An difríocht idir athruithe ar: "An Chasaicis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: ba:Ҡазаҡ теле
m robot Adding: szl:Kazachsko godka
Líne 78: Líne 78:
[[sv:Kazakiska]]
[[sv:Kazakiska]]
[[sw:Kikazakhi]]
[[sw:Kikazakhi]]
[[szl:Kazachsko godka]]
[[tg:Забони қазоқӣ]]
[[tg:Забони қазоқӣ]]
[[th:ภาษาคาซัค]]
[[th:ภาษาคาซัค]]

Leagan ó 21:05, 7 Meitheamh 2008

Teimpléad:Teanga Is í an Chasaicis (Қазақ тілі/Qazaq tili) an teanga a labhraítear sa Chasacstáin. Teanga Thurcach, nó teanga Tuircice, atá ann, agus í gaolmhar leis na teangacha a labhraítear san Úisbéiceastáin, sa Chirgeastáin, sa Tuircméanastáin, san Asarbaiseáin agus sa Tuirc. Is í an Chasaicis "teanga stáit" na Casacstáine, ach san am céanna, is í an Rúisis an "teanga oifigiúil", agus iad siúd féin ar Casacaigh eitneacha iad, is fearr le cuid mhór acu an Rúisis a úsáid le haghaidh cumarsáid oifigiúil nó gnó. I dtuaisceart na tíre, tá an Rúisis i bhfad níos coitianta ná an Chasaicis, ós rud é go raibh inimirce na Rúiseach ansin an-láidir nuair a bhí an tAontas Sóivéadach ann.

Baineann an Chasaicis leis an bhfoghrúpa de na teangacha Turcacha ar a dtugtar Kazakh-Nogay, rud a chiallaíonn gurb iad an teanga Nogay agus an Characalpaicis an dá theanga is gaolmhaire léi. Le fírinne, níl sa Characalpaicis ach canúint Casaicise a labhraítear san Úisbéiceastáin, ach mar ba dual dóibh, chruthaigh na húdaráis Shóivéadacha caighdeán scríofa ar leith do na Caracalpacaigh le ding a chur idir na dreamanna eitneacha éagsúla.

Cosúil leis na teangacha Tuircice eile, is teanga tháite í an Chasaicis, is é sin, tá a gramadach bunaithe ar iarmhíreanna gramadúla iliomadúla a "tháthaítear" don fhocal. Saintréith thipiciúil eile de chuid na dteangacha Tuircice eile é freisin comhtheacht na ngutaí. Is é sin, má bhíonn ceann de na gutaí cúil (a, o, u, y /ы/) i dtamhan an fhocail, beidh ceann acu siúd san iarmhír ghramadúil fosta, agus má bhíonn ceann de na gutaí tosaigh (e, i, ä /ә/, ü, ö) sa tamhan, beidh ceann acu san iarmhír chomh maith.

Labhraíonn 10 milliún duine Casaicis sa Chasacstáin féin. Thairis sin, tá mionlaigh shubstaintiúla Chasacacha sa Rúis (timpeall is leathmhilliún), sa tSín (dhá mhilliún) agus sa Mhongóil (dhá chéad míle).

Is í an aibítir Choireallach a úsáidtear leis an gCasaicis a scríobh inniu, cé gur baineadh triail as an aibítir Laidineach thiar sna fichidí, nuair a bhí an tAontas Sóivéadach ag iarraidh an cultúr forásach Iartharach a thabhairt isteach. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, caitheadh an aibítir Iartharach i dtraipisí, agus tháinig an aibítir Choireallach in úsáid ina háit. Ba chuid é seo den dóigh ar éirigh saol polaitíochta na tíre go léir cineál paranóideach nuair a shealbhaigh Stailín an chumhacht. Roimh lá an tSóivéadachais, baineadh triail as na litreacha Arabacha freisin, agus is iad na litreacha a úsáideann Casacaigh na Síne inniu féin.

I Mí Dheireadh Fómhair 2006, d'fhógair Nursultan Nazarbayev, Uachtarán na Casacstáine, gur theastaigh uaidh an aibítir Laidineach a thabhairt isteach arís. Choimisiúnaigh sé tionscadal taighde le fáil amach, conas ab fhearr an t-athrú seo a chur i gcrích. Glactar leis go bhfuil an tír leis an aibítir a mhalartú sa deireadh, ós rud é gur mian leis na maithe is na móruaisle fáil réidh d'iarsmaí an choilíneachais Rúisigh agus an Chasacstáin a cheangal ní ba dhlúithe de chúrsaíocht na heacnamaíochta idirnáisiúnta.

Cúpla Focal

  • Сәлеметсіз бе (Sälemetsiz be) - Dia duit
  • Амансыз ба (Amansyz be) - Dia is Muire duit
  • Халыңыз қалай? (Khalyngyz qalay) - Conas atá tú?
  • Хал қалай? (Khal qalay) - Conas atá na cúrsaí?
  • Халым жаман емес (Khalym zhaman emes) - Níl siad go dona
  • Ρахмет (Rachmyet) - Go raibh maith agat