An difríocht idir athruithe ar: "Craobh Shinsear Iomána na hÉireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
MacTire01 (plé | dréachtaí)
Iolar (plé | dréachtaí)
m →‎Naisc sheachtracha: níl síolta fós é
Líne 192: Líne 192:


{{Teimpléad:Craobh Iomána Sinsearach}}
{{Teimpléad:Craobh Iomána Sinsearach}}
{{stumpa}}


[[Catagóir:Cumann Lúthchleas Gael]]
[[Catagóir:Cumann Lúthchleas Gael]]

Leagan ó 17:31, 12 Iúil 2008

Cumann Lúthchleas Gael.

Príomhchomórtas iomána in Éirinn é Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann (Béarla: All-Ireland Senior Hurling Championship). Comórtas bliantúil atá ann, a eagraíonn an Cumann Lúthchleas Gael. Imrítear na cluichí le linn an tsamhraidh, agus bíonn Cluiche Ceannais Iomána Sinsearach na hÉireann i gcónaí i mí Meán Fómhair, ar an gcéad nó an dara Domhnach i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath. An duais atá i gceist ná an Corn Liam Mac Carthaigh. Is é Guinness an t-urraitheoir faoi láthair.

Meastar go bhfuil an iománaíocht i measc na spórt is tapa agus is tréitheach ar domhan. Tá na sárchumhachtaí sa spórt seo lonnaithe don chuid is mó i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan, mar shampla Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobrad Árann. Tá 85 bua ag na contaetha seo le chéile sa chomórtas. Faoi láthair, is iad Cill Chainnigh agus Corcaigh na foirne is rathúla, le 30 bua. Chomh maith leis sin, is é Corcaigh an t-aon chontae a bhuaigh an duais ceithre bhliain as a chéile (sna 1940idí).

Forbhreathnú

Nuair a bunaíodh an CLG ar 1 Samhain 1884, aontaíodh go raibh gá le comórtas náisiúnta nua a chruthú sna cluichí Gaelacha, chun dul chun cinn a dhéanamh leis na cluichí dúchasacha, peil Ghaelach agus iománaíocht ach go háirithe. Ag an tríú chruinniú a bhí acu sa bhliain 1885, chum siad rialacha nua don spórt sean-aimseartha iománaíocht, agus foilsíodh iad sna nuachtáin ar fud na tíre. Sa bhliain 1886, bunaíodh na boird chontae le bheith i gceannas ar na cluichí sna contaetha éagsúla. Imríodh an chéad Chraobh Iomána sa bhliain 1887. Ní raibh ach cúig fhoireann páirteach ann, ach ba choschéim í sa tslí cheart don eagraíocht nua.

Nuair a thosaigh Chraobh Iomána na hÉireann ar dtús, b'iad na clubanna a bhuaigh comórtas an chontae a d'imigh ar aghaidh chun imirt i gcoinne a chéile sna babhtaí idir-chontae. Mar shampla, d'imir Dúrlas Éile as Tiobrad Árann i gcoinne Meelick as Gaillimh sa chéad chomórtas sa bhliain 1887. Bunaíodh na foirne contae sa bhliain 1895, nuair a bhailigh Corcaigh na hiománaithe is fearr le chéile ó na clubanna sa chontae. Tar éis tamall, cuireadh tús leis an gcraobh cúigeach i gCúige Mumhan, Cúige Laighean, Cúige Connacht agus Cúige Uladh. Díbirt dhíreach a bhí ann. D'imir na buaiteoirí ó na cúigí i gcoinne a chéile, sna cluichí leath-cheannais. Mhair an córas seo suas go dtí na 1990í, nuair a bhain an CLG triail as an "gcóras chúl-dhoras" sa chraobh i 1997.

Buaiteoirí

Foireann Buaiteoir Bua is déanaí Dara áit Caillteanas is deánaí
1 Cill Chainnigh 30 2007 24 2004
2 Corcaigh 30 2005 18 2006
3 Tiobrad Árann 25 2001 10 1997
4 Íomhá:Limerick crest.gif Luimneach 7 1973 8 2007
5 Loch Garman 6 1996 11 1977
Átha Cliath 6 1938 14 1961
7 Uíbh Fhailí 4 1998 3 2000
Gaillimh 4 1988 17 2005
9 An Chláir 3 1997 4 2002
10 Port Láirge 2 1959 3 1963
11 Laois 1 1915 2 1949
Íomhá:London City coa.png Londain 1 1901 3 1903
Ciarraí 1 1891

Scórálaithe is fearra

# Imreoir Foireann Cúl is cúlíní Cluichí
1 Éadbhard Ó Cathaoir Cill Chainnigh 36-307 (415pt) 50
2 Anraí Ó Sibhleáin* Cill Chainnigh 19-308 (365pt) 41
3 Criostóir Uí Rinn Corcaigh 33-208 (307pt) 64
4 D. S. Ó Ciara Cill Chainnigh 34-195 (297pt) 57
5 Eoin Ó Ceallaigh* Tiobrad Árann 12-239 (275pt) 34
6 Nioclás Mac Riocaird Loch Garman 59-96 (273pt) 36
7 Pól Ó Floinn* Port Láirge 24-180 (252pt) 41
8 Searlas Mac Carthaigh Corcaigh 28-153 (237pt) 45
9 Seosamh Ó Déin* Corcaigh 2-229 (235pt) 44
10 Séamus Ó Dúghaill Tiobrad Árann 18-176 (230pt) 39
11 Séamas Langtún Cill Chainnigh 16-159 (207pt) 27
  • (*) Ag imirt fós.

Naisc sheachtracha