bhfuil an bhean torrach, nó go bhfuil sí ag iompar clainne. Dhá mhí i ndiaidh na coimpeartha, beidh cuma an duine ar an suth, ionas nach suth é a thuilleadh, ach féatas. Beidh an féatas ag fás agus ag forbairt go ceann seacht mí eile, go dtí go saolófar an leanbh.

Mura mbuaile an t-ubhán faoi speirmchill, ní ghreamóidh sé den útaras. Tiocfaidh sé amach as an bhfaighin in éineacht le fuil mhíosúil, nó míostrú, na mná.

Focail Ghaeilge ar mhná éagsúla

  • áilleagán, áilleagán mná: bean amaideach álainn, bean nach bhfuil aon suáilce eile ag baint léi ach a dathúlacht
  • cailleach: seanbhean
  • cliobóg: bean láidir, bean a bhfuil urra mór coirp inti
  • meabhróg: cailín nó bean atá cliste, intleachtúil
  • óinseach: amadán mná
  • striapach: bean choiteann, bean atá ag dul le meirdreachas mar shlí bheatha. Focal an-láidir é "striapach", agus is fearr gan é a rá os ard. Is ionann "an t-ainm mór a thabhairt ar bhean" agus striapach a thabhairt uirthi.