An difríocht idir athruithe ar: "Iomáint"
Ag ceartú na téarmaí, ag bogadh eolais timpeall, ag baint amach íomhá le téarmaí mí-chruinn |
m →Naisc sheachtracha: Gae. |
||
Líne 122: | Líne 122: | ||
* [http://www.hurling-club.com.ar Iománaíocht san [[An Airgintín|Airgintín]]] |
* [http://www.hurling-club.com.ar Iománaíocht san [[An Airgintín|Airgintín]]] |
||
* [http://www.gaelicfootball.com.au/hurling.htm Iománaíocht san [[an Astráil|Astráil]] agus san [[An Nua-Shéalainn|Nua-Shéalainn]]] |
* [http://www.gaelicfootball.com.au/hurling.htm Iománaíocht san [[an Astráil|Astráil]] agus san [[An Nua-Shéalainn|Nua-Shéalainn]]] |
||
* [http://www.gaelicgazette.com/brianmcginn.htm An |
* [http://www.gaelicgazette.com/brianmcginn.htm An chéad chluiche iomána i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]]] |
||
{{Múnla:Cluichí Ghaelacha}} |
{{Múnla:Cluichí Ghaelacha}} |
Leagan ó 18:29, 26 Meitheamh 2008
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cluiche foirne atá san iomáint (nó iománaíocht) ina mbaintear feidhm as maide ar a dtugtar camán agus liathróid ar a dtugtar sliotar. Tá bunús réamhstairiúil ag an spórt, a imrítear in Éirinn don chuid is mó, agus deirtear go bhfuil sí ar cheann de na cluichí foirne is sciobthaí ar domhan. Ceann de na cluichí Gaelacha atá inti, agus is é an Cumann Lúthchleas Gael a reachtálaíonn í. Tugtar an chamógaíocht ar an leagan den chluiche a imríonn mná.
Is é cuspóir an chluiche níos mó pointí a bhaint amach ná an taobh eile. Déantar scóráil nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Tá trastomhas 65mm (2.55 orlach) ag an sliotar agus tá sé clúdaithe le leathair. Déanta as adhmad na fuinseoige, tá an camán idir 26–40 orlach i leith, le ceann leata ar a dtugtar bas. Tá an bas níos mó ar chamán an chúl báire, chun é a bheith ábalta an sliotar a stopadh. Nuair a bhuailtear an sliotar, is féidir é a thiomáint ag 150 km/h agus suas go 100m ar fhad.
Tá baint ag an iomáint le camanachd nó iomain (shinty i mBéarla), cluiche a imrítear don chuid is mó in Albain.
Rialacha
An pháirc imeartha
Tá an pháirc imeartha 140 méadar (153 slat) ar fhad, le péire cuaillí ar gach taobh. Tá cuma "H" ar na cuaillí, ar nós cuaillí rugbaí ach tá líon ag a mbun mar atá i sacar. Tá na cuaillí 6.4 méadar (7 slat) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 2.13 méadar (7 dtroigh) os cionn na talún. Tá línte trasna na páirce ag 13 méadar, 20 méadar agus 65 méadar ó na cúl-línte. Is é an pháirc imeartha céanna a úsáidtear i bpeil Ghaelach.
Na foirne
Tá cúig imreoir déag i ngach foireann, agus úsáidtear an leag amach céanna i gcónaí. Tá cúl báire amháin (uimhir 1), seisear cosantóir (uimhreacha 2-7), beirt imreoir lar-páirce (uimhreacha 8 agus 9) agus seisear ionsaitheoir (uimhreacha 10-15). Bíonn an cúl báire gléasta i ndath difriúil ó na himreoirí eile. Tá cúigear fear ionaid déag (uimhreacha 16 agus ar aghaidh), agus is féidir cúigear a úsáid in aon chluiche amháin.
An liathróid
Chun an sliotar a bhogadh ó áit amháin go dtí áit eile, is iad na rudaí atá ceadaithe ná:
- Ag tabhairt buail (nó poc) leis an gcamán
- Ag déanamh pas boise (nó pas láimhe) leis an lámh
- Ag ciceáil (tá sé ceadaithe, ach níl sé ró-éifeachtúil)
Is iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:
- Ag piocadh an liathróid go díreach ón dtalamh
- Ag caitheamh an liathróid
- Ag rith níos mó ná ceithre choiscéim gan pasáil nó preab a dhéanamh ar an gcamán
- Ag gabháil an liathróid trí huaire i ndiaidh a chéile gan tadhall leis an talamh
- Ag caitheamh an liathróid ó lámh amháin go dtí an lámh eile
- Ag caitheamh nó ag tabhairt pas boise isteach sa chúl
- Ag caitheamh an camáin
- Ag déanamh scór nuair a bhfaigheann an ionsaitheoir an liathróid istigh sa chearnóg
Ag scóráil
Déantar scóráil nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Buaitear cúl, le luach trí phointe (nó cúilíní), nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna. Léiríonn an moltóir brat glas nuair atá cúl déanta. Buaitear pointe amháin (cúilín) nuair a chuirtear an sliotar thar an trasnán, agus taispeánann an moltóir brat bán. Taispeántar na scóranna san fhormáid {cúl}-{cúilíní}. Mar shampla, i gcás cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006, b'é an toradh deiridh Cill Chainnigh 1-16 Corcaigh 1-13 (bhí an bua ag Cill Chainnigh, lé trí chúilín).
Comórtais
Is iad Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann agus Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta na príomh-chomórtais sa spórt.
Iománaithe cáiliúla
- Nioclás Mac Riocaird as Loch Garman
- Criostóir Uí Rinn as Corcaigh
- Seán Ó Dúghaill as Tiobraid Árann
- D. S. Ó Ciara as Cill Chainnigh
- Seán Ó Conghaile as Gaillimh
- Seán Ó Céin as Port Láirge
Foireann na Mílaoise
Roghnaíodh Foireann na Mílaoise sa bhliain 1999 as na h-imreoirí is fearr a d'imir an spóirt idir 1884 agus an bhliain 2000. B'iad an CLG agus na h-iriseoirí spóirt a roghnaigh an fhoireann.
Cúl báire | |||
Antóin Ó Roideacháin (Tiobrad Árann) |
|||
Lánchúlaí deas | Lánchúlaí láir | Lánchúlaí clé | |
Seán Ó Dúghaill (Tiobrad Árann) |
Nioclás Ó Domhnaill (Loch Garman) |
Roibeaird Mac Riocaird (Loch Garman) | |
Leathchúlaí deas | Leathchúlaí láir | Leathchúlaí clé | |
Pádraig Ó Faoláin (Cill Chainnigh) |
Seán Ó Céin (Port Láirge) |
Brian Ó Faoileacháin (Uíbh Fhailí) | |
Lár na páirce | |||
Seán Ó Loingsigh (Corcaigh) |
Lorcán Ó Meachair (Cill Chainnigh) | ||
Leatosaí deas | Leatosaí láir | Leatosaí clé | |
Criostóir Uí Rinn (Corcaigh) |
Mícheál Mac Aodha (Luimneach) |
Séamas Langtún (Cill Chainnigh) | |
Lántosaí deas | Lántosaí láir | Lántosaí clé | |
Éadbhard Ó Cathaoir (Cill Chainnigh) |
Réamann Ó Coimín (Corcaigh) |
Séamas Ó Dúghaill (Tiobrad Árann) |
Naisc sheachtracha
- Suíomh oifigiúil CLG
- Treoracha iománaíochta: Uimhir a hAon, Uimhir a Dó, Uimhir a Trí.
- Sports.ie Hurling — Nuacht, cluichí agus torthaí
- The Continental Youth Championships
- Iománaíocht san Airgintín
- Iománaíocht san Astráil agus san Nua-Shéalainn
- An chéad chluiche iomána i Stáit Aontaithe Mheiriceá