An difríocht idir athruithe ar: "An eitinn"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Replace image of uncertain copyright with free version from commons.
m robot Adding: sah:Сэллик
Líne 86: Líne 86:
[[qu:Qhaqya unquy]]
[[qu:Qhaqya unquy]]
[[ru:Туберкулёз]]
[[ru:Туберкулёз]]
[[sah:Сэллик]]
[[sh:Tuberkuloza]]
[[sh:Tuberkuloza]]
[[simple:Tuberculosis]]
[[simple:Tuberculosis]]

Leagan ó 21:56, 5 Lúnasa 2008

Galar is ea í an eitinn arb é an baictéar úd Mycobacterium tuberculosis is cúis leis. "Tubarculóis" nó leagan éigin áitiúil den fhocal chéanna a thugtar ar an eitinn sna teangacha coimhthíocha, ach is ar éigin a chloisfeá sa Ghaeilge dhúchasach é. Créachta a thugtar ar an eitinn fosta, go háirithe i nGaeilge Uladh.

Ar na scamhóga is minicí a ghoilleann an eitinn, ach is féidir léi dul i bhfeidhm ar bhaill eile den chorp, ar na cnámha nó ar an inchinn mar shampla.

Ionfhabhtú sna scamhóga

BCG a thugtar ar an vacsaín a thugann díonadh (imdhíonacht) don duine ar an eitinn. Seasann na litreacha sin do Bacillus Calmette-Guérin. Is é atá i gceist leis an BCG ná tréithchineál lagaithe den bhaictéar Mycobacterium bovis, is é sin, baictéar eitinne na mbó. B'iad Albert Calmette agus Camille Guérin, beirt bhaictéareolaithe a bhí ag obair in Institiúid Pasteur i Lille a d'fhorbair an vacsaín i rith bhlianta an Chéad Chogadh Domhanda. Tháinig an vacsaín in úsáid sa chéad uair sa bhliain 1921, ach níor éirigh sí coitianta ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí an eitinn forleathan go leor in Éirinn i dtús na fichiú haoise, rud atá le léamh ar litríocht Gaeilge na linne chomh maith. Inniu, áfach, is fánach duine a tholgann an eitinn. Is iad na príomhchúiseanna leis ná:

(a) go bhfuil caighdeán maith maireachtála sa tír don chuid is mó, (b) gur féidir linn cóir leighis a thabhairt do dhaoine a bhfuil an aicíd orthu, agus (c) go bhfuil leibhéal ard imdhíonachta ann.

Is léir freisin go bhfuil tuiscint na ngnáthdhaoine do chúrsaí an tsláinteachais i bhfad níos fearr inniu ná mar a bhíodh.

Sa Tríú Domhain tá líon na ndaoine a tholgann an eitinn agus a fhaigheann bás léi i bhfad níos airde, agus é ag dul i méadaíocht go gasta i gcuid mhór tíortha.

Conas a théann an eitinn i bhfeidhm ort?

Is gnách go dtosaíonn an eitinn le láthair bheag athlasta in aon scamhóg amháin. Téann an láthair athlasta i méid ansin agus mura gcuirtear bac leis an athlasadh in am leathnóidh sé amach chuig an scamhóg eile sa deireadh. Ní féidir na scamhóga athlasta a thabhairt ar ais, agus mar sin tá sé ardtábhachtach an t-othar a chur ar bhealach a bhisithe in am.

Aithnítear an aicíd ar na hairíonna seo:

  • tá an t-othar ag casachtach ar feadh seachtainí;
  • tá fiabhras air;
  • bíonn sé ag bárcadh allais gan chúis shoiléir, go háirithe istoíche;
  • tá sé ag cailliuint meáchain;
  • bíonn tuirse air gan chúis shoiléir;
  • bíonn slaoda fola sa ramallae a chaitheann sé le linn na dtaomanna casachtaí.