An difríocht idir athruithe ar: "Aifreann Laidineach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Modifying: ko:트리덴티노 미사
Replace image of uncertain copyright status with free version from commons.
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Mass.jpg|thumb|right|]]
[[Íomhá:Obraz 021.jpg|thumb|220px|right|]]
Is é is bun-bhrí leis an téarma '''Aifreann Laidineach''' ná "Aifreann i [[Laidin]]", ach úsáidtear é freisin le brí "Aifreann de réir deasghnáth Chomhairle Trent" (''Missa Tridentina'').
Is é is bun-bhrí leis an téarma '''Aifreann Laidineach''' ná "Aifreann i [[Laidin]]", ach úsáidtear é freisin le brí "Aifreann de réir deasghnáth Chomhairle Trent" (''Missa Tridentina'').



Leagan ó 16:35, 3 Lúnasa 2008

Is é is bun-bhrí leis an téarma Aifreann Laidineach ná "Aifreann i Laidin", ach úsáidtear é freisin le brí "Aifreann de réir deasghnáth Chomhairle Trent" (Missa Tridentina).

Aifreann i Laidin

I dtús na Críostaíochta is sa Ghréigis a ceiliúradh an tAifreann i gcathair na Róimhe, ach ón tríú aois ar aghaidh ceiliúradh é, ní amháin sa Róimh ach i ngach tír Iarthar Eorpa, i Laidin, teanga an léinn agus an chultúir sa limistéar sin go dtí an Athbheochan agus (i bhfoirm laghdaithe) do gtí an 19ú aois. Mar eisceacht, úsáidtí an tSean-Sláibh sa Bhalcáin le ceadú na bPápaí.[1] [2]

Is é riail láithreach na hEaglaise, tar éis Dara Comhairle na Vatacáine, nach bhfuil iallach ar an sagart an Laidin a úsáid ag ceiliúradh an Aifrinn dó, ach ceadaítear dó í a úsáid i gcónaí, ach amháin in Aifrinn ar chlár lena gceiliúireadh i dteanga an phobail (Redemptionis sacramentum, 112).

Aifreann Chomhairle Trent

Cumann an Aifrinn Laidinigh ann chun an Aifreann a chaomhnú in Éirinn mar ba ghnách é a cheiliúireadh roimh 1970. Ceadaítear do na grúpaí a bhfuil ceangail eadarthu agus an fhoirm sin den Aifreann feidhm a bhaint as an Leabhar Aifrinn a d'fhoilsigh an Pápa Eoin XXIII sa bhliain 1962, in ionad an eagráin chomhaimseartha. Leis an litir Summorum Pontificum shocraigh an Pápa Beinidict XVI na rialacha a bhaineann le húsáid an Leabhar Aifrinn sin.

Eagraíochtaí Traidisiúnta

  • Sámtha Baineann Traidisiúnta
    • Beinidictigh – Jouques, An Fhrainc
    • Beinidictigh – Le Barroux, An Fhrainc [18]
    • Beinidictigh – Rosans, An Fhrainc
    • Ban-Chanónaigh Rialta Máthair Dé - Gap, An Fhrainc [19]
    • Siúracha na Fola Ró-luachmhar – Schellenberg, Liechtenstein
    • Siúracha na Fola Ró-luachmhar – St. Pelagiberg, An Eilbhéis
    • Beinidictigh Muire, Banríon na nAspal - Kansas City, Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá [20]
    • Adhraitheoirí Chroí Ríoga Íosa Chríost Ard-Shagart, Sieci, An Iodáil [21]
    • Cairmilítigh Díbhrógacha - Valparaiso, Nebraska, Stáit Aontaithe Mheiriceá [22]
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Baffe, An Fhrainc
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Draguignan, An Fhrainc
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Nantes, An Fhrainc
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Pontcalec, Berne, An Fhrainc
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Saint Cloud, An Fhrainc
    • Íobartaigh Rialta Chroí Ró-Naofa Íosa – Marseille, An Fhrainc
    • Institiúid Seirbhísigh Banríon na nAspal - Columbus, OH, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Teimpléad:Link FA