An difríocht idir athruithe ar: "Fásteanga"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: oc:Creòl (lenga) Removing: cy:Creol
Líne 12: Líne 12:


* Tá an [[Paipeamaintis|Phaipeamaintis]] á labhairt in [[Aruba]], [[Bonaire]], agus [[Curacao]]. Tá sí bunaithe ar an [[Spáinnis]] agus ar an b[[Portaingéilis]], ach thairis sin, tá roinnt mhaith focal ón [[Ollainnis]] agus ón m[[Béarla]] ann.
* Tá an [[Paipeamaintis|Phaipeamaintis]] á labhairt in [[Aruba]], [[Bonaire]], agus [[Curacao]]. Tá sí bunaithe ar an [[Spáinnis]] agus ar an b[[Portaingéilis]], ach thairis sin, tá roinnt mhaith focal ón [[Ollainnis]] agus ón m[[Béarla]] ann.

* Labhraíonn an chuid is mó de mhuintir [[Háití]] fásteanga, ''Kreyòl'', atá bunaithe ar an bh[[Fraincis]].


* Tá an teanga ''Saramacca'' nó ''Saamáka'' á labhairt i [[Suranam]] agus sa [[An Ghuáin Fhrancach|Ghuáin Fhrancach]]. Tá sí bunaithe ar an bPortaingéilis, ar an Ollainnis agus ar an mBéarla araon, agus í breac le focail ó Iarthar na hAfraice. Díol suime do na teangeolaithe is ea é go bhfuil lorg na dteangacha Afracánacha fiú ar chóras gramadaí agus fuaimeanna na teanga Saramacca. Mar shampla, is [[teanga thonúil]] í, is é sin, is féidir nach n-aithnítear dhá fhocal difriúla ó chéile ach ar an tuin a théann leo. Teangacha tonúla iad teangacha Iarthar na hAfraice de ghnáth, murab ionann agus na teangacha Eorpacha a d'fhág a sliocht ar an teanga Saramacca.
* Tá an teanga ''Saramacca'' nó ''Saamáka'' á labhairt i [[Suranam]] agus sa [[An Ghuáin Fhrancach|Ghuáin Fhrancach]]. Tá sí bunaithe ar an bPortaingéilis, ar an Ollainnis agus ar an mBéarla araon, agus í breac le focail ó Iarthar na hAfraice. Díol suime do na teangeolaithe is ea é go bhfuil lorg na dteangacha Afracánacha fiú ar chóras gramadaí agus fuaimeanna na teanga Saramacca. Mar shampla, is [[teanga thonúil]] í, is é sin, is féidir nach n-aithnítear dhá fhocal difriúla ó chéile ach ar an tuin a théann leo. Teangacha tonúla iad teangacha Iarthar na hAfraice de ghnáth, murab ionann agus na teangacha Eorpacha a d'fhág a sliocht ar an teanga Saramacca.

Leagan ó 12:11, 7 Meitheamh 2008

Is é an rud atá i gceist le fásteanga (creole) ná iar-nasctheanga a bhfuil cainteoirí dúchais aici. Má shaolaítear clann do lánúin nach bhfuil de theanga chomhchumarsáide acu ach an nasctheanga, foghlaimeoidh an chlann an nasctheanga mar theanga dhúchais, agus nuair a fhoghlaimeoidh, ní bheidh siad i bhfad ag baint a gcasadh féin as an teanga seo. Má fhásteangaítear nasctheanga ar an dóigh seo, is dual di an-saibhreas friotail agus teilgeanacha dúchasacha cainte a fhorbairt go nádúrtha spontáineach, agus rialacha na gramadaí féin ag éirí níos casta. Ansin, is minic nach dtuigeann na tuismitheoirí a gclann go rómhaith, agus an leagan fásteangaithe den nasctheanga á labhairt acu.

Sa chuid is mó de na cásanna, tá an nasctheanga fáiscthe as mórtheanga Eorpach ar nós an Bhéarla nó na Fraincise. Bíonn cainteoirí na mórtheanga sin in ann an nasctheanga a thuiscint agus a fhoghlaim go tapa, siúd is go mbíonn siad den bharúil gur leagan truaillithe nó páistiúil den bhunteanga atá ann. Má chloiseann siad na cainteoirí dúchais ag labhairt leagan fásteangaithe den teanga chéanna, beidh siad dallraithe ar fad ag an teanga dhúchoimhthíoch seo, agus is ar éigean a aithneoidh siad aon ghaol aici lena dteanga féin.

Mar sin féin, má théann an mhórtheanga sin i bhfeidhm ar an bhfásteanga, is féidir don fhásteanga éirí cosúil léi arís. Dí-fhásteangú a thugtar ar an bpróiseas seo. In Iamáice, mar shampla, tá an leagan áitiúil fásteangaithe den Bhéarla, an Patwa, i síor-theagmháil leis an mBéarla caighdeánaithe. Ní dheachaigh an fhásteanga in éag go fóill, ós rud é go bhfuil meas ag na daoine uirthi mar shiombail don chultúr áitiúil, ar nós an cheoil reggae.

An cineál baint atá ag an teanga Patwa in Iamáice leis an mBéarla caighdeánach, tugtar contanóid iar-fhásteangach (Béarla: post-creole continuum) uirthi. Go bunúsach, is é is brí leis an gcontanóid seo go bhfuil an fhásteanga agus an teanga chaighdeánach as ar fhorbair an fhásteanga lena lá, go bhfuil siad i dteagmháil i gcónaí, agus iad araon beo sa tsochaí. Mar sin, níl teorainn shoiléir idir an teanga chaighdeánach - an ardchanúint (acrolect) - agus an fhíor-fhásteanga - an bhunchanúint (basilect) - ach tá teacht ar leaganacha idir eatarthu freisin, is é sin, an mheánchanúint (mesolect).

Creidtear gur comhartha é an chontanóid iar-fhásteangach go bhfuil an fhásteanga á dí-fhásteangú agus, mar sin, go bhfuil sí ag imeacht faoi bhrú na teanga caighdeánaí. Is dócha, mar shampla, nach bhfuil an bhunchanúint Iamáiceach ag iarraidh cur in aghaidh iasachtaí agus tionchair ón mBéarla caighdeánach. Iad siúd i sochaí Iamáice a dteastaíonn stádas níos airde acu, is follasach go ndéanann siad aithris ar an mBéarla caighdeánach, ós é an teanga ghalánta, ardnósach, mhórluachach é, agus ar ndóigh, osclaíonn sé an domhan mór taobh amuigh den oileán chúng don Iamáiceach a bhfuil peirspictíochtaí níos leithne uaidh.

Fásteangacha tábhachtacha

  • Labhraíonn an chuid is mó de mhuintir Háití fásteanga, Kreyòl, atá bunaithe ar an bhFraincis.
  • Tá an teanga SaramaccaSaamáka á labhairt i Suranam agus sa Ghuáin Fhrancach. Tá sí bunaithe ar an bPortaingéilis, ar an Ollainnis agus ar an mBéarla araon, agus í breac le focail ó Iarthar na hAfraice. Díol suime do na teangeolaithe is ea é go bhfuil lorg na dteangacha Afracánacha fiú ar chóras gramadaí agus fuaimeanna na teanga Saramacca. Mar shampla, is teanga thonúil í, is é sin, is féidir nach n-aithnítear dhá fhocal difriúla ó chéile ach ar an tuin a théann leo. Teangacha tonúla iad teangacha Iarthar na hAfraice de ghnáth, murab ionann agus na teangacha Eorpacha a d'fhág a sliocht ar an teanga Saramacca.
  • Is í an teanga Bislama teanga náisiúnta Vanuatu, agus í bunaithe ar an mBéarla. Seo sliocht as amhrán náisiúnta Vanuatu, Yumi, Yumi, Yumi ("Sinne, Sinne, Sinne")
God i givim ples ya long yumi,
Yumi glat tumas long hem,
Yumi strong mo yumi fri long hem,
Yumi brata evriwan!
(Sanasaíocht: "God he give him place ya [be]long you-me/You-me glad too-much [be]long him/You-me strong more you-me free [be]long him/You-me brother everyone")
"Bhronn Dia an áit seo orainn, is mór an chúis áthais dúinn é, tá muid láidir agus saor sa tír seo, is bráithre sinn ar fad"
  • Patwa (< "patois") a thugtar ar chaint na sráide in Iamáice; bheadh sé chomh maith againn Iamáicis a thabhairt uirthi, nó is léir go bhfuil sí sách difriúil leis an mBéarla caighdeánach le go nglacfaí léi mar theanga ar leith. Tá an Iamáicis i dteagmháil leis an mBéarla caighdeánach, áfach, agus bíonn cuid mhór de na hIamáicigh in ann malartú ó Patwa go Béarla caighdeánach fiú i lár an tsrutha chainte.
  • Labhraítear leaganacha fásteangaithe den Spáinnis anseo agus ansiúd sna hOileáin Fhilipíneacha, cé nach bhfuil an Spáinnis chaighdeánach ach ag dornán beag daoine sna hoileáin. Tugtar ChavacanoChabacano ar na fásteangacha seo, cé nach aon teanga amháin atá i gceist leo, nó tháinig siad ar an bhfód in áiteanna éagsúla beag beann ar a chéile.